© Unknown author
E-Text: C.E.L.T.
1] DÁLA SHUIBHNE mhic Colmáin Chuair, rígh Dál
2] Araidhe, roaisnéidhsem remhainn do dhul ar fáinneal
3] & ar folúamain a cath, ba hedh ann fochann &
4] tucaitt tresa ttángattar na hairrdhena & na habarta
5] fúalaing & folúaimhnighe sin fáoi-siumh tar chách a
6] ccoitchinne & febh tecómhnaccair dhó iaromh.
7] Báoi aroile naoimh-erlumh uasal oirdnidhe hi
8] tír nÉrenn .i. Rónán Fionn, mac Beraigh, mic
9] Criodáin, mic Earclogha, mic Érnainne, mic Urene,
10] mic Seachnusaigh, mic Coluim Chúile, mic Muiredhaigh,
11] mic Laogaire, mic Néill, .i. fer comhailte tiomna
12] Dé & congmála cuinge crábuidh & fuilngthe ingreama
13] ar sgáth an Choimdedh an fer sin. Ba mogh-sén
14] díles diongmála do Dhia, ar nobhíodh ag crochadh
15] a chuirp ar grádh Dé & do tuilledh fochraicciu dia
16] anmain. Ba sgíath dhídin fri drochaimsibh diabhail
17] & doáilchibh an fer mín muinterrdha mórmhonarach
18] sin.
19] Robaoi-sidhe fecht ann ag tórainn chille i nDál
20] Araidhe .i. Ceall Luinni a comhainm. As é robadh
21] rígh ar Dhál Araidhe an ionbaidh sin .i. an Suibhne,
22] mac Colmáin, adrubrumar. Rocuala 'diu Suibhne
23] airm a raibhi guth chluig Rónáin ag tórainn na
24] cille, go rofhíarfacht dia muintir cidh adchualadar.
25] 'Rónán Fionn mac Bearaigh,' ar síad, 'atá ag
26] tórainn chille it chrích-si & it fheronn & as é guth
27] a chluig itchluini-si anosa.' Rolonnaigedh & rofergaigedh
28] go mór antí Suibhne & roéirigh go dian
29] deinmneadhach do dhíochar an chléirigh ón chill.
30] Tarraidh a bhainchéile .i. Eorann ingen Chuinn
31] Chiannachta eiti an bhrait chortharaigh chorcra
32] robhúi ime dia fhosdudh, go rosging fón teach an
32] sioball airgid aeinghil co míneagur óir robhaoi san
34] brat ós a bruinne. Lasodhain fágbaidh a bhrat ag
35] an ríogain & dothaod roimhi lomnocht ina réim
36] roiretha do dhíochar an chléirigh ón chill co riacht
37] áit ina raibhe Rónán.
38] As amhlaidh robhúi an cléirech ar cionn Suibhne
39] an ionbaidh sin, ag moladh rígh nimhe & talman .i.
40] ag solusghabáil a pshalm & a pshaltair líneach lánáluinn
41] ina fhiadhnuisi. Dosfuairgaibh Suibhne an pshaltair
42] go rotheilg a bfudhomhuin an locha lionnfoair robhaoi
43] 'na fharradh go robáidedh ann í. Rogabh Suibhne
44] lámh Rónáin iarsin co rotharraing ina dhiaigh é tar
45] an ccill amach & níor léicc láimh an chlérigh úaidh
46] fós no go ccúala an éighemh. As é dorinne an
47] éighemh sin .i. giolla Congail Chlaoin mic Sgannláin,
48] arna thecht ar cenn Shuibhne ó Chongal féin do
49] chur chatha Mhuighe Rath. Ó ráinic an giolla co
50] háit n-iomagallmha fri Suibhne adféd sgéla dhó ó
51] thús go deredh. Téit trá Suibhne lasan ngiolla &
52] fágbaidh an clérech go dubhach dobrónach ar
53] mbádudh a pshaltrach & iar ndénamh a dhímigni & a
54] esonóra.
55] Diuidh laoi co n-oidhche iarsin doriacht dobarchú
56] robúi isin loch dochum Rónáin & a pshaitair leis gan
57] milledh líne ná litri inte. Dobert Ronán altugudh
58] buidi do Dia trésan mirbuile sin & mallachais Suibhne
59] iaromh, conadh edh roráidh: 'Mo ched-sa fri ced an
60] Choimdedh chumachdaigh,' ar sæ, 'amail táinicsiomh
61] dom dhíochur-sa & é lomnocht, gurab amhlaidh
62] sin bhías {folio 82b} do ghrés lomnocht ar faoinnel & ar
63] folúamhain sechnóin an domhain, gurab bás do rinn
64] nosbéra. Mo mallacht-sa for Suibhne bheós & mo
65] bhennacht for Eorainn rothriall a fhostudh & fós
66] fágbhaim-si do chloinn Choimáin an lá atchífit an
67] psaltair si robáidedh la Suibhne gurab díth &
68] dílghenn dóibh'; & atbert in láid:
Rónán
- 69] 'Suibniu mac Colmáin romchráidh,
70] romtharraing leis ar leathláimh,
71] d' fhághháil Chille Luinne lais
72] dom beith athaigh 'na hégmais.
- 73] Táinig chugum 'na rith rod
74] amail rochóala mo chlog,
75] tug leis feirg n-adhbhal n-anba
76] dom athchar, dom ionnarba.
- 77] Leasg lem-sa mh'athchar abhus
78] ón bhaile céda rabhus,
79] gérbo lium-sa robadh lesg
80] do Dhía táinic a thoirmesg.
- 81] Níor léig mo lámh as a láimh
82] co ccóalaidh an éighemh n-áin,
83] go n-ébreadh ris: 'tair don chath,
84] doriacht Domhnall Magh ránRath.'
- 85] Dodheachaidh maith dhamh-sa dhe,
86] ní ris rugus a bhuidhe,
87] ó doriacht fios an chatha
88] do shoighidh an ardflatha.
- 89] Ro-ionnsaigh an cath go cían
90] dár chláon a chonn is a chíall,
91] sirfidh Éirinn 'na gheilt ghlas
92] agus bidh do rinn raghas.
- 93] Mo pshaltair doghabh 'na láimh
94] dusfarlaic fón linn láin,
95] dorad Críst chugum gan chair
96] conár bhó misdi an pshaltair.
- 97] Lá co n-oidhche fán loch lán
98] is nír mhisdi an breac bán
99] dobhrán do dheóin Mic Dé dhe
100] doroidhnacht damh dorisse.
- 101] An pshaltair doghabh 'na láimh
102] fágbuim-se do chloinn Cholmháin,
103] bídh olcl do chloinn Cholmáin chain
104] an lá dochífed an pshaltair.
- 105] Lomnocht dodheachaidh sé sonn
106] dom thochrádh is dom thafonn,
107] as edh doghéna Día dhe,
108] bídh lomnocht dogrés Suibhne.
- 109] Rogabh gá astadh a brat
110] Eorann, ingen Chuinn Chiannacht,
111] mo bhennacht ar Eorainn de
112] is mo mallacht ar Suibhne.
S.
113] Dodheachaidh Rónán iarsin go Magh Rath
114] do dénamh síodha eitir Dhomhnall mac Aodha &
115] Congal Claon mac Sgannláin & níor fhéd a síodhugudh.
116] Doberthaoi immorro an cléreach i ccomairci eaturra
117] gach laoi go nach marbhtha neach and ón uair
118] rotoirmisgthi an cathugudh go cceadaighthi dóibh
119] doridhisi. Nomhilledh trá Suibhne cumairce an
120] chléirigh, uair gach sídh & gach osadh fogníodh
121] Rónán robrisedh Suibhne, ar nomharbadh fer ré tráth
122] an chomhlainn gach laoi & fer eile ré sgur an chomhlainn
123] gacha nóna. An lá dono rocinnedh an cath
124] mór do thabairt táinic Suibhne ria gcách dochum
125] an chatha.
126] As amhlaidh robaoi & léine sreabhnaidhe síodae
127] i cusdul frí gheilchnes dó & fúathróig do shról rígh
128] uime & an t-ionar tuc Congal dó an lá romarbh
129] Oilill Cédach rí Úa bFaoláin for Magh Rath, ionar
130] corcra comhdatha esein co cciumhius dlúith deghfhighthi
131] d'ór áluinn órloisghthi ris, co sreithegar gem
132] ccaomh ccarrmhogail ón chionn gór araill don
133] chiumhais sin, go stúaghlúbaibh síoda dar cnaipidhibh
134] caoiméttrochta re hiadhadh & re hosgladh and, {folio 83a}
135] go bfoirbreachtadh airgid áoingil gacha cáoi & gacha
136] conaire imthéighedh, crúaidhrinn chaoilshnáithaide
137] don ionar sin. Dhá shleigh shithfhoda slinnleathna
138] ina lámhaibh, sgíath breacbhuidhe bhúabhallda for a
139] mhuin, claideamh órdhoirn for a chlíu.
140] Táinic roimhe fón toichim sin co ttarla Rónán
141] dó & ochtar psalmchetlaidh dá muintir ina fharradh
142] & íad ag crothadh uisge coisreagtha dar na slúaghuibh
143] & roscroithset ar Suibhne hi ccuma cháich. Agus
144] andar leis-siomh bá dá fhochuidmedh rocroithedh an
145] t-uisge fair, & dorad a mhér a suainemh na sleighe
146] seimnidhe robhúi ina láimh & rosdiubhraic do
147] pshalmcheadlaidh do muintir Rónáin go romarbh
148] don oenorchar sin é. Dorad andara hurchar don
149] fhogha faobrach uillenngér dochum an chlérigh
150] budhdhén go rosben isin chlog robháoi for a ucht,
151] go rosging a crann as a n-airde isin aer, co n-ébairt
152] an cléireach: 'Guidhim-si an Coimde cumachtach',
153] ar sé, 'an ccomhairde dochúaidh crann an fhogha
154] isin aer & a néllaibh nimhe co ndeachair-si amail
155] gach n-ethaid & an bás roimris-si for mo dhalta-sa,
156] gurab eadh notbéra .i. bás do rinn, & mo mhallacht-sa
157] fort & mo bhennacht for Eorainn, Uradhrán & Telli
158] uaim i n-aghaidh do shíl & chloinne Colmáin Chuair,'
159] & itbert:
Colmáin
- 160] Mo mallacht for Shuibhne,
161] rium is mór a chionaidh,
162] a fhogha bláith builidh
163] dosháith trém chlog creadhail.
- 164] An clog sin roghonais
165] notchurfi-si ar cráobhaibh
166] gurbat aon ré hénaibh,
167] an clog náomh ré náomhaibh.
- 168] Mar dochuaidh i cédóir
169] crann an fhogha a n-airde
170] co ndeachair-si, a Shuibhne,
171] re gealtacht gan chairde.
- 172] Roghonais mo dhalta,
173] rodergais as t'fhogha,
174] bíaidh dhuit ann do chomha
175] gurab do rinn ragha.
- 176] Madh dá ttísat riom-sa
177] síol nEoghain go tteinne,
178] noscuirfet a ccrannacht
179] Uradhrán is Teille.
- 180] Uradhrán is Teille
181] roscursiod i ccrannacht,
182] an ced-sa, tré chorracht,
183] as let-sa mo mhallacht.
- 184] Bennacht uaim for Eorainn,
185] Eorann chaemh gan crannacht,
186] tré dhuilghe gan domacht
187] for Shuibhne mo mhallacht.'
Mallacht.
188] Ó rochomhracsiot iarom na catha cechtarrdha
189] robhúirset an damhradh dermháir adíu & anall amail
190] dámha damhghoire co ttuargaibhset trí tromghaire
191] ós aird. Ó'dchúala thrá Suibhne na gáire móra sin
192] & a fhuamanna & a freagartha i néllaibh nimhe & i
193] fraightibh na firmaminnte rofhéch Suibhne suas iarum
194] co rolíon nemhain & dobhar & dásacht & fáoinnel &
195] fúalang & folúamain & udmhaille, anbsaidhe &
196] anfhoistine, miosgais gach ionaid ina mbíodh & serc
197] gach ionaidh noco roichedh; romheirbhlighset a
198] meóir, rocriothnaighsiot a chosa, roluathadh a
199] chroidhe, roclódhadh a chédfadha, rosaobadh a
200] radharc, rotuitset a airm urnocht asa lámhuibh co
201] ndeachaidh la bréithir Rónáin ar gealtacht & ar
202] geinidecht amail gach n-ethaid n-æerdha.
203] An tan immorro doriacht asin ccath amach
204] ba hainminic nothaidhledh a chossa lár ar lúas a
205] réime & an tan nothaidhledh ní bhenfadh a drúcht
206] do bharrúachtar an fheóir ar éttroma & ar aerrdhacht
207] an chéme nochingedh. Ní roan don réim roiretha
208] sin co nár fág magh ná machairi ná maolshliabh,
209] móin ná muine ná mothar, cnoc ná cabhán, ná coill
210] chlithardhlúith a nÉirinn gan taisdeal an lá sin, go
211] ráinig co Ros Beraigh i nGlenn Earcáin co ndeachaidh
212] isin iobhar robhaoi isin glinn.
213] Romheabhaidh an cath re nDomhnall mac
214] Aodha an lá sin amail adrubrumar & rohaisnéidhsem
215] remhainn. Robhaoi éimh clíamuin do Suibhne isin
216] chath .i. Aonghus Remhar mac Ardghail mic Macníadh
217] {folio 83b} mic Ninnedha do thoathaibh Úa Ninnedha
218] do Dhál Aruidhe. Táinic sidhe a ráon madhma
219] asin ccath go mbuidhin dia muintir imalle fris & as
220] í conair táinic a nGlionn Earcáin. Baoi siumh trá
221] cona muintir ag iomrádh ar Suibhne ara iongantaoi
222] leó gan a bheó nó a mharbh d'fhaicsin ó rochomraicset
223] na catha, acht chena bá derbh leó gurab tré esgcáoine
224] Rónáin fodrúair gan fios a oidhedha. Rochualaidh
225] éimh Suibhne ar chansat & é isin iobar ósa ccionn,
226] & itbert:
Suibhne
- 227] 'A óga, tigidh a lle,
228] a fhiora Dhál Araidhe,
229] foghébhthaoi isin bhile a bfuil
230] an fer forsa táoi iarraidh.
