Cath Finntrágha


© Unknown author

E-Text: C.E.L.T.


p.1

1] Rí ro gabasdair flaithus & forrlamhas an domhain mhóir

2] uili go himlán .i. Dáiri Donn mac Loisginn Lomghlúinig.

3] Ro thinóileadar immorro & ro thimsaigeadar sluaig in

4] domain d'innsaighidh in rígh sin. Táinic ann Bolcán rí

5] na Fraingci & Marghairéd rí na Gréigi & Faghartach rí

6] na hInnia & Lughman Leathanarmach rí Saxan & Fiachra

7] Foiltleabar rí Gairian & Tor mac Breoghuin rí na hEspáine

8] & Sligeach mac Seanghairbh rí Fear Ceapdha & Iruadh

9] mac Dreagain mic Duilli rí Fer nDreagan & Comur

10] Croimgeann rí Fer Conchenn & Caitchenn rí Fer Caitchenn

11] & Caiseal Clúmach rí Lochlann & a trí derbráithri .i. Forne

12] Glaingér Gaisgedhach & Mongach in Mara & Tacha, &

13] Dáire Dédsholus rí Mara Toirrian & Madan Muncas mac

14] Duinn rí na Gaethlaighi & trí rígha ó thurgabáil gréine

15] anoir .i. Duibhceartan mac Fir Mais & Muilleann mac Fir

16] Luit & Cuilleann mac Faebhair Glais, & Ógarmach ingen

17] rígh na Gréigi, an bangaisgedhach is ferr táinic isin doman

18] riam, & mórán do ríghaibh & do tigerrnaibh ele nach

19] áirimter ann so.

20] Ar toigheacht immorro don tromsocraide sin co hairm

21] a roibhe airdrí in domhuin, ro cinneastair uile éncomuirli

22] .i. teacht do ghabháil Érenn ar áis nó ar éigin. Ocus ba

23] hé so a n-adhbar .i. feacht n-aon dá ndeachaid Finn mac

24] Cumhaill ar innarbad a hÉrinn isin domhun mhór & do

25] bhí thoir re bliadhan a n-amsaine ag Bolcán rí na Fraingci,

26] & ro élo bean & ingen rígh Frangc leis ar tabairt comgrádha


p.2

27] dóibh araen do & is tríd sin ro tinóiledar na sluaig & na

28] socraide sin do theacht dá dhíghailt ar Érennchaibh.

29] Óir nirbo miadh nó maise leisna maithib sin tár & tarcaisne

30] do tabairt don Éirennach orrtho.

31] Is ann sin ro fhiarfaig rí in domhain: 'Cia bus eólach

32] dam-sa a {folio 1a 2} caladportaib Éirenn?' ar sé. 'Do-gén

33] fíreólas duit,' arsa Glas mac Dreamuin, '& atáim féin ar

34] innarbad ó Fhinn mac Cumuill, & bérad eólus ar caladaibh

35] rédhi rofairsingi na Érenn díb-si,' ar sé.

36] Is ann sin tángadar na sluaig & na socraide línmhara &

37] na teaghlaigi taidbseanacha sin isin oirear a rabhadar

38] a longa & a laídeanga & ro hinnled leó a cnairre & a cairpthi,

39] a curaigh & a caemhlonga, & ro cuireadar amach cliatha

40] cuanna certa crannrighne cruadhrámhadh & do-rinneadar

41] imramh trén togharadh dianlaidir deghcubhaidh gurbho

42] cosmhail re ceathaibh gelclúm ar gormsrothaib nó re hael

43] aengheal ar ardchlochaib na srotha cubhracha cneasgeala

44] sin tar éis na láideang ón luathimram, co rucadar na

45] longa sin sithi seabcamail sruthluaimneach ó cimsaibh

46] na cuan a coimnéineacht tar drumcladaib diana dígáire ..

47] na díleann & tarin mothar mórthonnach & tarna tonnaibh

48] móra mongmóra mallgorma.

49] Is ann sin immorro ro éirgeadar na gaetha & ro

50] ardaigheadar na tonna co nach cualadar-san énní acht

51] nuall mear maithneach na murdhúchann & gotha imda

52] éccunnla na n-én corrach crithluaimnech ós gluair glastonn

53] agá crothad. Ní mo-chean ámh tarrla re freastal nó re

54] frithólamh na fairrgi forránaighi fuardoimne sin .i. nert

55] tonn & tuili & trénghaithi ag caitheamh a cainnti & a

56] cirgaili & a ceannairrci risna longaibh, & fós nír inadh


p.3

57] inchomhráidh na treabha taibhfhliucha sin re seastán

58] na slat agá sreangbhualad & re coimbéimnigh na crann

59] le garbgaethaib agá cruadbrised. Ní raibhi immorro

60] acu-sun ann sin long gan lúbugad ná rung gan rangbhriseadh

61] ná ub gan odugad ná clár gan crithnugad ná tairrngi

62] gan trothlugad ná {folio 1b 1} bord gan brúghad ná birrling

63] gan brisedh ná abur gan fhoslugad ná teas gan tuargain

64] ná tili gan tuarcain ná as gan iompodh ná crann gan

65] cruadlúdhbadh ná stagh gan sduaidhléim ná ruaidhbréid

66] gan rébadh ná laídeang gan locadh a luathshiubail re

67] lánanfadh, muna theagmadh lucht a freastail & a fortachta

68] ina fochraibh dá fhóiridhin.