- 231] Dodheónaidh Dia dhamh-sa sunn
232] betha iomnocht iomchumhang,
233] gan ceól is gan codladh sáim,
234] gan banchuire, cen bandáil.
- 235] Misi sunn ag Ros mBearaigh,
236] domrad Rónán fo mheabhail,
237] romsgar Dia rém dheilbh nád ró,
238] sgaraidh ré mh'eól, a ógó.
A óga.
239] Ó'dchualadar na fir Suibhne ag gabáil na rann
240] tugsat aithne fair & roráidhset fris taobh do thabairt
241] friú. Adbert-som nach ttiubradh tré bhith síor. Ó
242] robhádar-somh iarumh ag iadhad im an mbile
243] rotógaibh Suibhne uime co háithétrom aéerda óthá
244] sin co Cill Ríagain i tTír Chonuill & rothoirinn iarumh
245] a mbile na cille. As ag an mbile sin dorala do
246] Dhomhnall mac Aodha cona shluagaibh do ueith a
247] haithle an chatha & ó'dchonncadar an gheilt ag dol
248] isin mbile tángadar drong dona slóghaibh go roiadhsat
249] ina iomthacmhang ima ccuairt; gabhaid iarumh ag
250] tabairt túarusgbála na geilti ós aird, adberedh fer
251] ann bá ben, adberedh fer eile bá fer robhúi ann, go
252] ttarad Domhnall féin aithne fair, conadh ann
253] adbert: 'As é Suibhne fil ann,' ar sé, '.i. rígh Dál
254] Araidhe roesgcáoin Rónán an lá tugadh an cath.
255] Maith éimh an fer fil ann,' ar sé, '& dá madh áil leis
256] seóide & máoini d'fhagbáil fogébadh úainne da
257] ttugadh taobh frinn. Truag lem,' ar sé, 'iarsma
258] muintire Congail amlaidh sin, ar robtar maith &
259] robtar móra mo chomhada-sa do Chongal,' ar sé,
260] 're ccur an chatha, et robadh maith dono comairle
261] Choluim Chille don ghille úd féin dá ndeachaidh
262] lé Congal do chuingidh sochraidhe co rígh Alban im
263] aghaidh-si'; conadh ann adbert Dombnall an láid:
Domhnall
- 264] Cionnus sin, a Shuibhne sheing?
265] robadh tóiseuch mór ndíreim
266] an lá tugadh an cath clóen,
267] ar Macc Rath robadh rochóemh.
- 268] Cosmhuil do ghnúis érgna iar n-ól
269] re corcair no re coemhór,
270] cosmhuil do chúl gan chaire
271] re clúimh nó re casnaidhe.
- 272] Cosmhuil gné do chuirp choidche
273] re sneachta n-úar n-(r)LBcheck?æcnoidhche,
274] do rosg rogormadh mar ghloin,
275] mar oighreadh séimh snúadhamail.
- 276] Áluinn cuma do dá chos,
277] dar liom ní trén th'urradhus,
278] t'airm rathmara, ruicthis fuil,
279] robsat athlumha i n-iomghuin.{folio 84a}
- 280] Targaidh Colaim Cille dheit
281] nemh agus ríghe, a romheic,
282] díogháir tángais isin Magh
283] ó príomhfháidh nimhe is talmhan.
- 284] Adubairt Colum Cille,
285] fáidh fosaidh na fírinne,
286] líon ticcthi tar tuile theinn
287] ní riccthi uile a hÉirinn.
- 288] Targus-sa do Chongal Chlaon
289] tan robámar imaráon
290] bennacht fer nÉrenn uile,
291] ba mór an t-ioc énuige.
- 292] Muna gabha uaim-si sin,
293] a Chonghail chaoimh mic Sgannail,
294] ga breith bhéire, mór an modh,
295] orm-sa, más eadh, it aonor?
296] Gébhad-sa úait madh maith lat,
297] tabhair dhamh-sa do dhá mac,
298] do lámh dhiot is do bhen mbas,
299] t'ingen is do rosg rinnglas.
300] Nocha Béra acht rinn fri rind,
301] béd-sa choidche in bhar n-oirchill,
302] as é ar ccomhrádh iman ccacht,
303] beir-si lomnán mo mallacht.
- 304] Bidh cuid do chuifir do chorp,
305] beittid fiaich ar do thromthocht,
306] nodgonfa ga dremhan dubh
307] agus beir-si faon folumh.
- 308] Atáoi it áonar seach gach rígh
309] gum aimhles ó thír do thír,
310] rodlesaighes thairis sin
311] ón ló rondug do mháthair.
- 312] As ann fós tugadh an cath
313] ar an maighin a Muigh Rath,
314] robhúi bráon dar claideamh nglas,
315] torchair Congal Cláon cionnus.
Cionnus.
316] Ó'dchuala trá Suibhne sésdan na sochaidhe &
317] muirn an mórshlúaigh nostógbaidh uime asin mbile
318] re fraisnéllaibh na firmaiminti ós mullaighibh gacha
319] maighni & ós fhéigi gacha ferainn. Baoi fri ré chéin
320] iarsin seachnóin Érenn ag tadhall & ag turrag a
321] sgalpaibh cruadhcharrag & a ndosaibh crann urard
322] eidhneach & i ccuasaibh caolchumhguibh cloch ó inber
323] do inber & ó binn do binnd & ó glinn do glionn go ráinic
324] Glenn mbitháluinn mBolcáin. Ann no thathaigtis (?)
325] gealta Éirenn ó robadh slán a mbliadhain ar
326] gealtacht, ar as ionadh aoibhnesa móir an glenn
327] sin do gheltaibh do grés. Uair as amlaidh atá Glenn
328] mBolcáin & ceithre doirsi ag an ngaoith ann &
329] roschoill roáluinn rocháoin ann bheós & tiobrada
330] táobhghlana & uarána ionnfhuara & glaisi gainmidhe
331] glanuisgidhe & biorar barrghlas & fothlocht fann foda
332] for a lár. Iomda fhós a shamha & a shiomsáin & a
333] lus-bían & a biorragáin, a chaora & a chreamh, a
334] mhelle & a miodhbhun & áirnidhe dubha & a dercain
335] donna. Nobídh dono gach æ dona gealtaibh ag
336] tuargain a chéile im thogha biorair an ghlenna sin
337] & im roignibh a leptach.
338] Robúi dono Suibne athaigh fhoda isin ghlenn
339] sin conustarla aen na n-oidhche ann a mullach
340] sgíach urairde eidhnidhe robhaoi isin glinn. Robá
341] deacair dó-sumh iumfhhulang na leaptha sin, uair
342] gach cor & gach iompódh nochuiredh dhe nothegmadh
343] frais do dhealgaibh sgiach ann, co mbíttís ag tolladh
344] & ag treaghdadh a thaoibh & ag comhghuin a chnis.
345] Roaitherraigh Suibne iarum asin leabaidh sin dochum
346] ionaidh ele. As amhlaidh éimh robhúi an t-ionadh
347] sin & motharmhuine móirdreasa míndeilgneach ann &
348] áonchraobh dhíoghainn droighin ar na hionfhás {folio 84b}
349] na hénur trésan muine suas. Tairisedh Suibhne for
350] barr na craoibhe sin, sdúaghais & lúbais an croabh
351] chomhcháol robháoi faoi go ttarla béim n-asglainn
352] de trésan muine go ttorchair go lár talman, co nach
353] raibhe méd n-orlaigh ann ó a bhonn go a bhathais
354] gan fhuiliúgudh, gan forrdergudh fair. Adráigh
355] iaromh go héneirt anfann & dothoed trésan muine
356] amach, co n-ébairt: 'Mo chubhais éimh,' ar sé,
357] 'as deacair an bheatha so d'fhulang tar éis deghbhethad
358] & bliadhain gus aréir damh-sa forsan
359] mbethaidh-si'; conadh ann adbert an laoidh:
Suibhne
- 360] 'Bliadhain gus aréir
361] dhamh fó chiamhair chraobh
362] eitir tuile is tráigh
363] gan tuighe fom tháobh.
- 364] Gan cerchaill fóm chionn
365] eitir ferchloinn fhinn,
366] baeghal, a Dhé, dhúinn,
367] gan fhaohar, gan rinn.
- 368] Gan comhthocht fri mnáibh,
369] acht madh fothlacht fían,
370] as cuid iodhan óg,
371] biolar, as é ar mían.
- 372] Gan rúathar co rígh
373] am úathadh im eól,
374] gan airgni go hán.
375] gan chairde, gan cheól.
- 376] Gan chodladh, monúar,
377] go n-abrar a fhíor,
378] gan chobhair co cían,
379] as doraidh mo dhíol.
- 380] Gan tegh lomnán lán,
381] gan comhrádh bfher bfhíal,
382] gan rígh riom da rádh,
383] gan lionn is gan bíadh.
- 384] Trúagh romthearbadh sunn
385] rem shlúagh trealmach trom
386] im geilt géir tar gleann
387] gan chéill is gan chonn.
- 388] Gan bheth ar cuairt rígh
389] acht rúaig ar gach ráon
390] as í an mhire mhór,
391] a rí nimhe naomh.
- 392] Gan áos comhlán ciúil,
393] gan comhrádh fri mnáibh,
394] gan tiodhnacal séd,
395] tuc mh'ég, a Chríst cháidh.
- 396] Robádhus-sa feacht,
397] ge béo mar 'tú anocht,
398] ba neamhfhann mo nert
399] ar ferann nárbh olc.
- 400] Ar eachaibh co hán
401] i mbeathaid can bhrón,
402] ar mo ríghe raith
403] robsam rígh maith mór.
- 404] Beith mar 'tú 'na dhíaid
405] dot chreic, a Chríst cáidh,
406] im bhochtán gan brígh
407] a nGlionn Bolcáin báin.
- 408] An scé nach máoth barr
409] romthraoth is romtholl,
410] súaill nach ttuc mh' oididh,
411] an craobh droighin dhonn.
- 412] Cath Congail co cclú,
413] ba liach dhún fo dhí,
414] ba día mairt an maidhm,
415] lía ar mairbh 'náid ar mbí.
- 416] Ar faéinnel go fíor
417] gerbham saéirfher séimh,
418] isam triambain trógh
419] bliadhain gus aréir.'
Bliadhain
420] Robháoi-siumh amlaidh sin a nGlinn Bolcáin
421] go rostógaibh uime feacht ann co ráinic Clúain Cilli
422] a ccoiccrích Thíre Chonaill & Thíre Bóghaine.
423] Dochuaidh iarumh for sraith na tiopraidi gur chaith
424] biorar & uisge ann an oidhche sin. Téit iarumh a
425] mbile na cilli. As é ba hoirchinneach isin chill sin
426] Fáibhlen do muintir Brughaigh mic Deaghaidh &
427] táinic doinenn mór dermháir ann an oidhche sin gur
428] rochuir ar Suibhne go mór méd anshóidh na hoidhchi
429] sin & adbert-somh: 'Trúagh ámh,' ar sé, 'nach air
430] Muigh Rath rommharbadh-sa resíu nobheinn isin
431] deacair-si'; go n-ébairt an laoidh annso síosana go
432] léig:
Suibhne
- 433] Anocht is fúar an snechta,
434] fodeachta is búan mo bhochta,
435] nídom neirt isin deabuidh
436] im geilt romgeóghuin gorta.
- 437] Atchíd cách nídom chuchtach,
438] as lom i snáth mo cheirteach,
439] Suibhne mh'ainm ó Ros Ercáin,
440] as misi an gealtán gealtach.
- 441] Nídom fois ó thíg aghaidh,
442] ní thaidlenn mo chois conair,
443] nocha bíu sonna a ccíana,
444] domeccad ialla omhain.
- 445] Mo bháire tar muir mbarcláin
446] ar ndol tar sáile soclán,
447] rogab time mo nertán,
448] as mé gealtán Ghlinne Bolcáin.
- 449] Gaoth an reóidh ag mo rébadh,
450] sneachta romleón go léige,
451] an tsíon dom breith a n-éccuibh
452] do géccuibh gacha géicce.{folio 85a}
- 453] Romgonsat géga glasa
454] co rorébsat mo bossa,
455] ní fargaibhset na dreasa
456] damna creasa dom chossa.
- 457] Atá crioth ar mo lámha
458] tar gach mbioth fátha mbúaidre,
459] do Shlíabh Mis ar Sliabh Cuillenn,
460] do Shléibh Cuillenn co Cuailgne.
- 461] As trúagh mo nuallán' choidhche
462] i mullach Cruachán Oighle,
463] do Ghlinn Bolcáin for Íle,
464] do Chinn Tíre for Boirche.
- 465] Beg mo chuid ó thig laa,
466] ní thaét ar scáth lá noa,
467] barr biorair Chluana Cille
468] la gleorán Chille Cua.
- 469] An gen fil ag Ros Earcach
470] ní thair imnedh ná olcach,
471] as edh dombeir gan nerta
472] beith re sneachta go nochtach.'
Anocht
473] Táinic Suibhne roimhe iarumh co riacht an
474] chill ag Snámh dhá Én for Sionainn, dian comainm
475] Cluain Boirenn an tan sa; día na haoine dídine an
476] tsainridh ráinic-siumh annsin. As ann iarumh bádar
477] cléirigh na cille ag dénamh an uird nóna mná ag
478] túargain lín & ben ag breth leinb. 'Nior bhó cóir
479] éimh,' ar Suibhne, 'don mhnáoi aoine an Choimdedh
480] do mhilledh. Feibh thúairges an ben an líon,' ar
481] sé, 'as amhlaidh sin rotúairgeadh mo muinter-sa
482] isin chath a Maigh Rath.' Rochúalaidh-sion iarum
483] clog an esparta aga bhúain, conadh ann adbert:
484] 'Ba binne lem-sa éimh,' ar sé, 'guth na ccúach do
485] chloinsin ar bruach na Banna do gach leith inás
486] grig-gráig an chluig si atchluinim anocht,' co n-ébert
487] an laoidh:
Suibhne
- 488] Binne lem im na tonna
489] mh' ingne anocht cidh it cranna
490] ná gricc-gráicc chlogáin chille
491] an chú doní cúi Banna.
- 492] A bhen, ná tairbhir do mac
493] día na háoine dídine,
494] lá nach luingenn Suibhne Geilt
495] ar seirc rígh na fírinne.
- 496] Amail tuairgitt na mná an líon,
497] is fíor gé nomchluinter-sa,
498] amlaidh rothuairgit 'san chath
499] for Maigh Rath mo mhuinter-sa.
- 500] Ó Loch Diolair an aille
501] go Doire Coluim Chille
502] nocha deabaidh rochúala
503] ó ealaib búadha binne.
- 504] Dord daimh dhíthreibhe ós aille
505] bíos a Síodhmhuine Glinne,
506] nochan fuil ceól ar talmain
507] im anmuin acht a bhinne.
23-1 For this stanza and the following K has
- Binni leam im na tonna
m' adhbha anocht ciodhat crannda,
la nach loingenn Suibhne Geilt
ar seirc righ na firinde.
- A bhen na tairbhir do mhac
dia na haeini didine
na gricc gracc chlogáin cille
an cú doghnÍ cui banna.
- 508] A Chríost, a Chríost romchluine,
509] a Chríost, a Chríost gan bine,
510] a Chríost, a Chríost romchara,
511] ná romscara réd binne.
Binne
512] Roshiecht immorro Suibhne arnabhárach go
513] Cill Derfile gur chaith biorar na tiobraidi & an
514] t-uisge robhúi isin chill & táinic doinenn dermháir
515] isin oidchi go rosgab athtuirsi adhbhalmór & snímhche
516] Suibhne tria olcus a beathad & bheós rob imshníomhach
517] athtuirseach leis bheith a n-égmuis Dhál Araidhe;
518] conadh ann adbert na randa sae:
Suibhne
- 519] Mh'aghaidh a cCill Der ffile
520] as í robris mo chroidhe,
521] dursan damh, a mic mo Dhé,
522] sgaradh ré Dál nAraidhé.
- 523] Deichneamhar is deich cét laoch
524] rob é mo shlúagh ag Druim Fraoch,
525] ge beó gan treisi, a mic Dé,
526] ba misi a ccenn comairlé.
- 527] Múichnidhe mh'aghaidh anocht
528] gan giolla is gan longphort,
529] níorbh í mh'aghaidh ag Druim Damh,
530] meisi is Faolchú is Conghal.{folio 85b}
- 531] Mairg romfuirgedh risin dáil,
532] a mo ruire an ríchid ráin,
533] gen go bfhaghainn-si d'ulc dhe
534] go bráth acht an oidhchi-se.'
M'aghaidh
535] Seacht mbliadhna comhlána do Suibhne ar
536] fud Érenn as gach aird go aroile go ttoiracht aon na
537] oidhche ann co Glenn Bolcáin, fobith is ann robhaoi
538] a dhaingen & a dhúnárus comhnaidhe-siumh & ba
539] haoibhne leis oirisiumh & aittreabadh ann inás i
540] ngach ionadh a nÉrinn ina égmuis, úair doshoichedh
541] chuige as gach aird d'Éirinn & ní théighadh úadh
542] acht re huaman & re huiregla mhóir. Roairbhir
543] bhith Suibhne ann an aghaidh sin co ttoirracht
544] Loingseachán fora iarraidh isin maidin arnamhárach.
545] Adberat furenn ann gurbho mac máthar dhó-sumh
546] Loingseachán, adberat furenn eile ba comhalta, acht
547] cena cibé dhíbh sin é roba mór a dheithidin uimesiumh,
548] uair dochuaidh-siumh fo thrí for gealtacht &
549] dusfug-sumh fo thrí for ccúlaibh. Robhaoi Loingseachán
550] aga iarraidh-siomh don dul sin isin ghlionn,
551] co bfuair sliocht bharr a throighedh a mbruach na
552] glaisi isa biorar noithedh & fós fuair na craobha
553] nomheabhtaís fó a chosaibh ag aitherrach do bharr
554] an chroind for aroile. Ní bfuair-siumh dono an gheilt
555] an lá sin co ndeachaidh a faisteach folamh isin glinn
556] gur tuit a shúan toirrchim codalta fair ann iar
557] mórshaothar luirg Suibhni forsa raibbe iarair. Doluidh
558] iaromh Suibhne fora shliocht-somh go mbúi forsan
559] teach co ccúalaidh iarum srainn Loingseacháin ann;
560] conadh iarsin adbert an láoidh-si:
Suibhne
- 561] 'An fer ag froig focherd srainn,
562] súan mar soin nocha lámhaim,
563] seacht mbliadhna ón mhairt a Muigh Rath
564] nochar chotlus tinneabradh.
- 565] Do chath rod,
566] a Dhé nimhe, ní ma lott,
567] bá Suibhne Geilt m'ainm iar sin,
568] mh'aonar dhamh a mbarr eidhin.
- 569] Biorar thiobrad Drorma Cirb,
570] as é mo shásadh im theirt,
571] as aithnidh orm gnúis a ghné,
572] as fíor is mé Suibhne Geilt.
- 573] Dearbh as misi Suibhne Geilt
574] fer contuil fo choemhna ceirt,
575] im Shlíabh Líag má do cló
576] domseannad na fiora so.
- 577] An tan ba-sum Suibhne sruith
578] arbhirinn bith a n-úarbhuith
579] i seisg, a sesgonn, i sléibh:
580] rorer m'eól ar eidirchéin.
- 581] Atlochar don rígh-si thúas
582] las nach gnáth an t-iomarchrúas,
583] as edh romucc as mo riocht
584] a mhéd robhá for écciort.
- 585] As fuit, fuit damh ó nach mair
586] mo chollan i n-eidhnechaibh,
587] feraidh mór do shíonaibh air
588] agus mór do thoirneachaibh.
- 589] Gidh im beó ó gach dinn do dhinn
590] isin slíobh ós iubairghlinn,
591] áit i fargbadh Congal Cláon
592] monúar ná romfargbadh faon.
- 593] Meinic m'ong
594] cían óm relic mo theach toll,
595] nídom nía acht im geilt ghann,
596] Dia romchlann i cceirt gan chonn.
- 597] As mór báos
598] a Glinn Bolcáin acht cé taés,
599] fil mór do abhlaibh a nGlinn
600] Bolcáin do éimhedh (?) mo chinn.
- 601] Biorar glas
602] agus deogh d'uisge glain,
603] nosibhim, ní thibim gen,
604] ní hionann san fer ag froigh.
- 605] Eidir corraibh Cúailghne saimh,
606] eitir chúanaibh ó thig gaimh,
607] fó chéibh chaille gach re seal,
608] ní hionann san fer ag fraigh.{folio 86a}
- 609] Glenn mBolcáin mbil bél re gáoith
610] ima ngairid geilte glinne,
611] ní chodlaim ann, monuar dhamh,
612] am trúaighe ná an fer ag fraigh.'
An fer
613] A haithle na láidhe sin doluidh-siumh isin
614] oidhche ar ccionn co muilenn Loingseacháin;
615] aonchailleach ag a choimhéd-sidhi .i. Lonnóg inghen
616] Duibh Dhithribh máthair mhná Loingseacháin.
617] Táinic Suibhne isin teach cuice & tuc sí mírenna beca
618] dhó & robhúi fri ré chían ag aithighidh an mhuilinn
619] amhlaidh sin. Luid Loingseachán for a shliocht-somh
620] lá n-ann conusfaca for taidhin an mhuilinn é & téit
621] d'agallamh na caillighi .i. co Lonnóig máthair a
622] mhná. 'An ttáinic Suibhne 'san muilenn, a chaillech?'
623] ar Loingseachán. 'Robúi aréir co déidhenach sunn,'
624] ar an chaillech. Rogabh iarum Loingseachán ceirt
625] na caillighe uime & roan isin muilenn tar éis na
626] caillighe & táinic Suibhne an oidhche sin don mhuilinn
627] co ttug aithne ar Loingseachán. Ó'dchonnarc a
628] shúile co ling úadha focédóir dar forlés an tighe
629] amach & adbert: 'A Loingseacháin,' ar sé, 'as
630] trúagh th'amus orm-sa arim thafann as mh'ionadh &
631] as gach ionadh is diliu lium i nÉrinn & ó nach
632] léig Rónán damh-sa taobh do thabhairt friot as
633] liosda lenamhnach dhuit ueith dom lenmhuin'; &
634] dorinne an laoidh so ann:
Suibhne
- 635] A Loingseacháin, liosda sin,
636] nochan úain damh t'agalloimh,
637] ní léig dhamh Rónán taobh friot,
638] as é domrad a n-ainriocht.
- 639] Doradus urchar gan ágh
640] a lár an chatha ar Rónán,
641] co robhen isin chlog chain
642] robhaoi for ucht an chléirigh.
- 643] Mar dotheilgius urchar n-án
644] do lár an chatha ar Rónán,
645] 'ced duit', ar an cléireach cain,
646] 'dul araén risna hénaibh.'
- 647] Iarsin rolinges-sa súas
648] isin aéér eadarbhúas,
649] ní rolinges ó 'tú beó
650] æinléim badh héttromó.
- 651] Dá madh isin maidin múaidh,
652] isin Mairt a haithle an Lúain,
653] nochar úallcha neach anú
654] a leith re hóglách m'aosú.
- 655] As iongnadh lem inní atchiú,
656] a fhir rodhealbh an lá aniú,
657] ceirt na caillighi ar an clár,
658] dá shúil lúatha Loingsecháin.'
A
659] 'As trúagh an mheabail rob áil duit do
660] dhénamh orm-sa, a Loingsecháin,' ar sé '& ná bí ag
661] mo thochrádh ní as sía, acht eirg dot thoigh & raghat-sa
662] róm gonige an baile itá Eorann' .
663] As amhlaidh éimh robhúi Eorann an tan sin
664] ar ffeis le Guaire mac Congail mic Sgannláin, ar rob
665] í Eorann fa ben do Suibhne, uair robháttar dá
666] bhráthair isin tír & ba comhdhúthaigh dhóibh an
667] ríghe rofagaibh Suibhne .i. Guaire mac Congail, mic
668] Sgannláin, & Eochaidh mac Condlo, mic Sgannláin.
669] Rosiacht trá Suibne gonige an baile ina raibhe
670] Eorann. Dodheachaidh Gúaire do sheilg an lá sin &
671] ba sí conair dochúaidh co muinchinn Sléibe Fuaid
672] & im Sgirig Chinn Ghlinne & im Éttan Tairb. As ann
673] robaoi a longport im Glenn Bolcáin risa ráiter Glenn
674] Chíach aniú i machaire Chineoil Ainmirech. Deisidh
675] iarumh an gheilt for fordhorus na boithe i raibhe
676] Eorann, conadh ann itbert: 'An cumhain let a
677] ingen,' ar sé, 'an grádh romór dorad cach uainn dá
678] chéle an ionbaidh robhámar imaráon? Agus is
679] suanach sádail duit-si,'ar sé, '& ní headh dhamh-sa';
680] conadh an adbert Suibhne & rofhregair Eorann é:
681] {folio 86b}
- 682] 'Súanach sin, a Eorann án,
683] i leith leaptha red lennán,
684] ní hionann is misi ibhus,
685] cian ó atú-sa ar anbfhorus.
- 686] Roráidhis, a Eorann oll,
687] aithesg álainn iméttrom
688] co ná beitheá it bheathaidh dhe
689] sgaradh énlá ré Suibhne.
- 690] Aniú is suaithnidh co prab,
691] beg let brígh do shencharad,
692] te duit ar chlúimh cholcaidh cain,
693] úar damh-sa amuigh co madain.
- 694] As mochen duit, a gheilt ghlan,
695] tú is tocha d' feruibh talman,
696] gidh súanach is suaill mo chlí
697] ón lá itcuala tú ar neimhní.
- 698] As tocha let mac in rígh,
699] beriustú d'ól gan imshníomh,
700] as é do thochmarc togha,
701] ní íarr sibh bhar senchara.
- 702] Ce nombéredh mac an rígh
703] do thoigibh óil gan imshniomh,
704] ferr liom feds i ccuas cháol chroinn
705] let, a fhir, día notcaomhsoinn.
- 706] Dá ttuctha mo rogha dhamh
707] d' feruibh Éirenn is Alban,
708] ferr lem it chomair gan chol
709] ar uisge agus ar bhiorar
- 710] Ní conair do deghmhnáoi dhil,
711] Suibhne sunn ar sliocht imnidh
712] fuar mo leaptha ag Ard Abhla,
713] nídot terca m' fhúaradhbha.
- 714] Córa duit serc agus grádh
715] don fhior 'gá táoi th'aénarán
716] iná do gheilt ghairbh ghortaigh
717] uathaigh, omhnaigh, urnochtaigh.
- 718] Monúar ámh, a gheilt ghníomhach,
719] do ueth éittigh imshníomhach,
720] saoth lem do chnes rochlói dath,
721] dreasa is droighin gut rébadh.
- 722] Ní dá chairiughadh dhamh ort,
723] a mháothainder mháothéttrocht,
724] Críst mac Muire, mór da cacht,
725] é domrad a n-éccomhnart.
- 726] Robadh maith lem ar mbeth araén
727] co ttigeadh clúmh ar ar ttaobh,
728] co sirfinn soircni is doirchi
729] let gach lá is gach énoidhche.
- 730] Adaigh dhamh-sa a mBoirchi bhinn,
731] ránac Túath Inbhir áloinn,
732] rosirius Magh Fáil co fraigh,
733] tairlius do Cill Uí Súanaigh.
S.
734] Ní thairnic dhó acht sin do rádh an uair
735] rolíon an slúagh an longphort as gach aird. Téidsiumh
736] iarumh ina réim romhadhma for teichedh
737] amail ba minic leis. Ní roan-somh don réim sin co
738] ráinic ría n-oidhchi co Ros mBeraigh .i. an cét-cill
739] ag ar oiris a haithle catha Muighe Rath & dochóidh
740] isin iobar robhúidh isin chill. Muireadach mac
741] Earca dano, as é ba hairchinneach isin cill an tan
742] sin. Dorala iarum ben an oirchinnigh ag gabáil
743] secha an inbhar co bfaca an gheilt ann & tuc aithne
744] fair guruó é Suibhne robhúi ann, co n-ébert sí fris:
745] 'Táir asin iubhar, a rí Dhál Araidhe,' ar sí, 'atá,
746] baeghal áonmhná sunna agad.' Do ghabáil na
747] geilti & dá brégadh & cealgadh atrubhairt sí ind sin.