69] Ó nach bhfuair immorro in gaeth sin laigi arna laechaibh

70] ná tlás arna trénferaibh, do éirig uaithib co ráinic a

71] haitreab arduachtarach anamna, & is ann sin fa mín in

72] muir dóibh & fa ceannsaidh gach goirmlinn gurbo téigli

73] séimidhe socharthanach in fairrgi itir chuan & chúil &

74] chearn & charraig, co nach ráinic a leas neach díbh oirbert

75] nó imram do dénamh acht na longa fána lánsheólad ag

76] imthecht le foghar na gaíthi glanuairi gur ghabsad cuan

77] & caladport a rinn maithinis na ndomun & ag glascarraig

78] risi n-abarthar Sgeilleag Míchíl aniubh. Is é fa heólach

79] acu ann sin .i. Glas mac Dreamhain ó Shíth an Lacha

80] Léin linnuair & ó dhiamralbh Droma Droibheóil, & in uair

81] do dúiscti fiadh nó bethadhach éicciallaidi eili agin fhéin,

82] nír tharbha do choin nó do dhuine rith ris acht a gabháil

83] beó do Ghlas mac Dreamain, & do fastóadh agin fhéin

84] tríd sin & is gairid do bí aca an uair do cuiredh air beth

85] ag feall ar Fhinn do Cormac mac Airt do rígh Éirenn &

86] dob éigean dó Éiri d'fhagbáil tríd sin & dul sa doman mór,

87] & is é ba heólach do rígh in domuin an tan sin.


p.4

88] 'A anam a Ghlais mic Dreamhain,' ar rí in domain,

89] 'ní cuan mar so do gheallais dom loinges d'fhagáil acht

90] trágha gealgainmidhi a fédfaidís mo shluaig aenaigi &

91] oireachtais do chomóradh an tan nach bedís ac cathugad.'

92] 'Is aithnidh damh-sa cuan mar sin a n-iarthar Éirenn,'

93] {folio 1b 2} ar Glas, '.i. cuan Finntrágha a Corca Duibhne.'

94] Tángadar rompo as sin co Finntráigh & ro línadar

95] crislaigi in chuain uili co nárbo léir in sáili tairsibh, &

96] bárc mór rígh in domhain do gabh in cuan ar tús conadh

97] Rinn na Báirci a ainm ó sin ale, & ro tuirrneadar a seóla

98] illathacha anairtghela & do tógbadar a puipli bélcorcra

99] breachtnaidhi & ro caithsead a mbiadha saera somblasta

100] & a ndeocha míne meascamla & tucadh a croinn ciúil cucu

101] dá sírsheinm & a n-aes dána do ghabháil a nduan & a

102] ndubhchonn dóibh.

103] 'A Ghlais mic Dreamain,' ar rí in domain, 'cia dá

104] ráinic in tír si a tángamar ar tús do chuid ronna?' Uair

105] do roinnedar Ére eaturra féin ré techt anoir dóib. 'Do

106] Thor mac Breoghain do rígh na hEspáine,' ar Glas,

107] 'ráinic an tír si.' 'Más ead, a rí na hEspáine,' ar rí in

108] domhain, 'is tú dlighes feis & aedaigheacht na hoidhchi

109] anocht do tabairt dúinne.'

110] Is ann sin ro éirig rí na hEspáine & ceithri catha armruadha

111] eagair mailli ris, & táinic fo imlibh na críchi a cédóir, & do

112] bádar trí dúnaidh a n-iarthar na críchi sin .i. Dún Cais

113] & Dún Aedha & Dún Cearbain, & do loiscedh le rígh na

114] hEspáine iad idir triath & tigerna, idir mnaí & macámh,

115] idir coin & fhear, idir chuach & chorn & chopán, & do bádar

116] trí chaeca do theaghlach in gach dúnadh díb-sin & do

117] loisceadh leó uili iad.

118] Do bhí iommorro a fhis ag Finn & ag fianaibh Éirenn co

119] ticfad in tromdámh sin d'innsaighi Éirenn .i. ríghradh

120] in domain uili, amail do bhí a fighair & a fháistine dóibh,


p.5

121] & ní raibhi cuan ghabhála a nÉrinn gan fer forairi ó Fhinn

122] fair. Ocus is é do bhí ag forairi in chuain sin aigi .i. Conn

123] Crithir mac Brain mic Feabhail ó Theamhair Luachra,

124] & ar Corrchnoc na Féine rea n-abarthar Cruachan Adhrann

125] do bhí sé in oidche sin & {folio 2a 1} sé ina chodlad ann, & is

126] é do muscail hé sceamghal na sciath agá scoltadh &

127] comthuarcain na cloidhiom & comhcomairt na craíseach

128] ag cirrbad curp na fírlaech & gáirthi na mban & na macámh,

129] na con & na n-each fán comlasair. Ocus do érig Conn

130] Crithir fona gáirthibh sin & as eadh adubairt: 'Mór na

131] gnímha do-rinnedh trím anocht,' ar sé, '& mairg máthair

132] do-rad m'idhna d'éis an chodalta so do-rinnes, & gidedh

133] ní fhaicfe Finn náid fiana Éirenn misi beó dá éisi & rachad

134] ar lár na n-allmurach indus co tuiti dream éigin díbh

135] lium nó co tuiter-sa leó-san.'

136] Do cheangail a curp ina chathéidedh catha & do lig

137] 'na chailgi reatha rinnluaithi a ndiaid na n-allmurrthach,

138] & ní fada do-chuaidh in uair do-connairc triúr ban roime

139] sa sligid & armghaisceadh laích ag gach mnaí díbh. Ocus

140] do reath-san orro & ní ruc orrtha, & tuc a lámh fón sleigh

141] dá teilgin.