748] 'Nocha ragha éimh,' ar Suibhne, 'ar nachamtáir
749] Loingseachán & a bhen, ar robhúi tan ba husa dhuit
750] aithni form-sa inás aniú'; conadh ann atbert na
751] runna sa síos ann:
Suibhne
- 752] 'A bhen dobheir aithne form
753] do rennuibh do rosg roghorm,
754] robhúi tan ba ferr mo gné
755] i n-airecht Dál Araidhé.
- 756] Rochláochaighes dealbh is dath
757] ón air tánag asin chath,
758] robo misi an Suibhne seng
759] atchúaladar fir Éreand.
- 760] Bí-si gut fhior is gut thoigh,
761] nocha biu-sa a Ros mBeraigh,
762] ní chomhracfem go bráth mbán,
763] misi agus tusa, a bhenaccán.'
A bhen.
764] Doluidh-siomh iarumh asin iubhar co héttrom
765] æerdha & tóet roimhe co ráinic isin mbile ag Ros
766] Earcáin, úair dobhádar trí dúnáruis aigi-siumh ina
767] cclechtadh comnaidhe do dhénamh ina thír feisin .i.
768] Teach mic Ninnedha & Cluain Creamha & Ros Earcáin.
769] Robháoi-siumh iarum co cenn cáocáoisi ar mhís isin
770] iubhar sin gan airiughudh, co frith ann a ionadh & a
771] adhbha {folio 87a} fo dheóidh, co ndernadh comairle ag
772] maithibh Dhál Araidhe cia dorachadh da gabáil co
773] nderbertatar uili ba hé Loingseachán robadh cóir
774] do chur ann. Rogab Loingseachán immorro do
775] láimh teacht frisin toisg sin & luidh roimhe co ttáinic
776] dochum an iubhair ina mbáoi Suibhne, conusfacaidh
777] an gheilt ar an ccráoibh úasa. 'Truagh sin, a
778] Suibhne,' ar sé, 'conadh é th'íerdraighe bheith
779] amhlaidh sin gan bhíadh, gan digh, gan édach amail
780] gach n-ethaid n-aéerdha, ier mbeith a n-éttaighibh
781] sróldae síregdha ar eachaibh ána allmurdha co
782] sríanaibh soinemhla dhuit, & mná málla maisecha
783] let & iomad macaomh & míolchon & degháos gacha
784] dána, iomad slúagh, iomdha iolarrdha d'urradhuibh
785] & do tháoisechuibh & d'óigthighernaidhibh, do
786] brughadhuibh & do bhiatachaibh dot réir. Iomad
787] cúach & copán & benn mbreacegair mbúabhaill im
788] lennuibh somblasda so-óla let bhéos. Dursan duit
789] bheith fon ionnus sin amail gach n-én ttruag ttarimtheachtach
790] ó dhíthribh do dhíthribh.' 'Leig as a
791] le, a Loingseacháin,' ar Suibhne, 'as edh sin robhúi
792] i ttoici dhúinn, & in bfhuilid sgéla mo thíri leat-sa
793] dhamh? ' 'Atád éimh,' ar Loingseachan, 'uair
794] roég th'athair.' 'Domgaibh dom fhormadh ón,' ar
795] sé. 'Do mháthair dono dh' ég,' ar an giolla.
796] 'Rohanadh dom oirchisecht a ufecht sa,' ar sé.
797] 'Marbh do bráthair,' ar Loingseachán. 'Toll mo
798] thaobh don leith sin,' ar Suibhne. 'Marbh th'ingen,'
799] ar Loingseachán. 'Snáthad chroidhe dano éiningen,'
800] ar Suibhne. 'Marbh do mac atbeiredh a phopa
801] friot,' ar Loingseachán. 'Fíor ón,' ar sé, 'as é sin
802] an banna dobheir an fer co lár'; conadh ann atbertsat
803] an laoidh etarra .i. Loingseachán & Suibhne:
- 804] A Suibhne a Sléibh na nEach
805] n-ard?
806] robsat fuileach faobharghargc,
807] ar Chríost rodchuir a ccarcra
808] dámh comhrádh red chomhalta
- 809] Eist rium-sa má romchluini,
810] a rí rán, a ríghruire,
811] co n-innisinn tré mhíne
812] sgéla dhuit do dheighthíre.
- 813] Ní marthain at thír tar th'éis,
814] as dó tánag dá aisnéis,
815] marbh do bhráthair ann co
816] mblaidh,
817] marbh th'athair is do mháthair.
- 818] Mása mharbh mo mháthair mhín
819] deacraidi damh dol dom thír,
820] cían ó rochair sí mo chorp
821] roscair sí friom oirchisecht.
- 822] Baoth comairle gach mic mhir
823] ag nach mairid a shinnsir,
824] amail as crom craobh fo chnoibh,
825] toll taobh ó bheith gan bhráthair.
- 826] Atá urbaidh oile ann
827] cáointer ag feruibh Éireann
828] cidh garbh do thaobh is do
829] throigh,
830] marbh do bhen chaomh dot
831] chumaidh.
- 832] Tigedhus do bbeith gan mnáoi,
833] as iomramh luinge gan láoi,
834] as cad(r)údh(?) clúimhe re cnes,
835] as adúdh re hénoires.'
- 836] Atchúala sgél n-uathmar n-ard
837] ima raibhe gul glégharg,
838] as dorn im dhíaidh cia bé dhe
839] atáoi gan tshíair, a Suibhne.
- 840] Seinbhríathar so, serb an snomh,
841] nocha lium-sa as airfidiudh,
842] anaidh grían chiúin in gach cladh,
843] caraidh siúr cen co ccarthar.
- 844] Nocha legar laoigh co búaibh
845] agoinn i nAruidhe uair,
846] ós marbh th'ingen chaomh
847] rodchar
848] maráon is mac do sheathar.
- 849] Mac mo shethar is mo chú,
850] nocham ttréigfittís ar bhú,
851] as táthad uilc re himnedh,
852] snáthad chroidhe éninghen.
- 853] Atá sgél eile co mbloidh,
854] as leasg lem a innisin,
855] fir Aradh go ngaoineimh nglic
856] atád ag cáoineadh th'énmhic.
857] {folio 87b}
- 858] As é sin an banna co mbloidh
859] dobheir an fer co talmain,
860] mac beg adberedh popa
861] do ueith oga gan anmain.
- 862] Romfritháil chugad don chraoibh,
863] súaill nacha nderna anmáoin,
864] nocha nfuilnghim thúas don
865] beirt
866] ó rochuala tásg mh'éinmhic.
- 867] Ó doriachtais, a laoich láin,
868] eidir dí láimh Loingseacháin
869] mairidh do mhuintir uile
870] a ua Eachach Sálbhuidhe.
- 871] Bí it tocht, tigeadh do chiall,
872] thoir atá do theach is ní thiar,
873] fada ód thír tángais a lle,
874] as é so a fhíor, a Suibhne.
- 875] Aoibhne leat eitir dhamaibh
876] i feadhuibh i fidbhadhaibh,
877] iná codladh it dhún thoir,
878] ar chlúimh agus ar cholcaidh.
- 879] Ferr let bheth ar chraoibh
880] chuilinn
881] i ttaoibh linni an lúathmhuilinn
882] iná bheith a ngrinne ghlan,
883] is gille óga it fharradh.
- 884] Da ccodailteá i ccígibh cnoc
885] re tédaibh míne mennchrot,
886] binni leat fo bharr doiri
887] cronán dhaimh dhuinn dhamh-
888] ghoiri.
- 889] At lúaithe ná gaoth tar glen,
890] as tú éingheilt na hÉirenn,
891] glédonn th'aobh, tasci a lle,
892] bat ségonn saor, a Suibhne.
892]
A.S.
894] Atróchair éimh Suibhni asin iubhar ó rochuala
895] tásg a éinmhic, gur ro-iadh Loingseachán a dhá
896] láimh thairis & rochuir cuibhreach fora lámhaibh.
897] Ro-innis dó iaromh a muinter do mharthain uile &
898] rug leis é gusin ionadh i rabhadar maithe Dhál
899] Araidhe. Tucaid dono glais & gébhenna eaturra
900] aca-somh faoi Suibhne & roherbadh do Loingseachán,
901] a breith leis co cenn caocaoisi ar mhís. Ruc-sumh
902] iarum Suibhne leis & robhádar maithe an chúigedh
903] chuigi & úadha frisin ré sin. Táinic trá a chiall & a
904] chuimhne dhó a ffoircenn na rée sin. Táinic bheós
905] a chruth & a dhealbh budhdhéin dó. Robhenaid a
906] chuibhrighe de & rosamhlaidhedh a ríghe fris.
907] Táinic ionbaidh fhoghamhair ann fáoi sin & luidh
908] Loingseachán cona muinter do bhuain lá n-ann.
909] Rocuiredh eision a ttuilg Loingseacháin iar mbéin
910] a glais de & ar ttecht a chéille dhó. Rohíadhadh an
911] tuilg fair & níor fágbadh neach ina fharradh acht an
912] chailleach namá .i. cailleach an mhuilinn & rohaithnidhedh
913] dhí gan comhrádh do shoighin ar Suibhne.
914] Ara áoi sien roshoigh sí cóir chomhráidh air-siomh co
915] rofhiafraigh ní día imthechtuibh dhe oiread robhaoi
916] ar gealtacht. 'Mallacht for do bhél, a chailleach,'
917] ar Suibhne, 'as olc a n-abra, ní léigfi Día mo bheith-si
918] for gealtacht doridhisi.' 'Maith a fios agum-sa,' ar
919] an chailleach, 'gurab é sárugudh Rónáin fodera duit
920] dul for gealtacht.' 'A bhen,' ar sé, 'is gránna duit
921] beth gom brath & gom bíathadh.' 'Nocha brath
922] edir,' ar sí, 'acht fírinne'; & adúbairt Suibhne:
- 923] A chailleach an mhuilinn thall,
924] cid duit mo chor ar imrall?
925] nach meabhail deit tré bháigh
926] mban
927] mo brath agus mo biathadh?
- 928] Nocha misi dobhraith thú
929] a Shuinne, cidh caomh do chlú,
930] acht ferta Rónáin do nimh
931] rolá it gheilt eidir ghealtuibh.
- 932] Dá madh misi is go madh mé
933] badh rígh ar Dhál Araidhé,
934] robudh mana duirn tar smech,
935] nochatfia cuirm, a chaillech.'
936]
A chaillech.
937] 'A chailleach,' ar sé, 'is mór do dheacraibh
938] fuarus-sa dá ufestá-sa é, mór léim ndoiligh rolinges-sa
939] ó gach diongna & ó gach dionn, ó gach fuithir & ó
940] gach fáinghlenn di aroile'. 'Ar Día friot,' ar an
941] chaillech, 'ling dúinn léim doná léimennuibh sin
942] anois rolingtheá it ghealtacht.' Rolincc-siomh iarumh
943] léim tar colbha na tuilgi co ráinic cenn na hairidhni
944] síos. 'Mo chubhuis éimh,' ar an chaillech, 'rolingfinnosi
945] féin an léim sin.' Roling sí ón fón ccuma cédna.
946] {folio 88a} Roling-siomh léim eile afar forlés na bruighniu
947] amach. 'Rolingfinn-si dono sin,' ar an chaillech,
948] & roling fo cédóir. Acht chena ba sedh a chumair.
949] Roshir Suibhne cúig tríocha chéd Dhál Araidhe roimpe
950] an lá sin co ráinic Glenn na nEachtach i Fidh Gaibhle
951] & rolen sí é frisin ré sin. Ó rothairis Suibhne ar
952] barr craoibhe urairde eidhnighe annsin, rothairis an
953] chaillech ar crann eile ina fharradh; a nderedh an
954] fhóghamhair do sunnradh ind sin, conadh ann
955] atchuala Suibhne gáir shealga na sochaidhe ind-imeal
956] an fheadha. 'Gáir mórshhlaig so,' ar sé, '& as iad
957] Úi Faeláin failet ann ag techt dom mharbadh-sa a
958] ndíoghail Oiliolla Cédaigh .i. rígh Ua bFaéláin
959] romharbhus-sa i ccath Muighe Rath.' Atchúalaidhsiomh
9609] búiriudh an doimh alla, & dorinni an laoidh
961] & tuc testmolta crann Éirenn ós aird innte & ag
962] foraithmheadh araill dia dheacruibh & dia imshníomh
963] budhdhéin; go ndébairt annso:
964] A bhennáin, a bhúiredháin,
965] a bhéiceadháin bintt,
966] is binn linn an cúicherán
967] dogní tú 'san ghlintt.
968] Eólchaire mo mhendatáin
969] dorala ar mo chéill,
970] na lois isin machaire,
971] na hois isin tshléibh.
- 972] A dhair dhosach dhuilledhach,
973] at ard ós cionn croinn;
974] a cholláin, a chraobhacháin,
975] a chomhra cnó cuill.
- 976] A fhern, nídot náimhdidhe,
977] as áloinn do lí,
978] nídat cuma sceó sceanbaidhi
979] ar an mbeirn a mbí.
- 980] A dhroighnéin, a dhealgnacháin,
981] a áirneacháin duibh,
982] a bhiorair, a bharrghlasáin,
983] do bhrú thobair luin.
- 984] A mhínén na conaire
985] at millsi gach luibh,
986] a ghlasáin, a adhghlasáin,
987] a lus forsa mbí in t-shuibh.
- 988] A abhall, a abhlachóg,
989] trén rotchraithenn cách,
990] a chaerthainn, a chaeirecháin,
991] as áloinn do bhláth.
- 992] A dhriseóg, a dhruimnechóg,
993] ní damha cert cuir,
994] ní ana gum leadradh-sa
995] gursat lomlán d'fuil.
- 996] A iubhair, a iubhracháin,
997] i reilgibh bat réil,
998] a eidhinn, a eidhneacháin,
999] at gnáth a ccoill chéir.