142] 'An, a óglaích,' ar bean díbh, 'uair atá agad eólus ina

143] córa duit h'arm do deargadh ná oruinne & sinn inar mnáibh.'

144] 'Cia sibh-si féin?' ar Conn Crithir. 'Trí ingena Deirg

145] mic Dolair ó tráigh Mara Tibhir anoir sinne,' ar siad, '&

146] tucamar ar triúr grádh écmaisi duit-si & ní fuathaide le

147] neach againn a chéili é, & tángamar do tabairt chabhartha

148] duit uair do bhí a fhis againn gumadh tusa cédduine do

149] shoisfedh d'fianaibh Éirenn dochum na n-allmurthach.'

150] 'Caidhi bhar cobair-si dam-sa?' ar Conn Crithir. 'Budh

151] maith ar cabair-ne duit,' ar siad, 'óir dealbóbhmaid-ne

152] sluag draídheachta umad-sa dona geosadánaibh sanaisi

153] & do barr bhilair, & gin co marbhaid sluag nó socraide


p.6

154] mailli rit-sa, gáirfid dona hallmurachaib & beanfaid a

155] n-airm asa lámhaibh & beanfaid a neart & a radarc díb

156] & mairbhfidhar leat-sa rí na hEspáini & ceithri céd dá

157] muintir. Ocus biaidh cath Finntrágha lá & bliadain 'gá

158] cur & biaidh cathughadh nua gach n-énlá ann risin ré sin,

159] & biodh cridhi maith agad-sa uair dá marbh-{folio 2a 2} thar

160] gach lae tú, beir imlán ar maidin, óir biaidh tobar

161] slánícidh againne fód comhair & in t-óglach is annsa let

162] a fianaibh Éirenn, do-ghiabha mar sin farit.'

163] Do bádar immorro sluaig rígh na hEspáine ag gabáil

164] creach & úirthedh & airgne ó Tráigh Modhuirn atuaidh

165] rissa n-abarthar Murbach an tan sa co Finntráigh fo

166] dheas. Is ann sin ruc Conn Crithir mac Brain mic Feabail

167] orrtho & in sluag draídecht sin faris, & do bhean a creacha

168] díbh & do bean in sluag draígheachta a nert & a radarc

169] díbh, & tángadar sluaig rígh na hEspáine 'na raen romadma

170] gusin maighin a raibhi rí na hEspáine, & Conn Crithir

171] 'gá marbad & 'gá mugad.

172] 'Airis agam, a rímílid,' ar rí na hEspáine, 'co ferainn

173] comhlann rit tar ceann mo muintire ó nach impódhann

174] énduine acu fén rit díbh & tú 'gá n-ár & 'gá n-oirrleach.'

175] Ro innsaighedar trá an dias sin a chéli & ro sháidhedar

176] in dá mergi maethsróill isin tulaig taebhuaine & do shínedar

177] na lámha luathghonacha leisna craísechaib ceannghorma

178] cródherga & tucadar dubgona dlúithi daingne dofhreastail

179] ara chéli. Mar sin dóibh nó gur ardéirigh in grian & gur

180] crannbrissed a craíseacha & gur scailtsed a scéith & gur

181] lánscarsad a lúireacha, & do nochtadar a lannchloidme

182] lasarcorcra leathanfhaebhracha & do rinnedar urlaide

183] urrlamh anaithnidh & ro bádar isin comrac sin re tréimsi

184] & re hathaidh fhada do ló, conadh ann sin fuair Conn


p.7

185] Crithir áitheas bráthbéime a comrac an chathbhairr

186] & na caemhlúirighi do rígh na hEspáine co tobhacht a

187] cheann dá cholainn. Ocus do thógaibh Conn Crithir an

188] ceann & do chomhmaíd an gnímh & is edh adubairt:

189] 'Dar mo bréithir ámh,' ar sé, 'ní cuirfidir ón ceann sa

190] mé muna marbtar mé nó co tí uathadh nó sochaidhe

191] éigin d'fianaibh Éirenn cugam.' Do-chuala rí in domhain

192] sin & is edh adubairt: 'Is mór in briathar sa do-bheir an

193] laech,' ar sé, '& éirigh dá fhis, a Glais mic Dreamain,

194] an é an t-Osgar ardghlonnach ad-chuala a fianaibh Éirenn

195] do-beir an briathar sa.'

196] Táinic iommorro Glas a tír & táinic a comghar do Conn

197] Crithir. 'A laích,' ar sé, 'is {folio 2b 1} mór in briathar sin

198] tucais, & caidhi h'ainm & do shloinnedh?' 'Misi Conn

199] Crithir mac Brain mic Feabail ó Theamuir Luachra,' ar

200] sé. 'Mása tú,' ar Glas, 'is fagus t'fhuil & t'fialus dam fén,

201] & is misi Glas mac Dreamain ó Teamair Luachra,' ar sé.

202] 'Dob éccoraidi duit-si techt do comrac rim-sa ó allmurchaibh

203] sin,' ar Conn Crithir. 'Truagh sin,' ar Glas, 'ar shédaibh

204] an beatha uili, dámadh tairisi dhamh Finn & fiana Érenn,

205] ní coimreógainn re neach d'feraibh Éirenn ná rit-sa seach

206] cách.' 'Ná habair-si sin,' ar Conn Crithir, 'uair cúic

207] mic dég do chloinn atá ag Finn a fhégmais a clannmaicne

208] fén, & luigim-si fóm armaibh & fóm ghaiscedh, dá

209] marbhthá-sa sin uili, nach budh eagail duit Finn acht

210] co tigtheá ara eineach & ara comairci.' Adubairt immorro

211] Glas 'na dhiaidh sin: 'Táinic mo lá bádha-sa let-sa &

212] rachad dá innisin do rígh an domain.'

213] Ocus do ghluais roime mar a raibhi an rí. 'A anam a

214] Glais,' ar rí an domain, 'an n-é Oscar atá ann sud ?'

215] 'Ní hé idir, a ardrí.' ar Glas, '& dámadh hé, a táinic as

216] dod muintir-si ní thicfadís, & bráthair dam-sa atá ann &


p.8

217] is timcroidhi lium a beith 'na aenar & dob áil lium dul

218] do congnamh leis.' 'Dá ndeachair,' ar rí an domain,

219] 'cuinngim-si ort tacht dá innisin dam an lín thuitfeas

220] lium d'fhianaibh Érenn gach lae, & dá tuiti a beac leó

221] dom sluagaibh, techt dá innisin dam cé lé tuitfid.'

222] 'Cuinngim-si ort-sa,' ar Glas, 'gan neach dod shluagaib

223] do licean a tír acht mar adér-sa nó co tí fiana Érenn chugainn.

224] Ocus ó nach fhuil urgairdiugadh ele againn aniubh,' ar

225] Glas, 'tabraidh comlann énfhir dúinn.'

226] Ocus do cuiredh dias allmhurach cucu in lá sin & táraidh

227] Conn Crithir an tabhaill taíbleabhar & cuiris cloch cert

228] cudruma innti & tuc urchur cert coimdhíreach co tarrla

229] a tul édain a fhir comraic co rug in inchinn ina caib

230] cró tré cúl a chinn. Fuaradar iommorro an dias sin bás

231] leó & do siredar dias allmurach dochum gach fir acu.

232] Frith uatha co hathlum an aiscidh sin. Tógbhais Conn

233] Crithir in cealtair coimhreamar chatha {folio 2b 2} & tuc urchur

234] áith athlum urmaisneach don fir ba neasa do acu gur

235] bhean a mullach a ochta co ndeachaidh tríd, & mar do-connairc

236] in fer ele sin, do theith do leith aroma in tí arar

237] teilgedh an t-urchur, co ndeachaidh an tslegh tríthu araen

238] co fhuaradar bás de, & do thuitedar a dhias fén le Glas

239] faí sin. Do thuitedar dano trí nónbair leó rí n-oidhchi,

240] & ba créachtach Conn Crithir ón ló sin & adubairt sé re

241] Glas: 'Tángadar triar ban chugam-sa ó tráigh Mara

242] Tibir anoir & do gealladar damh, gé marbthaí gach lae

243] mé a cath Fhinntrágha, gumadh beó arnamárach mé, &

244] in neach budh annsa lium d'fhianaibh Érenn co fuigheadh

245] mar sin. Ocus coiméd-sa an cuan anocht co ndeachainn-si

246] dá fhis.' Ocus téit dá fhis & do cuiredar fón tobar

247] slánícidh é & táinic co himlán as.


p.9

248] Imthúsa Glais mic Dreamhain téid aran chuan. 'A rí

249] an domhain,' ar sé, 'atá cara agam aran loinges .i. Madan

250] Munchas mac Duinn rí na Gaethlaighi, & is edh adubairt

251] sé sa domhan mór thoir gur leór duit-si é fén do gabáil

252] Érenn & co mbéradh a ngéill ar áis nó ar éigin chugad-sa,

253] & cuinnchim-si ort-sa a leigen chugam-sa am aenar anocht,

254] co fhéchamis cia hagainn is ferr choiseónas Ére.'

255] Ro innsaigheadar dano an dias sin a chéli & do-rinnedar

256] comhrac fíchdha fortamail feidmlaidir. Acht énní, ní

257] hann sin do bhí a ndán bás d'fhagáil do Glas, & fuair rí

258] na Gaethlaigi bás leis. Ocus gairid 'na dhiaidh sin an

259] uair táinic Conn Crithir cuigi & do bí Conn ag molad an

260] gníma sin do-rinne Glas & 'gá comhmaídem co mór,

261] is ann sin do-conncadar trénfer fian Érenn cucu .i.

262] Taisteallach Trénfer. 'A óga,' ar sé, 'cia na cinn úd

263] agaibh ósin ár?' 'Ceann rígh na hEspáine ceann dibh,'

264] ar Conn Crithir, '& is lim-sa do thuit. Ceann rígh na

265] Gaethlaigi an ceann ele & le Glas mac Dreamain do thuit.'

266] 'Scéla Finn & fhian Érenn agad-sa dúinn?' ar siad. 'Do

267] fhágbus-sa ac Snám Dá Én thuaidh iad,' {folio 3a 1} ar

268] Taistellach. 'Éirigh-si dá n-innsaighi' ar siad, '& tigid

269] chugainn dá mberdís anar mbeathaidh orainn.' 'Dobadh

270] nár dam-sa sin,' ar in trénfer, '.i. dá rígh do ríghaibh an

271] domhain do tuitim libh-si araen & gan mo lámh do dergadh

272] damh-sa ré ndul ón cuan orrtho.' Ocus téid aran cuan.

273] 'A rí an domain,' ar sé, 'atá sunn trénfer fhian Érenn ag

274] iarraidh comhlainn.' 'Is dam-sa is cóir an trénfer úd

275] do fhreagra,' ar Coimleathan mac Toithim .i. trénfer rígh

276] an domhain. Ocus táinic a tír a cédóir. Is amlaidh iommorro

277] do bhí an fer sin & deich ferdhuirn fiched ana airde & an

278] urdail cédna 'na lethni, & is amlaid do bhí fós arna fhothracadh

279] a folaib dreagan & leoman & loisceann & nathrach


p.10

280] neime, & fuathróg fhairsing úrleathair um deanacht a

281] chuirp.