- 1000] A chuilinn, a chlithmharáin,
1001] a chomhla re gáoith,
1002] a uinnes, a urbhadach,
1003] a arm lámha láoich.
- 1004] A bheithi bláith bennachtach,
1005] a bhorrfadaigh bhinn,
1006] áluinn gach craobh cengailteach
1007] i mullach do chinn.
- 1008] Crithach ara criothugudh,
1009] atchluinim ma seach
1010] a duille for riothugudh,
1011] dar leam as í an chreach.
- 1012] Mo mhioscais i fidhbadhuibh,
1013] ní cheilim ar chách,
1014] gamhnach dharach duilleadhach
1015] ar siubhal go gnáth.
- 1016] As olc sén ar mhilles-sa
1017] oineach Rónáin Fhinn,
1018] a fherta rombúaidhretar,
1019] a chlogáin ón chill.
- 1020] As olc sén a fúarus-sa
1021] earradh Conghail chóir,
1022] a ionar caomh cumhdachtghlan
1023] co ccortharaibh óir.
- 1024] Rob é guth gach aenduine
1025] don t-shlóg dhédla daith,
1026] na tegh uaibh fán ccaelmhuine
1027] fer an ionair mhaith.
- 1028] Gonaidh, marbaidh, airligidh,
1029] gabhaid uile a eill,
1030] cuiridh é, cidh lór do chion,
1031] ar bior is ar beinn.
- 1032] Na marcaigh dom tharrachtain
1033] dar Magh Cobha cruinn,
1034] ní roich úaidhibh aenurchar
1035] dhamh-sa dar mo dhruim.
- 1036] Ag dula dar eidhneachuibh,
1037] ní cheilim, a láoich,
1038] degurchar na gothnaide
1039] dhamh-sa résan ngáoith.
- 1040] A ellteóg, a luirgnechóg,
1041] fuarush-sa do ghreim,
1042] misi ort ag marcaighecht
1043] as gach beinn a mbeinn.
- 1044] Ó Charn Cornáin comhramhach
1045] co beinn Slébhe Níadh,
1046] o bheinn Slébhi Uillinne
1047] rigim Crota Clíach.
- 1048] Ó Chrotaibh Clíach comhdhála
1049] co Carn Lifthi Luirc
1050] rigim ré tráth iarnóna
1051] co Beinn Ghulbain guirt.
- 1052] M'adhaigh ría ccath Conghaile,
1053] roba síorsan lem,
1054] síu nobheinn for udmhaille
1055] ag siredh na mbenn.
- 1056] Glenn mBolcáin mo bhithá
1057] fíor fuarus a greim,
1058] mór n-oidhchi rofripthálus
1059] rioth roithrén re beinn.
- 1060] Dá sirinn am aonaidhe
1061] sléibhti domhain duinn,
1062] ferr liom ionadh aonboithe
1063] i nGlionn Bolcáin buirr.
- 1064] Maith a uisci iodhanghlas,
1065] maith a ghaoth ghlan gharg,
1066] maith a bhiorar biorurglass,
1067] ferr a fhothlacht ard.
- 1068] Maith a eidhnech iodhnaidhe,
1069] maith a shoil ghlan grinn,
1070] maith a iubhar iubraidhe,
1071] ferr a bheithe binnd.
- 1072] Dá ttíosta-sa, a Loingseacháin,
1073] chugum in gach riocht,
1074] gach n-oidhche dom agallaimh
1075] bés ní anfainn friot.
- 1076] Ní anfainn re t' agallaimh
1077] munbadh sgél romgétt,
1078] athair, máthair, ingen, mhac,
1079] bráthair, ben balc d'écc. {folio 88b}
- 1080] Dá ttisteá dorn agallaimh
1081] ní budh ferrde leam,
1082] rosirfinn ria madanraidh
1083] sléibhti Boirchi benn.
- 1084] Do mhuilenn an mheanmaráin
1085] domheilte do thúaith,
1086] a thrúagháin, a thuirseacháin,
1087] a Luingseacháin lúaith.
- 1088] A chailleach an mhuilinn-si,
1089] cidh 'mongeibhe mh'eill?
1090] mh' égnach duit itchluinim-si,
1091] is tú amuigh ar an mbeinn.
1092] A chailleach, a chuirrchennach,
1093] an ragha for each?
1094] Noraghainn, a thuirrchennach,
1095] munam faicinn neach.
1096] Dá ndeachar, a Shuibhneacháin,
1097] rob soraidh mo léim.
1098] Dá ttóra-sa, a chaillcheacháin,
1099] ní ris sís slán céill.
- 1100] Ní cóir éimh a n-abraidh-si,
1101] a mhic Colmáin Chais,
1102] nach ferrdi mo mharcachus
1103] gan tuitim tar mh'ais?
- 1104] As cóir éimh a n-abraim-si,
1105] a chailleach gan chéill,
1106] demhan agat th'aidhmilliudh,
1107] romillis fadhéin.
- 1108] Nach ferrde let mh'ealadhain,
1109] a ghelt shaerrdha sheng,
1110] mo beth agat lenamain
1111] a mullaighibh na mbenn?
- 1112] Dosán eidhinn iomúallach
1113] fásas tré chrann chas,
1114] dá mbeinn-si 'na certmhullach
1115] noághsainn techt ass.
- 1116] Teichim riasna huiseóga,
1117] as é an trénrioth tenn,
1118] lingim tar na guiseóga
1119] a mullaighibh benn.
- 1120] Feran eidhinn iomuallach
1121] an tan éirghius duinn,
1122] goirid bhím da ttarrachtain
1123] ó rofás mo chlúimh.
- 1124] Creabhar osccar antuiccseach
1125] an tan éirghius damh,
1126] indar liom as dergnámha
1127] an lon dogní an sgal.
- 1128] Gach áonúair rolinginn-si
1129] co mbinn ar an lár,
1130] co fhaicinn an creamhthannán
1131] thíos ag creim na gcnámh.
- 1132] Seach gach coin a n-aidhnechuibh
1133] luath no gheibhedh m'eill,
1134] as é luas nolinginn-si
1135] co mbinn ar an mbeinn.
- 1136] Sionnaigh beca ag brégairecht
1137] chugum agus úaim,
1138] mic thíri ara lédairecht (?),
1139] teichim-si ré a ffúaim.
- 1140] Rothriallsat mo tharrachtain
1141] ag tocht 'na rioth thenn,
1142] gur teiches-sa reampa-somh
1143] a mullaighibh beann.
- 1144] Táinic friom mo thairmthechta
1145] gibé conair théis,
1146] as léir dhamh ar mh'airchisecht
1147] am caora gan léis.
- 1148] Bile Chille Lughaidhe
1149] i tuilim súan sáimh,
1150] ba haoibne i ré Chongaile
1151] aenach Line láin.
- 1152] Doraghae an reódh realtánach
1153] ferfas ar gach linn,
1154] asam suairreach, seachránach,
1155] misi fáoi ar an mbinn.
- 1156] Na corra go ccorrghaire
1157] i nGlionn Aighle úair,
1158] ealta d'énuibh iomlúatha
1159] chugum agus úaim.
- 1160] Ní charaim an sibheanradh
1161] dogniad fir is mná,
1162] binne liom a ceileabradh
1163] luin 'san aird ittá.
- 1164] Ní charaim in stocairecht
1165] atcluinim go moch,
1166] binne lium a crocairecht
1167] bruic a mBennuibh Broc.
- 1168] Ní charuim an chornairecht
1169] atchluinim go tenn,
1170] binni lium ag damhghairecht
1171] damh dá fhiched benn.
- 1172] Atá adhbur seisrighe
1173] as gach glionn i nglenn,
1174] gach damh ina freislighe
1175] a mullach na mbenn.
- 1176] Cidh iomdha dom dhamraidh-si
1177] as gach glinn i nglenn,
1178] ní minic lámh oiremhan
1179] ag dúnadh a mbenn.
- 1180] Damh Sléibhi aird Eibhlinne,
1181] damh Sléibhe Fúaid féigh,
1182] damh Ella, damh Orbhraidhe,
1183] damh lonn Locha Léin.
- 1184] Damh Seimhne, damh Latharna,
1185] damh Line na lenn,
1186] damh Cúailghni, damh Conachla,
1187] damh Bairni dá bhenn.
- 1188] A máthair na groidhi-si
1189] rolíathadh do lenn,
1190] ní fhuil damh at dheagaidh-si
1191] gan dá fhichead benn.
- 1192] Mó ná adhbhur leinníne
1193] roliathadh dot chenn,
1194] dá mbeinn ar gach beinníne
1195] beinníni ar gach mbenn.
- 1196] A dhoimh doní an fogharán
1197] chugum tar an nglenn,
1198] maith an t-ionadh foradhán(?)
1199] i mullach do bhenn.
- 1200] As mé Suibhni sirtheachán,
1201] luath reithim tar glenn,
1202] nocha n-é mh'ainm dlightheachán,
1203] mó is ainm damh Fer Benn.
- 1204] Tioprata is ferr fúarus-sa,
1205] tiopra Leithid Láin,
1206] tiopra is áille ionnuaire,
1207] úarán Dhúine Máil.
- 1208] Gidhat iomdha mh'imeirce
1209] mh'édach aniú is gerr,
1210] mé féin doní m'forfaire
1211] i mullach na mbend.
- 1212] A raithnech, a rúadhfhada,
1213] rorúadhadh do lenn,
1214] ní hosair fir fuagarta
1215] a ngabhlaibh do bhenn.
- 1216] Bidh ann bhias mo bhithlighi
1217] tes ag Tuidhin tenn,
1218] ag Tegh Moling biothainglighi
1219] thaethusa do bheind.
- 1220] Dorad misi it chumann-sa
1221] mallacht Rónáin Finn,
1222] a bhennáin, a bhúireadháin
1223] a bhéiceadáin binn.
A beannáin.
1224] {folio 89a}A haithle na láidhe sin táinic Suibhne
1225] a Fidh Gaibhle co Beinn mBóghaine, asséin co
1226] Beind Fhaibhne, aisséin co Ráith Murbuilg & ní ffuair
1227] a dhíon ar an ccailligh co ráinig co Dún Sobairce i
1228] nUltaibh. Roling Suibhne iarumh do bheinn an
1229] dúine síos cach ndíriuch riasan ccailligh. Roling sí
1230] co hiomhathlomh ina dheaghaidh co ttorchair do
1231] aill Dhúine Sobharci co ndernadh mionbhrúar &
1232] minchomairt dí ann co ttorchair isin bhfairrge, conadh
1233] amhlaidh sin fúair bás i ndedhaidh Suibhne.
]
1234] Atbert Suibhne iarsin: 'Ní bhíu-sa i nDál
1235] Araidhe fesda úair nommhuirfedh Loingseachán i
1236] ndiogail a chaillighi mé día mbeinn ara chumus.'
1237] Luid Suibhne iarumh co Ros Chomáin i Connachtuibh
1238] & rothoirinn for sraith an topuir co rochaith biorar
1239] & uisgi ann. Táinic ben a tigh an oircinnigh dochum
1240] an tobair. Forbhasach mac Fordhalaigh an
1241] t-oirchinneach sin. Rob í an bhean táinic ann,
1242] Finnsheng ingen Fhíndealaigh. Rotheich iarumh an
1243] gheilt reimpe & tuc sisi lámh tar an mbiorar báoi
1244] for an sruth. As ann robhúi Suibhne forsan mbili
1245] ina fiadhnuisi & robhúi ag éccáoine móir fa na chuid
1246] biorair do bhreth uadha conadh edh atbert: 'A
1247] bhen,' ar sé, 'as trúagh duit mo bhiorar do ureith
1248] úaim & dá festá mar atú úair ní dhénann fer túaithe
1249] ná fine mh'oirchisecht; ní théighim for aeidhideacht
1250] do thigh duine ar druim dhomain. As é mo búar
1251] mo bhiorar, as é mo mhíodh mh'uisci, as iad mo
1252] chairde mo chroinn crúadhloma cliothardhlúithe & cén
1253] co mberthá-sa mo biorar,' ar sé, 'as derb nocha
1254] beitheá gan ní anocht mar atú-sa tar éis mo bhiorair
1255] do breith úaim'; & dorinne an laoidh so:
- 1256] A bhen bhenus an biorar
1257] agus bherius in uisci,
1258] nocha betheá gan ní anocht
1259] gén co mbertheá mo chuid-si.
- 1260] Monúaran, a bhenagán,
1261] nocha ragha an leth raghad,
1262] misi amuigh a mbarraibh crann,
1263] tusa tall a tigh charad.
- 1264] Monúarán, a bhenagán,
1265] as fúar an ghaeth dománuig,
1266] nímoirchis máthair ná mac,
1267] ní fuil brat ar mo brághuid.
- 1268] Dá festá-sa, a bhenagán,
1269] mar atá sunna Suibhne,
1270] seach ní fhagaidh cuibhdhe neich,
1271] n fhagaidh nech3 ai chuibhdhe.
- 1272] Ní théighim a n-oirechtus
1273] edir óguibh mo thíre,
1274] ní déntar dam oinechtreas,
1275] ní théit mh'aire re ríghe.
- 1276] Ní théighim ar aeidhidheacht
1277] do thigh mic duine a nÉire,
1278] fa meince liom baéithgeltacht
1279] ar bennuibh corra slébhe.
- 1280] Ní tégar dom airfidedh
1281] athaigh ré ndul im lighi,
1282] nochan fhaghuim oirchisecht
1283] ó fer túaithe ná fini.
- 1284] Antan robsom Suibhni-si
1285] agus théighinn ar eachaibh,
1286] antan tig im chuimhni-si
1287] mairg romfuirgedh a mbethaidh.
- 1288] As mé Suibhne saéirchendaidh,
1289] as úar anaoibinn mh'ionadh,
1290] gé béo anocht ar bháithbendaibh
1291] a bhen bhenus mo bhiorar.
- 1292] As é mo mhíodh mh'uisci fúar,
1293] as é mo bhúar mo bhiorar,
1294] as íad mo charaid mo chroinn,
1295] ge 'tú gan leann, gan ionar.
- 1296] As úar anocht an adhaigh,
1297] gidh im bhocht ar áoi mbiorair,
1298] atchúala guth an ghioghruinn
1299] ós Imligh iomluim Iobhair.