282] Ocus ro innsaigedar na tarbhlaích sin a chéili ana

283] tréitibh taíbhtheanna tonnbhorba troighleathna tarrlúthmara

284] tailcíchtaracha, & do maelgormaighedar na

285] maelshúili mórliatha malachgharbha & do comhdrannt-aigheadar

286] na cláirfhiacla craebhghlasa cnáimreamhra

287] cogantacha craesfhairsinga & do chasadar na cromsróna

288] cuasleathna comtharrthacha craebhshilteacha & ro inn- saighedar

289] na laích sin a chéli & ro iadhadar na dódlámha

290] dublaidire doleónta daingeangreamacha doscaílti tarna

291] dromannaibh & tucadar trodchuir tréna thulgánacha

292] d'aroili. Is ann sin iommorro tuc trénfer rígh an domhain

293] fáscadh fortill fírchalma ar Thaistellach cor theilg braen

294] fola forruaidhi ar barr gach meóir dá méraibh & lia

295] dubhfhola tara bhél, & cuiris 'na easclainn aird adhbhail

296] ara ghualainn é & cuiris ina rith é co hairm a raibhe rí

297] an domain. Ocus ad-bert Taistellach: 'A anam a

298] Choimhleathain, créd dob áil leat do dénamh rim?'

299] 'Do breith co rígh an domain,' ar sé, '& do cheann do

300] tharraing as do cholainn & a cur ar cuaille a fhiadhnaise

301] fer an domhain.' 'Olc an comairle sin,' ar Taistellach,

302] 'uair is ferr duit mo leigen sís co sléchtainn duit a

303] fhiadnaisi sluagh an domhain. Ocus do sléchtadar {folio 3a 2}

304] tréinfir Érenn uili dam-sa & do-ghénaid duit-si mar sin,

305] & is maith duit fós a beith rena innisin isin domhan mór

306] thoir agad gurab taesca do ghabhais féin géill tréinfer

307] Érenn ná do ghabh rí in domhain a ngéill.' 'Is cubhais

308] dam-sa,' ar Coimlethan, 'co ndingean sin rit.' Ocus leigis

309] sís ar lár hé. Cromais Taistellach a cheann dó-sum. Dóigh

310] leisum fa sléchtaine dó féin sin. Sínis Taistellach a lámha

311] ana thimcheall & ro fáisc co fortill fearglaidir co ráinic ar


p.11

312] ard a ghualann, & an líg chloichi do bhí a comfhoccus dó,

313] tuc urchur de uimpe co nderna smirspairti fola & cró dá

314] curp a medón a croicinn, & tuc an chois thailc troighleathan

315] rena ghualainn dó & do tharraing an ceann dá cholainn &

316] do comhmaídh an gnímh.

317] 'Atré buaidh & beannachtain,' ar Conn Crithir, '& éirigh

318] romad anocht co teach m'athar-sa co Teamair Luachra

319] .i. Bran mac Feabail, & abair re Bran Tuatha Dé Danann

320] do thimsachad uili dar cabhair, & éirig as sin amárach

321] co fianaibh Érenn.' Ocus táinic Taistellach roime tar

322] éis an comraic sin co dúnadh Brain mic Feabhail & do

323] innis a scéla uili co himlán dóibh.

324] Do-chuaidh iommorro Bran mac Feabhail do thinól &

325] do thóicheastal Thuaithi Dé Danann & do-chuaidh co

326] Dún Seasnáin Seanghabhra a nÍbh Conaill Gabhra, & do

327] bhí fleadh agá caitheam ann & mórán d'ógaibh Tuath

328] Dé Danann ann, & do bádar trí saermacáim Tuath Dé

329] Danann ann .i. Ilbreac mac Manannáin & Némhannach

330] mac Aenghusa & Sighmall hua Midir, & ro cuirsed fáilti

331] re Bran mac Feabail & dob áil fhosaig do dénamh dó.

332] 'A óga,' ar Bran, 'atá éigin is mó ná sin orainn.' Ocus

333] do gab ag innisin a scél dóib & ac innisin an éigin a raibhi a

334] mac .i. Conn Crithir, 'An-sa agam-sa anocht,' ar Seasnán, '&

335] rachaid mo mac .i. Dolb mac Seasnáin, co Bodhb Derg mac

336] an Daghdha, & timsóchaid Tuatha Dé Danann chugainn.'

337] Ocus do-rinnedar amlaid sin & do-chuaidh Dolb mac

338] Seasnáin roime co Síth {folio 3b 1} Bhan Fhinn ós Feimeanmuig

339] & is ann do bhí Bodhbh Derg mac an Daghdha an tráth

340] sin, & ro innis Dolbh na scéla sin do. 'A óig,' ar Bodhb

341] Derg, 'ní sinne dlighes Érennaigh do chabair ón éigin sin.'

342] 'Ná habair sin,' ar Dolb, 'uair ní fuil mac rí ná


p.12

343] rodhamna ná taísech féine d'fhianaibh Érenn gan bhean

344] do Tuathaibh Dé Danann nó gan a máthair nó a buime

345] nó a maicleannán díbh & is mór dábar cabair-si do-rinnedar-san

346] riam gach uair bu éigin díbh.' 'Is cubhais dúinne ámh,'

347] ar Bodhb Derg, 'gura cóir do fhreagra let fheabhas do

348] theachtaire.' Ocus do cuiredar teachta uatha ar Tuathaibh

349] Dé Danann a fhail a rabhadar & tángadar uili co hairm

350] a raibhi Bodhbh Derg & tángadar co Dún Seasnáin. Ocus

351] do bádar ann an oidchi sin & ro éirigheadar co moch

352] arnamárach & ro ghabhsat a léinti saera sídamla umpu &

353] a n-inair amlacha iublaidi ilgrésacha & a lúireacha tiugha

354] taíbhleabhra taitnemacha & a cathbarra clochórdha

355] cumdaigh & a scéith scáthuaine & a cloidhme troma

356] taíblethna toirteamla & a sleagha slíptha slinnleathna.

357] Ocus is iad fa rígha & fa rofhlaithi dóib an tráth sin

358] .i. trí Gairbh Shléibhe Mis & na trí Léith Luachra & na trí

359] Mhuiredhaigh Mhaidhi & na trí Shichairi Siúiri & na trí

360] hEochaidh Áine & na trí Laegairi Licdherga & na trí Conaill

361] Clomraighi & na trí Finn Fhinnabrach & na trí Scáil Brogha

362] an Scáil & na trí Rodanaigh Raighne & trí Discertaigh

363] Droma Fornochta & trí mic Aedhain Easa Ruaidh mic

364] Bodhuirn & Táthbuillech Shléibhe Cairn & Sochearn

365] Muighi Sainbh & an Seaghsa a Seaghais & Fear Dron a

366] Laighis & an Glas a Bruinne Breagh & Airgedlámh ó

367] Sinainn & Ograidhe a Maenmach & an Suirgeach ó Leamhain

368] & an Seancha ó Sinainn & Midir a Brigh Léith & Feilim

369] Nuacrothach mac Nocheadail & Donn a Sídh Beacuisce &

370] Dreagan Dronuallach & Fer an {folio 3b 2} Bérla Bhinn ón

371] Bhóinn & Cathal Crithchosach rí Berrnáin Éili & Donn

372] Fritgrine & Donn Duma & Donn Teimeach & Donn

373] Seanchnuic & Donn Chnuic an Dois & Brat Riabhach &

374] Dolb Dédsholus a sídhaibh & cúic mic Fhinn a Sídh Cairnn

375] Chaín & Finnbharr Meagha Siúil & Sighmall ua Midir


p.13

376] & Ilbreac mac Manannáin & Némannach mac Aenghusa &

377] Lir Síthi Finnachaidh & Ábhartach mac Illathaig, & mórán

378] eili do maithibh Tuath Dé Danann nach áirimhter ann so.

379] Táinic dano na sluaigh & na socraide sin a críchaib

380] Ciaraighi Luachra & co Sliabh mongruadh Mis & as sin

381] co cuan Finntrágha.

382] 'A Thuatha Dé Danann,' ar Ábhartach, 'éirgedh méid

383] meanman & aignedh indaibh re hagaid chatha Finntrágha,

384] uair biaidh sé lá & bliadain 'gá cur & biaidh gním gach énfir

385] díb 'gá innisin co deireadh an domhain, & comaillidh na

386] briathra móra do-bherthaí isna tighibh n-óla.' 'Éirig, a

387] Ghlais mic Dreamain,' ar Bodhbh Derg mac an Daghdha,

388] 'd'fhógra catha dam-sa co rígh in domhain.' Do ghluais

389] Glas roimhe mar a raibhe rí in domhain. 'A anam a

390] Ghlais,' ar rí an domhain, 'in iad fiana Érenn súd?'

391] 'Ní hiad,' ar Glas, 'acht drem eili d'feraibh Érenn nach

392] lamhann beith ar uachtar talman acht beith a sídhbroghaibh

393] fo thalmain .i. Tuatha Dé Danann, & d'fógra catha dóibh

394] tánag-sa.' 'Cia freageóras Tuatha Dé Danann dam?' ar

395] rí an domhain. 'Rachmaid-ne cucu,' ar dá rígh do ríghaibh

396] an domain .i. Comur Cromgenn rí Fer Conchenn & Caitchenn

397] rí Fer Caitcheann, & do bádar-séin cúic catha armruadha

398] eagair & tángadar a tír a cédóir ana ruadbuinnedhaibh

399] romhóra.

400] 'Cia do dingémadh rí Fer Conceann dím?' bhar Bodbh

401] Derg. 'Rachad-sa chuigi,' ar Lir Síthe Fhinnachaidh,

402] '& gidhedh, do chuala mé nach fhuil sa doman mór duine

403] is ferr lámh ná sé.' 'Cia dingbhus rí Fer Caitcheann díb?'

404] ar Bodhbh Dearg. 'Dingébhad-sa,' ar Ábartach mac

405] Illathaigh, & gabhais lúirech trom treabhraidh taitneamach

406] uime & cathbarr cíorach coinnlech ceithircimsach &

407] cloideamh ...

{RIA MS 29}


p.48

{folio 328} 'Diongbhad-sa é,' ar Ádhbhartach mac Ioldaithche, agus gabhas a lúireach tsaidhbhir taitneambach uime agus cathbharr cíorach coinnleach ceatharchiumhaiseach uime a cheann agus cloídheamh deargfhaobhrach doifhreastail fána chléthaobh agus dá chraoisicc cheannghorma chodroma chatha ionna láimh chlí. Agus táinic sé san gcath ámhalaidh sin & do ghaibh dá n-ár agus dá n-oirleach agus dá n-athchuma.

Air sin tárla dá chéile Lir Síth Fionnchaidh agus Rígh bhFear gCoincheann, agus tugadar treasa doilghe díthchillíghe dothuaras-gabhála dá chéile. Agus as gairid do bhí Lir san ccómhrac an tan do bhí sé dá chlaoidheamh ann. Ó do chonnairc Bádhbh Dearg sin, asé adubhairt: 'Is trúadh liom t'faicsint san éigionn sin, a Lir,' air sé, 'agus éirgeach neach éigin agaibh dá chabhair.'