- 1300] Atú gan brat, gan ionar,
1301] fada a ulc úair romleanadh,
1302] teichim re guth na cuirre
1303] mar budh buille rombenadh.
- 1304] Rigim co Dairbre ndaingen
1305] isna láibh aidhbhlibh earraigh,
1306] agus teichim ré n-oidhche
1307] síar co Boirche mbennaigh.
- 1308] Diamsat eólach, a fionnghág,
1309] mo ghort ní treórach tenngharg,
1310] atá nech dianad sgeile
1311] an t-eiri beri, a bhengág.
- 1312] At úara dotachuisin
1313] ar brú tobair ghlais greanaigh,
1314] deogh ghleórdha d'uisci iodhan
1315] agus an biorar bhenaidh.
- 1316] Mo chuid-si an biorar bheanaidh,
1317] cuid gheilte sáoire singi,
1318] sgingidh gaéth úar mam reandaibh
1319] do bendaibh gacha binni.
- 1320] As úar gaéth an mhadanraidh,
1321] doicc etrom is mh'ionar,
1322] nacha nfhétoim t'agalloimh,
1323] a bhen bhenus an mbiorar.
- 1324] Fágaibh mo chuid don Choimdhi
1325] rium-sa ná déna duilghe,
1326] móide foghébha cennacht,
1327] is beir bennacht, a Suibhne.
- 1328] Dénam cennach cert cubhaidh
1329] gé 'tú a mullach an iubhair,
1330] beir mh'ionar is mo chertín,
1331] fágaibh an mbertín mbiorair.
- 1332] As terc nech las am ionmhuin,
1333] ní fhuil mo theach ar talmain,
1334] uaim ó bhere mo bhiorar
1335] mo chuid chionadh ar th'anmain.
- 1336] Ní ris a nech rocharuis,
1337] meisdi don tí rolenuis,
1338] rofhágbhuis neach co daidbhir
1339] imon airbir robhenais.
- 1340] Creach na nGall ngorm dot gabháil,
1341] orm nocha dernais deghdháil,
1342] co bfaghbha on Choimdhe a chionaidh
1343] mo chuid biorair do bhenáil.{folio 89b}
- 1344] A bhen, chugud da ttóra
1345] Loingseachan atá rún reabha
1346] tabhair-si dhó trém chionaidh
1347] a leth an bhiorair bhena.
A bhen.
1348] Robáoi-siomh i Ros Chomáin an oidhche sin,
1349] luid aissein arnamhárach co Slíabh n-uráoibhinn
1350] nEachtghe, aissein co Slíabh mínaluinn Mis, aissein
1351] co Slíabh bennard Bladhma, aissein co hInis Mureadhaigh;
1352] coecáois ar mhís do intí-sein i n-uaimh
1353] Dhonnáin Eghæ, aissidhein co Carraic Alustair.
1354] Gabhaidh áite & ionadh ainsidhe & báoi caécaois ar
1355] mhís eile innti. Fagbhais í iarsin agus ceileabhraidh
1356] dhí; gonadh ann adbert ag tabhairt a dhocra féin
1357] ós aird annso:
- 1358] Duairc an bhetha-sa
1359] bheith gan maeithleaptha,
1360] adhbha úairsheaca,
1361] garbha gáoithshnechta.
- 1362] Gaoth uar oighreata,
1363] sgáth fann fainnghréine,
1364] fosgadh éinbhile,
1365] a mullach maighshléibhe.
- 1366] Fulang fraissíne,
1367] céim dar aisseóla,
1368] imthecht glaismhíne,
1369] madain ghlaisreódha.
- 1370] Gáir na damhraidhe
1371] ar fhud fidhbhuidhe,
1372] dréim re hoisbherna,
1373] fogar fionnmhuire.
- 1374] Maith, a mórChoimdhe,
1375] mór an meirbhnéll-sa,
1376] duilghe an duibhlén-sa,
1377] Suibhne an seingbhlén-sa.
- 1378] Rith dar breicbhernaibh
1370] Boirche boithleaptha,
1380] osnadh geamhoidhche,
1381] coss i ccloichshneachta.
- 1382] Luighe fliuchleapthach
1383] learga LoichÉirne,
1384] menma ar mhuichimthecht
1385] madan mhuichéirghe.
- 1386] Rith tar tuinnbeinnaibh
1387] Dúine Sobhairce,
1388] clúas re tromthonnaibh
1389] Dhúine Rodairce.
- 1390] Rith ón rathuinn-si
1391] co tuinn mbaéithBerbha,
1392] feis ar crúadhcholbha
1393] Dhúine caéimhChermna.
- 1394] O Dhún caoimhChearmna
1395] co Beinn mbláthmBoirne,
1396] clúas re clochadhart
1397] Crúacháin ghargOighle.
- 1398] Utmhall mh'imirce
1399] a muigh na Bóruime,
1400] ó Bheinn Iughoine
1401] go Beinn mBóghoine.
- 1402] Táinic chugum-sa
1403] neach romlámhaigh-si,
1404] ní romsíodhaigh-si
1405] bean romsáraigh-si.
- 1406] Rug mo chuidigh-si
1407] d'éis na cionadh-sa,
1408] truagh an monar-sa,
1409] adúas mo bhiorar-sa.
- 1410] Biorar bhuingim-si,
1411] biadha fionndlochtán,
1412] ceithre cronnghlacáin
1413] Glinne fionnBholcáin.
- 1414] Sásadh saicch m-si,
1415] suairc an monarán,
1416] deoch don uisgi-si,
1417] thiobrad fhionnRonán
- 1418] Corra mh'ingni-si,
1419] maeth mo chreasa-sa,
1420] toll mo chosa-sa,
1421] lom mo leasa-sa.
- 1422] Béraitt oram-sa
1423] fían co talchuraibh,
1424] cían ó Ultachaibh,
1425] triall a nAlbanchaibh.
- 1426] D'éis an astair-si
1427] truagh mo shanuslaidh,
1428] bith a ccrúadhchomaidh
1429] Chairrge Alastoir.
- 1430] Carraig Alastair,
1431] adhbha d' fáoilennaibh,
1432] truagh a Dhúilemhain,
1433] uar dhá háoidheadhaibh.
- 1434] Carraig Alastair,
1435] cloc na cruthailde,
1436] lór a leathairde,
1437] srón re sruthfhairrge.
- 1438] Truagh ar ccomhraic-ne,
1439] días chorr crúadhluirgnech,
1440] misi crúaidhleadhbach,
1441] sisi crúaidhghuilbnech.
- 1442] Fliuch na leaptha-sa
1443] itá mh'áras-sa,
1444] beg doshaoiles-sa
1445] gur chreg chádhasa.
- 1446] Olc do chláonChongal
1447] cath do tharrachtain,
1448] mar chuing n-imeachtair
1449] rothuill mallachtain.
- 1450] A cath RathMuighe
1451] tráth do rúachtas-sa
1452] re nguin mh'échta-sa
1453] ním dluigh dúarcusa.
D.
- 1454] Truagh an turus-sa,
1455] ní ma tánag-sa,
1456] cían óm eólus-sa,
1457] críoch gusa ránag-sa.
- 1458] Tiucfaidh Loingseachán,
1459] truagh a thurusa,
1460] gé romlena-sa
1461] ní ba hurusa.
- 1462] Caille comhfhada,
1463] cladh na cúarta-sa,
1464] tír gus ránag-sa,
1465] ní gníomh dúarcusa.
D.
- 1466] Duibhlinn dúnBhoirche,
1467] trén romfúasnaidh-si,
1468] aidhbhle a hiochtair-si,
1469] daingne a húachtair-si.
- 1470] As ferr fúarus-sa
1471] coillte cosmhuile,
1472] roighni ruisMhidhe,
1473] aidhbhle Osraighe.
- 1474] Ulaidh fhoghamhair
1475] im Loch Cúan critheólaigh,
1476] tadhall samhrata
1477] Cheineóil mbithEóghain
- 1478] Imthecht Lughnasaidh
1479] Taillten tiobraidhe,
1480] iasgach earrchaidhe
1481] Sionna siobhlaighe.
- 1482] Minig riccim-si
1483] tír conúachtus-sa,
1484] buidhni barrchasa,
1485] druimni dúarcusa.
Dúairc.
1486] {folio 90a}Rofhágaibh Suibhne an charraicc iarsin
1487] & dochúaidh tar an muir ccráosfhairsing, ccithainbhthenaigh
1488] co ráinic Críoch Bhreatan. Dorad a láimh
1489] ndeis re dúnadh rígh Bretan co ttarla dochum feadha
1490] móir é & an chonair táinic fón fidh atchualaidh an
1491] uchbhadach & an éccaoini & an mhairgneach mór &
1492] an osnadhach éccalma. As edh robhúi annsin, geilt
1493] eile robhoi ar fhud an fhedha. Táinic-siomh iaromh
1494] dhá ionnsaighe. 'Cía thú, a dhuine?' ar Suibhne.
1495] 'Geilt misi,' ar sé. 'Másat geilt,' ar Suibhne, 'tair
1496] ale co ndernom comann, ar isam geilt-si bheós.'
1497] 'Doragainn,' ar an gheilt oili, 'muna bheith egla
1498] thighe nó theglaigh an rígh dom tharrachtain & ní
1499] fhétar nach díobh duit-si.' 'Ní díobh éiccin,' ar
1500] Suibhne, '& sloinn-si t'ainm bunaidh dhamh ó nach
1501] díobh.''Fer Cailli mh'ainm,' ar an gheilt; conadh
1502] ann itbert Suibhne an rann sa & rofreagair Fear
1503] Caille é, mar so síos:
- 1504] A Fhir Chaille, cidh dotharraidh?
1505] truagh do ghuth,
1506] abair damh-sa cidh rodmannair
1507] céill nó cruth?
- 1508] Ro-innisfinn duit mo sgéla,
1509] sceó mo ghníomh,
1510] muna bheith eaglach inn slúagh
1511] séghdha muna eagla leam sluaigh seghdha
1512] thoighe an rígh.
- 1513] As mé Ealadhán noroichedh
1514] iolar ndreann,
1515] as díom-sa la cách dogoirtidhi
1516] lúam-gheilt ghlenn.
- 1517] As misi Suibhne mac Colmáin
1518] ó Bhúais bhil,
1519] as usaidi dhúinn ar ccomhrádh
1520] sunn, a fhir.
A fhir.
1521] Tug cách dhíobh taobh re 'roile iersin gur
1522] fhiafraigheddar féin sgéla dá chéle. Atbert Suibhne
1523] risin ngeilt: 'Dén-sa do slondadh dhamh-sa,' ar sé.
1524] 'Mac brughaidh mé,' ar an gheilt Breathnach, '& is
1525] don tír-si ittám mo bhunadhus & Alladhán mh'ainm.'
1526] 'Innis dam,' ar Suibhne, 'cidh rottuc ar gealtacht
1527] thú.' 'Ní hansa. Dhá rígh robhádar ag imchosnamh
1528] im ríghe na críche-si fecht n-aill .i. Eochaidh Aincheas
1529] mac Guaire Mathra (?) & Cúgúa mac Gúaire; ba do
1530] muintir Eachaidh damh-sa,' ar sé, 'uair as é dobudh
1531] ferr don días sin. Dorónadh iarumh móirthionól do
1532] chur chatha fria aroile imón tír-si. Rocuires-sa gesa
1533] ar gach aon do muintir mo thigherna coná tigsedh
1534] neach dhíobh gan édach sróil uime dochum an chatha
1535] ar go mbudh suaithenta seach cách íat la huaill &
1536] díumus. Tucsat immorro na slúaigh trí gáirthi
1537] mallacht form-sa, co ttucsat-sidhe misi ar fáoineal &
1538] ar folúamhuin amail atchíthi-si.'
1539] Rofhiarfaidh-siomh mar an cétna do Suibhne
1540] cidh dusfug for gealtacht. 'Briathra Rónáin,' ar
1541] Suibhne, 'uair roesccáoin-siomh misi re hucht catha
1542] Muighe Rath, co roéirghes a n-airde asin ccath sin
1543] cou fuilim ar faoinneal & ar folúamain ó sin ale.'
1544] 'A Shuinne,' ar Alladhán, 'coimhédadh cach uainn a
1545] chéile co maith ó doratsom taobh fria aroile .i.
1546] antí úain as luaithe chluinfes glaédh cuirre do loch
1547] linnghlas linnúaine nó guth gléghlan gaircce, nó léim
1548] creabhair do chraoibh, fedghaire nó guth feadóige ar
1549] na fiórdhúsgadh nó fuaim críonaigh aga choimhbrisedh,
1550] nó fosgadh eóin ós fiodhbaidh, erfhúagradh
1551] & innisedh antí atchluinfe é ar tús don fior oile, bíodh
1552] ead dhá crann eatrainn & dá ráthaighedh neach
1553] uainn ní dona neithibh réimráitiu sin nó a n-ionnsamail
1554] oile déntar teichedh maith linn iaromh.'
1555] Dogniat samhlaidh & bádar bliadhain lán i
1556] ufarradh aroili. Hi cinn na bliadhna sin adbert
1557] Alladhán fri Suibhne: 'As mithidh dúinn sgaradh
1558] aniú,' ar sé, 'uair táinic forcheann mo shoeghail-si &
1559] nocha nfhéduim gan dul gusin ionadh in rocinnedh
1560] dhamh ég d'fhagháil.' 'Cidh ón, gá bás fogébha?'
1561] ar Suibhne. 'Ní hansa,' ar Alladhán, '.i. rachad
1562] anois go hEs nDubhthaigh & cuirfidhther athach
1563] gaeithe fúm ann & romchuirther 'san es mé go
1564] rombáiter ann & nomadhnaicther iarsin i relic fhíreóin
1565] & foghébh nemh, conadh í sin críoch mo bheathadhsa,
1566] & 'a Shuiune,' ar Alladhán, 'innis damh-sa cia
1567] haidhedh notbéra fadhéin?' Ro-innis Suibhne dhó
1568] iarum febh atféd an sgél síosana. Rosgarsat lasodhain
1569] & rotriall an Breathnach go hEs nDubhthaigh & ó
1570] ráinic an t-es robáidedh ann é.
1571] {folio 90b}Táinic iarumh Suibhne reimhe dochum
1572] nÉrenn co ttarla i ndíuidh laoi é go Magh Line i
1573] nUltaibh & ó tuc aithne ar an magh atbert:'Maith
1574] éimh cách aga rabhadus-sa ar an magh sa,' ar sé,
1575] '.i. Congal Cláon mac Sgannláin & fós,' ar sé, 'ropudh
1576] maith an magh sa ina rabhamar ann. Robhádhus-sa
1577] & Congal lá forsan magh sa: co n-ébart-sa fris:
1578] 'Rob áil damh dol dochum tigerna eile,' ar laghad
1579] mo thuarastail aigi-siomh, conadh annsin dorad-som
1580] dhamh-sa ar oirisiumh aicci trí choega each n-áluinn
1581] n-allmhardha imon each donn robhói aigi budhdhéin
1582] & trí chaoga calg ndéd ndreachsholus, caoca fermhogh
1583] & caoca banmhogh & ionar go n-ór & fúathróg bhuilidh
1584] bhreacshróil.' Conadh ann atbert Suibhne an dán so
1585] ann go léig:
- 1586] I Muigh Line itú-sa anocht,
1587] atgeóghuinn mo chroidhe taobhnocht,
1588] is atgeóin misi an magh
1589] i mbídh mo sheisi Conghal.
- 1590] Feacht rombá-sa is Congal Claon
1591] sunn ar an muigh-si maráon,
1592] ag dul a nDruim Lorgan láin
1593] dorónsamar síst chomhráidh.
- 1594] Adubhart-sa ris an rígh,
1595] ba talach(?) ar thairisi,
1596] as áil damh dul ar astar,
1597] as beg lem mo thúarastal.
- 1598] Rugus-sa úadh mar asgaidh
1599] trí cháoga each n-adhastair,
1600] trí chaoga claideamh trén tailc,
1601] caoga gall, caoga ionnailt
- 1602] Rugus-sa úadh an t-each donn
1603] as ferr dosir fér is fonn,
1604] rucus a ionar go n-ór
1605] is a fuathróg do breacsról.
- 1606] Ga magh is fiú Magh Lini
1607] acht in magh atá i Midhe,
1608] nó Magh Femhin co líon cros,
1609] nó an mag itá i nAirgeadros?
- 1610] Nó Magh Feadha, nó Magh Luirg,
1611] nó Magh nAoi co n-áille uird,
1612] nó Magh Life, nó Magh Lí,
1613] nó an magh itá i Muirtheimhní?
- 1614] Do neoch atchonnarc-sa ríamh
1615] edir thúaidh, thes is thíar,
1616] nocha nfaca-sa go se
1617] a macsamhla an muigi-se.
A magh.
1618] A haithle na laoidhi sin táinic Suibhne roime
1619] co Glenn mBolcáin & robhúi aga chúartugudh co
1620] ttarla bengheilt dó ann. Teichidh-siumh roimpi & ara
1621] áoi sin tuigedh gurab ar gealtacht robháoi an bhen
1622] & iompaighis ría. Teichidh sisi reimhi-sium ainnsein.
1623] 'Uchán a Dhé,' ar Suibhne, 'as trúagh an bhetha
1624] sa .i. misi ag teichedh ríasan ngealtóig & sisi ag
1625] teichedh róm-sa ar lár Ghlinne Bolcáin; is ionmuin
1626] éim an t-ionad eisidhen'; co n-ébairt:
- 1627] Misgais, mairg duine dobheir,
1628] ní má cin 's ní má roghein,
1629] cidh ben dobéra, cidh fer,
1630] ní roiset a ndís naoimhneamh.
- 1631] Ní minic bhíos cumann trír
1632] gan duine fol fhodhord díbh,
1633] droigni is drisi romchoirb
1634] conadh misi an fer fodhoird.
- 1635] Gealtóg ar' teichedh a fir,
1636] gidhedh as sgél n-anaithnidh,
1637] fer gan meither is gan bhróig
1638] ag teichedh ríasan ngealtóig.
- 1639] Ar mían ó thigid cadhain
1640] gusan mBealltine ar Samhuin,
1641] in gach coill chéir gan tacha
1642] bheith i ccrannuibh eidhneacha.
- 1643] Uisge Ghlinne Bolcáin báin,
1644] éisteacht re a énlaith n-iomláin,
1645] a shrotha millsi nach mall,
1646] a innsi agus a abhann.
- 1647] A chuilenn cliuthar 's a choill,
1648] a duille, a dreasa, a dercoinn,
1649] a sméra áille uagha,
1650] a chna, a áirne ionnúara.
- 1651] Iomad a chúan fo chrannuibh,
1652] búiredhach a dhamh n-allaidh,
1653] a uisci iodhan gan gheis,
1654] ní liom-sa robá miosgais.
M.
1655] Luidh iarum Suibhne gusin bhail ina raibhi
1656] Eorann co rothoiris ar fordhorus in tighe i mbói an
1657] ríogan cona banntracht, conadh ann adbert: 'Sádhal
1658] sin, a Eorann,' ar sé, 'cidh anshádhal damh-sa.' 'As
1659] fíor,' ar Eorann, '& táir-si asteach,' ar sí. 'Ní
1660] raghatt éimh,' ar Suibhne, 'ar nach gabat in sluagh
1661] imchumhang an toighi form.' 'Dar liom,' ar an
1662] inghen, 'nocha nferr do chiall {folio 91a}ar gach ló dá
1663] ttig dhuit & ó nach áil duit anadh aguinn,' ar sí,
1664] 'déna imtecht & ná háitigh chugainn idir, dóigh is
1665] nár linn t'fhaicsin fón deilbh sin dona dáoinibh
1666] atchonncatar thú fód dheilbh féin.' 'Truagh éimh
1667] sin,' air Suiblme, 'as mairg dobheir taobh re mnáoi
1668] tar éis na mbriathar sin. Uair ba maith mo
1669] chummaoin-si ar an mnáoi romfúagrann samhlaidh,
1670] dóigh tucus inn-aonló dhí trí chaoga bó & caoga
1671] each, & dá madh é an lá romharbhus Oilill Cédach,
1672] rí Ua fFhaoláin, robadh maith lé mh'fhaicsin-si';
1673] gonadh ann adbert annso síos:
167]
- 1674] Mairg fa ttabhraid mná menma
1675] cia bheith d'feabhus a ndealbha,
1676] an tan as é Suibne Geilt
1677] na fuair cuibhdhe dá chéidsheirc.
- 1678] As mairg dobheir taobh re mnáibh
1679] cidh a n-oidhchibh, cidh i lláibh,
1680] cidh bed bhes ina n-inne
1681] d'aithle meabhla Eorainne.
- 1682] Maith mo chummáoin ar an mnáoi,
1683] gan fordal, gan iomargháoi,
1684] tarraidh díom trí cháoga bó
1685] la cáoga each a n-áonló.
- 1686] An tan dobhínn isin bfeidhm
1687] nocha n-iomghabhainn ceitheirn,
1688] áit ina mbíodh treas nó troid
1689] robsam comhlann do thríochaid.
- 1690] Rofhíarfaidh Congal, céim nglan,
1691] din inar n-óccaibh Uladh,
1692] cúich úaibh dhiongbhus isin chath
1693] Oilill Cédach comhromhach?
- 1694] Allata, fergach an fer,
1695] adhbhal a sgíath is a shleagh,
1696] dorat i socht seal an slógh,
1697] an fer dífreagra, dímhór.
- 1698] Adubhart-sa ar láimh Chongail,
1699] nocharbh áithesg fir omhnaigh,
1700] dingébhad-sa Oilill oll
1701] gidh trén tar chách a chomhlonn.
- 1702] Rofhágbhus Oilill gan chenn
1703] agus robudh lánmhaith leam,
1704] torchradar leam imalle
1705] cúig mic rígh Muige Mairge.
Mairg.
1706] Rothógaibh Suibhne uimi lasodhain co hétrom
1707] imísiol aéerdha do dhó3 ind gach aird & do tulmhoing
1708] gacha tulchi for araill co riacht Benna Boirche
1709] fodhes. Roghabh fós isin maighin sin, co n-ébairt:
1710] 'Maith in t-ionadh geilte so,' ar sé, 'acht namá ní
1711] hionadh eatha, blechta nó bídh é, acht is ionadh
1712] anforusta anshocair & ní díon ar dhoininn ná ar
1713] dherthan bheith ann, gidh ionadh urartt aoibhinn
1714] é'; gonadh and adbert na briathra so síos cco léig:
- 1715] Fuar anocht Benna Boirche,
1716] as ionadh fhir anfhoirfe,
1717] ni hionadh bídh ná blechta,
1718] re sín is re sírshnechta.
- 1719] As fuar mo leabaidh oidche
1720] a mullach Bheinne Boirche,
1721] am fann, nímfulaing édach
1722] ar chrann chuilinn crúaidhghégach.
- 1723] Ó romgeibh fúacht isind aigh
1724] tigim go háith 'na aghaidh,
1725] beirim daiger don gháoith ghlé
1726] dar leirg Laigen Laoghaire.
- 1727] Glenn Bolcáin an tobair gloin,
1728] as é mh'árus re hanmoin,
1729] ó thicc lá Samhna, ó téid sam,
1730] as é mh'árus re hanadh.
- 1731] Gacha sirinn thíar is toir
1732] seachnóin ghlenntadh Glanamhraigh,
1733] bídh síon cruaidhshnechta im cheann,
1734] i ndíon úairghealta Éirenn.
- 1735] As é sin mo ghlenn grádha,
1736] as é m'ferann comhdhála,
1737] as é mo dún ríogh re roinn,
1738] as é mo díon ar dhoininn.
- 1739] As é sin m'fulang oidhche:
1740] cnúasach mo dá chrobh choidhche,
1741] benoim a ndoiribh doirchibh
1742] do luibibh, do lántoirthibh.
- 1743] Mian lium na mónainn co mbloidh,
1744] at millsi ná maothnatoin
1745] fothlacht, femar, as mían damh,
1746] an lus bían is an biorar.
- 1747] Ubhla, caora, cna cuill chain,
1748] sméra, dercain do dharaigh,
1749] subha craobh, is fíach féile,
1750] sgeachóra scíach scenbhgére.
- 1751] Siomsán, samhadh, creamhlus cain
1752] agus biororáin bharrghlain,
1753] benuidh dhíom géire malle,
1754] dercain sléibhe, bun melle.
- 1755] Meisi i ferann ghlas nach glenn,
1756] a Chríst, ní rochomhraceam,
1757] ní fhuil mo dual-sa re a dul
1758] acht gidhim fúar-sa, is fúar-sum.
1759]
Fuar anocht.
1760] {folio 91b} Táinic-siumh roimhe isin maidin arnamhárach
1761] co Magh Feimhin, luid aisséin co Sionainn
1762] sruthghlain sriobhúaine, asséin co hEchtge n-aird
1763] n-uraoibhinn, aisséin co feronn míonghlas móirédrocht
1764] Maenmhuighe, aisséin co sruth sáoraluinn Suca,
1765] aisséin go himlibh Locha soileathain Ríbh. Gabhaidh
1766] iaromh fós & comhnaidhe i nglaic Bhile Tiobradáin'
1767] i cCrích Gháille i n-oirther Connacht in oidhche sin.
1768] Dá mhennataibh dísli-siom i nÉrinn an t-ionadh sin.
1769] Rogabh tuirsi mór & múichneachus é, conadh ann
1770] adbert: 'As mór éimh,' ar sé, 'do imnedh & do
1771] dhocomhul rochésus conuige so, ba fúar mh'ionadh
1772] aréir .i. i mullach Bheinne Boirche & ní nemhfhúaire
1773] mh'ionadh anocht a nglaic Bhile Tiobradáin.'
1774] Úair is amhlaidh robhói an oidhchi sin, ag cur
1775] shnechta & an mhéd nocuredh noreódadh fachétóir a
1776] haithli a chuir, conadh ann adbert-somh: 'Mo
1777] chubhais éimh,' ar sé, 'as mór do dhocruibh
1778] rofhuilnges-sa, ó rofhás mo chlúimh gus anocht.
1779] Rofheadar,' ar sé, 'cidh bás foghébhainn de, robadh
1780] ferr dhamh taobh do thabhairt re dáoinibh iná na
1781] docra-sa do fhulang do ghrés;' gonadh ann adbert
1782] an laoidh ag tabairt a dhocra ós áird:
Suibhne
- 1783] Mór múich a ttá-sa anocht,
1784] rotreaghd mo chorp an gháoth ghlan,
1785] toll mo throighthiu, glas mo ghrúadh,
1786] a Dhé mhóir, atá a dhúal damh.
- 1787] I mBeinn Bhoirche dhamh aréir,
1788] romthuairg bráoin in Echtga úair,
1789] anocht robhretait mo bhoill
1790] i nglaic chroinn i nGáille ghlúair.
- 1791] Rofhuilnges mór ttreas gan tlás
1792] ó rofhás clúmh ar mo chorp,
1793] ar gach n-oidhche is ar gach ló
1794] as mó sa mhó fhuilghim d'olc.
- 1795] Romchráidh sioc, síon nach súairc,
1796] romthuairg snechta ar Sléibh mhic Sin,
1797] anocht romgeóghain an ghaéth
1798] gan fraech Ghlenna Bolcáin bil.
- 1799] Utmhall mh'imirce in gach íath,
1800] domríacht bheith gan chéill gan chonn,
1801] do Muigh Line for Muigh Lí,
1802] do Muigh Lí for Life lonn.
- 1803] Saighim dar seghais Sléibhi Fúaid,
1804] rigim im rúaig co Ráith Móir,
1805] dar Magh nAoi, dar Magh Luirg luinn
1806] rigim co cuirr Chruacháin chóir.
- 1807] Ó Sliabh Cúa, ní turus tais,
1808] riccim go Glais Gháille ghrinn,
1809] ó Ghlais Gháille, gidh céin cían,
1810] riccim soir go Slíabh mBreagh mbinn.
- 1811] Dúairc an bhetha bheith gan teach,
1812] as truagh an bhetha, a Chríosd chain,
1813] sásadh biorair bairrghlais búain,
1814] deogh uisge fhúair a glais ghlain.