Air sin téid Ilbhreac mac Mannannáin agus an Néamhannach mac Aongusa san gcómhrac agus tugadar fíorghoin gacha fear aco ar Rígh bhFear gCoincheann. Freagrais Rígh bhFear gCoin- cheann cumaoin a ngona dóibh sin & níorbh fheárrde do Lir é. Ó do chonnairc Badhbh Dearg sin, asé adubhairt: 'Is dursainn liom t'faicsin san éigin sin, a Lir,' air sé, 'agus cia do-ghéabhainn do chúnamh leis?'

{folio 329}'Rachad-sa do chúnamh leis,' air Siomall ua Méidhir.


p.49

Agus téid sé go háit na hiomreasna agus tug doghonadh air Rígh bhFear gCoincheann. Freagrais Rígh bhFear gCoincheann cumaoin a ghona do san go hollamh & níor leóimh Lir a cheann do thógbháil súas óna sgéith agus do léig osna éagchómblainn as árd as. Ó do chonnairc Badhbh Dearg sin, asé adúbhairt: 'Is truadh liom chroidhe Lir d'faicsint san éigionn úd, agus a óga, éirge dá chabhair go lúaith.'

Air sin tángadar chúig mhic Fhinn ó Shíth Chairn Chaoin go láthair na hiombhúailte agus go hionnad na hiomreasna, agus tug síad goin gacha fear aco air Righ bhFear gCoincheann & do ghoin seisionn gach fear aco sin agus d'freagair a chómhrac do Lir air gcédna. Gídheadh tángadur trí naoinamhuir oile do Th. D. D. chúcha agus do ghoin gach fear aco sim Rígh bhFear gCoincheann agus ní hiomdha goin díobh sin d'imthig gan goin ionna háighidh ó Rígh bhFear gCoincheann, agus do bhain osna éagchómhlainn as Lir tórsa uile.

Iomthúsa Ádhbhartach mac Ioldaithche do thuit Rígh bhFear gCatcheann leis agus do chúalaig sé osna Lir san gcómhlann, agus táinic 'na réim ró-reatha chuige agus do rug léim le crann na craoisighe go ttárla a dhá throig air ghualainn Lir aige & do rug an darra léim idir Lir agus Rígh bhFear gCoincheann. 'Seachain an cómhrac, a Lir,' air Ádhbhartach, 'agus léig eadrom-sa agus an Rígh feasta é.' Cuireas Ádhbhartach mac Ioldaithche a chloidheamh san láimh chlí agus a chraoiseach san láimh dheis agus tug goin d'ionnsuíghe brollach lúiríghe Rígh bhFear gCoincheann. {folio 330} Tógbhus Rígh bhFear gCoincheann a sgiath súas d'imdhíghean a bhrághad gurbadh ann sin do bhuail Ádhbartach dá chloídheamh fán íochtar é gur theilg a dhá chois óna ghlúinibh síos de, agus do thuit an sgíath leis sin síos do Rígh bhFear gCoincheann & tug Ádhbhartach an darra béim do gur sgar a cheann & a chollann rena chéile.


p.50

Air sin do ghabhadar na Coincheannaig raon maidhma chúcha agus géarbh iad T. D. D. do sheasaibh an ball an lá sin, ba hadhbhal a n-easbadh fá dheóigh, & tugadar a lucht croinn agus crólíghe leó dá síththrogaibh féin.

Iomthúsa Fionn mac Cúmhaill & Fíanaibh Éirionn an lá san do bhádar ag snámh ag Áth Éin budh thuaidh ag Soinninn & iad air talamh ós túaith Teamhrach, agus do-chonnairc siad Taisdiol Tréanfhear chúcha. Agus táine Fionn féin ionna chuinne & ionna chómhdháil, óir ba béus leis an tí do chuireach dtiarraidh sgéula, teacht do féin dá innsint nó dá agallamh, ionnus dámo drochsgeula do bhíoch aige go ttiubharradh sé féin cumaoin ortha nach tiúbhrach an t-óglách, agus dámo sgéula matha do bhíoch aige go mbeárrde a mblas é féin dá n-innsint. Agus d'innis Taisdiol mur do thángadur Ríodha an Domhuinn Mhóir uile go cúan Fionntrágha agus a ngníomhurtha ann go nuige seo. 'A Fhíanaibh Éirionn,' air Fionn mac Cúmhaill, 'do fúaireamhuir mórán d'olc na hÉirionn agá cosnamh riamh, agus as beag gach mórolc dár fríth aiste d'féuchaint an uilc gheabhthear anois aiste ón dream táine inte, agus cosnaigh go {folio 331}maith riú í.'

Air sin ro éirgiodar Fionn agus Fíanaibh Éirionn a moch lae & lántsoillse air na mháireach agus ro ghaibh síad a n-airm ádhbharacha iomghuineacha óirghréasacha umpa agus do chóruígheadair a gcarbaid leó agus tángadur tar Sruth attúaidh agus a n-Aoibh Chonnuill Gábhra agas a gcríochaibh Chíarruídhe Lúachra, agus do Thragha leabhair bháin láimh chlí le Cathair na Claonrátha síar. Agus do bhádar an fhian an oídhche sin ag Innbhir Labhroinne .i. Labhroinn inghín Mhíledh hEaspáine do báthadh leis an ttuinn sin agus is annsin oilleán sin do hadhnacadh í agus is uaithe tugadh an t-ainnim sin uirthe, agus as Innis Catha anois í. Agus do chuir Fionn mac Cumhaill a órdóg fána dhéid fhios agus taidhbhreadh fios & fíoreólus do agus adúbhairt Fionn: 'Tiocfaidh aimsir ann,' ar sé, 'agus beith toillceand .i. cléire, annso ag foghnamh don Tarnnguireach uilechómhachtach beó & marbh, don Mhac


p.51

is fearr rugadh nó béarrfar, d'ardrígh nimhe & talmhann, agus beith árus clog & cléireach ann.'