- 1815] Tuisledh do bharraibh chraobh ccríon,
1816] imthecht aitin, gníom. gan gháoi,
1817] seachna daoine, cumann cúan,
1818] coimhrith re damh rúadh dar raéi.
- 1819] Feis oidhche gan chlúimh a ccoill
1820] i mullach croinn dosaigh dhlúith,
1821] gan coisteacht re guth ná glór,
1822] a mhic Dé, is mór an mhúich.
- 1823] Reithim rúaig re beinn co báoth,
1824] uathadh rotráoth a los lúith lu4,
1825] dosgarus rem chruth gan clódh,
1826] a mhic Dé, is mór an mhúich.
Mór
1827] 'Cidh fil ann atrá,' ar sé, 'acht cidh é
1828] Domhnall mac Aodha nommhuirfedh raghad dochum
1829] Dál Araidhe & dobhér taobh rem dháoinibh fodhéin
1830] & mun beith cailleach an mhuilinn d'atach Chríst
1831] frim im shíst léimenndaigh do dhénumh dhí {folio 92a} ní
1832] rachainn ar an aithghealtacht.'
1833] Táinic taom dá chéill dó annsin & doluidh
1834] roime ar amus a thíre do thabairt taobha re a muintir
1835] & do anmhuin aca. Rofoillsigedh do Ronán an tan
1836] sin a chiall do tuidhecht do Suibhne & a bheith ag
1837] dul chum a thíre d'anadh eiter a mhuintir, co n-ébairt
1838] Rónán: 'Aitchim-si an Rígh uasal uilechumhachtach
1839] nár fféde se an t-ingrinntidh sin do ionnsaighe na
1840] heagailsi dia hingreim doridhisi amail dorighni fecht
1841] n-aill & an t-inneachadh tuc Día fair a ndíogail a
1842] dhímhiadha-somh for a mhuintir ná raibe furtacht
1843] ná fóiridhin dhó dhe co roscara a anam fri a chorp,
1844] ar dháigh ná tiobhra a aithghin oile do ingrinntidh
1845] dia éis sár nó dímigin for an cCoimdigh nach for a
1846] mhuintir itir.'
1847] Roéisd Dia itchi Rónáin, uair antan tánic
1848] Suibhne co medhón Sléibhe Fúaid rochobhsaidh a
1849] chéim annsin co ttárfás taidhbhsi n-iongnadh dhó
1850] annsin a medhónoidhchi .i. méidhedha maoilderga
1851] cinn gan cholla & cúig cinn gaoisidecha, gairbhlíatha,
1852] gan chorp, gan cholainn etarra, ag sianghail & ag
1853] léimnigh imon sligidh anond & anall. Antan rosiacht~somh
1854] eatarra rochúalaidh ag comhrádh iad & is edh
1855] adberdís: 'Geilt é,' ar an cétchenn. 'Gelt Ultach,'
1856] ar an dara cenn. 'A lenmhain co maith,' ar an
1857] treas cenn. 'Gurab fada an lenmhain,' ar an
1858] cethramadh cenn. 'Nógo ría fairrge,' ar an cúigedh
1859] cenn. Noseirgheatt a n-áoinfeacht chuige. Rost~ógaibh-siumh
1860] uime rempa tar gach muine día aroile
1861] & geruó mór an glenn nobhíodh roimhe ní thaidhledh~somh
1862] é, acht nolingedh don bhord co aroile de & do
1863] bheinn na tulchi for araill.
1864] Ba lór immorro d'úathbhás, do gréchach
1865] & golfortach, sianghal & síoréighemh, séstán & séiseilbhe
1866] na ccenn ina dhiaidh-siumh ga tharrachtain & ga
1867] thréntograim. Ba hé treisi & tinnesnaighe na tógrama
1868] sin co lingdís na cinn dá oircnibh & dá iosgadaibh &
1869] dá lesrach & dá slinnénibh & do chlais a chúil, co
1870] mba samhalta leisiumh & bloisgbhéim buinne baindi5 dílionn
1871] do ucht airdshléibhe seisbhéimneach gach cinn for
1872] aroile dhíobh &ß comhthuairgnech uile fri sleasaibh
1873] crann & fria cennuibh carrag le lar & re lántalmain,
1874] co nár ansat de co ndeachaidh re néllaibh urétroma
1875] aéieoir uatha uathadh6.
1876] Roscarsat ris iarsin edir chenn ghabhair & cenn
1877] chon, uair andar lais bádar sidhe a ttréchumusc na
1878] ccenn n-oile ina lenmhuin. Ba neimhthni neimhthni tra7 faoinneal
1879] nó folúamhuin dá raibhi fair-siumh ina haithfhéghadh
1880] riamh roimhe sin, uair ní thairisedh eadh lasa
1881] n-iobhadh digh co cenn trí choicthidhisi ina dhíaidh
1882] sin, go ttarla aen na n-oidhche aen do n-oidchibh8 é i mullach Sléibhe
1883] Eidhneach, Aidneach9 gur ro-oiris i mbárr chroinn ann eadh
1884] na hoidhche sin co madain. Roghabh ag éccaoine
1885] móir annsin; conadh edh roráidh:'Olc éimh atáthar
1886] agom anocht a haithle na caillighe & na ccenn ar
1887] Slíabh Fúaid,' ar sé, 'acht chena as cóir mo ueth
1888] amail atú, uair sochaidhe risa ndernus féin olc;'
1889] conadh ann adbert:
- 1890] Éccáointeach atú-sa anocht,
1891] am tuirseach truagh, am taobhnocht
1892] dá bfesdáois form na dáoine
1893] fil damh damhna éccáoine.
- 1894] Reód, sioc, sneachta agus síon
1895] agum thúargain tré bhith síor,
1896] mo beith gan teini, gan tech
1897] a mullach Shléibbe Eidhneach.
- 1898] Teach mór agum is ben mhaith,
1899] adeiredh cách robsum flaith,
1900] as é as ruire 'sas rí
1901] antí domrad romradh10i neimhthní.{folio 92b}
- 1902] Cidh 'ma ttuc Dia mé asan ccath
1903] nach bfrith ann neach dom mharbadh,
1904] suil dobheinn eing a n-eing
1905] agus cailleach an mhuilinn?
- 1906] Cailleach an mhuilinn 'ga toigh,
1907] mallacht Críst ar a hanmoin,
1908] mairg dorad taobh risin ccrín,
1909] mairg dá ttaratt a choinmhír.
- 1910] Robhaoi Loingseachán ar mn'eing
1911] tré gach díthreabh díthreadh11a nÉirinn,
1912] go romchealg chuigi don chraoibh
1913] tan adfétt ég mo macáoimh.
- 1914] Domrad-sa leis 'san teach mór,
1915] áit a mbáoi an slúagh ac comhól,
1916] as romchengal thiar 'san tsheit
1917] aghaidh d'aghaidh rém chétsheirc.
- 1918] Sluagh an toighe gan táire
1919] ag cluithe is ag gáire,
1920] meisi com muintir is toigh
1921] ag surdlaigh, ag lémendoigh.
- 1922] Munbadh caillech in tighi
1923] ní rachainn ar aithmhire,
1924] ro-ataigh rium friom12Críst do nimh
1925] ar shíst mbig do léimeandaigh.
- 1926] Rolingius léim nó dhá léim
1927] ar an athair nemhdha féin,
1928] adbert an chaillech 'ga toigh
1929] co lingfedh féin léim amhlaidh.
- 1930] Rolinges léim oile amach
1931] dar fíormhullach na cathrach,
1932] lúaithi iná deathach tré theach
1933] an teathadh rug an chailleach.
- 1934] Roshirsium Éire uile
1935] ó Thigh Duinn co Tráigh Ruire,
1936] ótá an Tráig co Benna mBrain,
1937] nír chuires díom an chailleach.
- 1938] Eiter mhagh is mhóin is leirg
1939] dhíom nír chuires an crúaidhleidhb,
1940] gur lingedh lem an léim nglé
1941] do bheinn Dúine Sobhairce.
- 1942] Ar sin rolinges fón dún
1943] agus nocliar céim ar ccúl,
1944] rugus isin bfairrge amach,
1945] rosfágbhus thall an chailleach.
- 1946] larsin tángadar 'san tráigh
1947] muinter dhiabhail 'na comhdháil
1948] agus roluaidhset a corp,
1949] mairg tír nÉrenn 'nar hadnocht.
- 1950] Feacht roluighes roluidhes tar13ar Slíabh Fúaid
1951] i n-oidhchi duib dhorchi dhuairc,
1952] co bfaca cóig cinn 'san ccnoc
1953] arna n-oirleach inn-áonport cennphort14.
- 1954] Adubhairt cenn díbh 'na ruth,
1955] rium-sa roba garb an guth,
1956] 'geilt Ultach, lentar libh dhe,
1957] co ría romhaibh i bfairrge.'
- 1958] Rorethus rompa an ród
1959] is nír fuirmhess troig ar fód,et fuirmess troigh tar fhod15
1960] eiter chenn gabhair is con,
1961] ann roghabhsat malloghadh.
- 1962] Cóir cía roghéibhinn-si olc,
1963] mór n-oidhchi rolinges loch,
1964] mór do rosgaibh ban mbáidhe
1965] doradus fo éccaoine.
Ecc.
1966] Aroile aimsir do Suibhne i Luachair Dheadhadh
1967] for a bháeithréimennaibh baoisi; luid assidhén ina
1968] réimimh roighealtachta go ránic Fiodh glansrothach
1969] gégáloinn Gaible. Báoi bliadhain an dú sin & as edh
1970] fa bíadh dhó frisin mbliadhoin sin .i. caora croiderga
1971] crúandatha cuilinn & dercoin darach dubhdhuinne &
1972] deogh d'uisci na Gabhla, .i. an abhann ón ainmnighthir
1973] an fiodh, conadh ann roghabh tuirsi trom & dobrón
1974] derbháir antí Suibhni i bforcenn na ré sin tré olcus
1975] a bhethadh, conadh ann adbert an laoidh mbig si:
- 1976] Ochán, as meisi Suibhne,
1977] mo chorpán as lór mairbhe,
1978] gan ceól, gan codladh choidhche
1979] acht osnadh ghaoithe gairbe.
- 1980] Tánacc ó Luachair Dheaghadh
1981] co bruachaibh Feadha Gaibhle,
1982] as í mo chuid, ní cheilim,
1983] caora eidhinn, mes dairbhre.
- 1984] Bliadhain dhamh isin mbeinn-si
1985] isin deilbh-si ina bfuilim
1986] gan biadh do dhul 'san corp-sa
1987] acht caora corcra cuilinn.
- 1988] As mé geilt Glinni Bolcáin,
1989] ní bhíu-sa ag ceilt mo dhochnáidh, dhochnaidh, altered later to dochráidh16
1990] tairnicc anocht mo láthar,
1991] ní damh nach ádhbhar ocháin.
Ochán
1992] {folio 93a} Dorala dhó-somh laithe n-áon techt co
1993] Druim Iaroinn i Connachtaibh co rochaith biorar
1994] barrghlas na cilli ar brú na tiobratta tonnghlaisi &
1995] ro-ibh ní dia huisge ina dheghaidh. Ro-éirigh
1996] cléirech amach asin ecclais & roghabh tnúth & trénformud
1997] frisin ngeilt é im thomhailt an tuara
1998] rothoimhleadh feisin & adbert gurbho socair sádal
1999] robhaoi Suibhne isin iubardhos íar mbuing muing17a phroinne
2000] de budhdhéin. 'Truagh éimh sin, a chléirigh', ar
2001] Suibhne, 'uair as meisi dúil as anshádhaile & anshocra
2002] dogheibh a betha isin domun dáigh ní thig tinenabhradh
2003] ná toirrchim ar mo shúilibh ar úaman mo
2004] mharbhtha; deithbhir són, dáigh is cuma noraghainn
2005] ar gealtacht ría slógaib na cruinne d'fhaicsin dom
2006] fhóbairt a n-aoinfecht & re folúamain an dreólláin a
2007] áonar; et a Dhé neimbe, a chléirigh,' ar Suibhne,
2008] 'nach bfuili-si im riocht-sa & meisi isin chongaibh
2009] crábaidh i ttáoi-si, noco n-aithnicchedh th'aigneadh &
2010] th'inntinn nach gnáth dom aithghin-si nó dom
2011] ionnshamail bheith co soinmech febh adbeiri-si';
2012] conadh annsin roghabh an cléirech tosach na laoidhe
2013] & rofhreagair Suibhne a deiredh, mar so:
- 2014] Sádhail sin, a gealtagáin,
2015] a mbarr na géige iubair
2016] do leathtáobh mo mennatáin, bennatáin18
2017] docaithis mo chuid biolair.
- 2018] Ní sádhail mo bhetha-sa,
2019] a chléirigh Droma hIaroind,
2020] atá do mhéd m'eagla-sa
2021] súil dom shúilibh nach íadhaim.
- 2022] Fir domhain dá bfaicinn-si
2023] chugum, a fhir an cheóláin,
2024] is comhmór dotheithfinn-si dotheichfinn-si19
2025] ríu is re heitil an dreólláin.
- 2026] Truagh gan tusa im inmhe-si,
2027] is meisi im chléirech chrábaidh,
2028] nó co ttuigedh th'inntinn-si
2029] nach cerd geilte beith sádail.
2030]
Sádail.
2031] Aroile laithe do Suibhne ag cúartugudh críche
2032] Connacht go hudmhall anbhsaidh go ttarla é fo
2033] dheóidh go hAll Fharannáin a tTír Fhíachrach
2034] Mhúaidhe; glenn áloinn eisidhén, sruth áloinn
2035] sriobhúaine ag teibersain tepersin20co tinnesnach frisin all aill21
2036] anúas & bennachadh ann ina rabadar senadh náomh &
2037] fíreóin co hiomdha iolarrda, et ba hiomdha ann
2037] ámh crann caomháloinn co ttoirthibh troma tóthachtacha
2038] isin all hisin. Ba hiomda ann éimh eidheann
2040] fíorchluthmar & aball cenntrom ag cromadh co
2041] talmain le troma a toraidh, ba cuma nobhíttís isin
2042] allt sin ois allta & míola muighe & muca mórthroma,
2043] ba hiomdha immorro rón roiremhar rochodladh ann
2044] tar éis