Asa haithle sin adúbhairt Usgur le Caoilte & le Mac Lúidheach: 'Tige liom, a óga,' ar sé, 'go ndeachamaois d'fios na díse deaghlaoch .i. Conn Crithir agus Glas mac Dreámhuinn dá mbeirim ionna mbeatha ortha ionnus go ndeargfaimís ár n-airm air na hallmhúrachaibh sul do thiocfadís an fhían chúghainn amáireach.' Agus rángadur riompa go Fionncharnn na Faire os cionn Fionntrágha. Agus táine {folio 332} mian codalta d'Usgur ann sin. 'Anaigh agom, a óga,' ar sé, 'go ndearrnainn beagán suain óir dob fhearrde liom chum catha é' Agus do luígheadur air an gcarnn, Caoilte dá leath deas agus Mac Lúidheach dá leath clí.

Air sin adúbhairt Ardrígh an Domhain rena theaghlach teacht a ttír & creachadh do bhreith chuige sul do thiocfadís Fionn mac Cumhaill agus fíanaibh Éirionn air an gcarnn. Tángadur sluagh Rígh an Domhuinn a ttír air sin, tríar air chaogaid laoch & tugadar gáir mhór os árd asta & do thógbhadur gáir mhór ag sluagh Rígh an Domhuinn air bórd a longa dá ccómhfhreagra, agus bo hiongna le gach aon dá gcualaidh na gárttha sin gan dul re gaoith & re gealtachas dóibh. 'Do shiubhlas an dómhunn mór uile fá thrí,' air Caoilte, 'agus as bríathar dham nách cúala an uiread sin do goithibh daona daoine a n-aon ionnad ríamh.' Air sin do sginn Usgur feadh naoi n-iomuire ón gcarnn amach agus d'eirge go prap arís agus do ghaibh a ruaimneach chatha ina láimh chlí & a chloídheamh inna láimh dheis & tug dá bhuille a gcuinne a chéile dá chloídheamh & dá luirg chatha. Agus adeirid daoine nách tugadh aon bhéim roimhe ríamh ná ionna dhíaig as mó léar treasgradh daoine leis ná é, óir do háirmheadh naoi naonamhuir a gcrólíghe dá éis dár threasguir dá nguaillibh, dá nglúinibh & dá {folio 333} n-uillinnaibh. Agus téid 'na ruathar ró-thréan luaithreatha air sin d'ionnsuídhe mhuinntire Rígh an Domhuinn.

Annsin do chúalaigh Conn Crithir agas Glas mac Dreamhainn an bhéim sin agus tángadur a gcuinne an churradh a gcéadóir


p.52

agns táine Usgur ionna ruathar a ttiompchioll chaith na n-allmhúrach ionnus nách sgaoilfeach aon aco ó chéile, agus táine fúthaibh donna dhiagh sin ionna ruathar ró-reatha gur ciorrbadh cuirp & gur treasgradh cinn & gur leadradh lúireach leis agus ba samhuilte sin re buinne rábharta ag rith an ruathar rug futhaibh, acht cheana ní dheachaidh aon as díobh le sgéulaibh gan tuitim le Usgur sul táine an oídhche.

Is annsan do-chonnairc na hallmhúraibh Fianaibh Éirionn ag teacht dá n-ionnsuídhe ionna ruadhbhróinntibh rómhóra, agus do sháith síad a bpobull d'Fionn mac Cumhaill air an Ráith os cionn Fionntrágha gonna Ráith Fhinn a hainnim ó sin a leith. 'A rígh féine,' air Oisín, 'an d'aontaobh do chuirfim caith risna hallmhúraibh?' 'Ní budh hé,' ar Fionn, 'óir do mhúchadís iomarcadh na sluagh sinn agus ní budh fearr fear uásal ná anúasal aguinn. Gidheadh cuirfiod-sa mac rígh nó árdfhlatha gach lá ag cómhrac le Rígh an Domhuinn gona shluagh, agus cóireóchad-sa caolrinn air mo chaith féin & deireadh leathan ionnus go sgaoilfe caolrinn mo chatha-sa na hallmhúraibh ó chéile {folio 334} agus nach léigfeadh an deire leathan a ndlúthúghadh rena chéile arís. Agus ná deargach aon duine agaibh 'arm acht air thríath nó tighearna óir an úair thuitis an tríath nó an tíghearna, is maidhm dá mhuintir é.'

Agus adúbhairt Fionn mac Cúmhaill mic Tréanmhóir uí Bhaoisgne: 'Cia do-ghéabhainn chum an chatha amáireach?' 'Do-ghéabhair mise,' ar Fionn mac Dubháin .i. rígh féine an Fhian Mhuimhneach. 'Ní rachair cheana,' ar Fionn, 'óir teasbeántar dhómh-sa ná fuil séun catha amáireach ort, óir ní dheachaigh aon duine a gcaith uaim ríamh nách aithneóchuinn a ttiocfach sé taranais chúm arís.' Adúbhairt Fionn mac Dubháin: 'Air shéudaibh na beatha uile dámo thairigsi dhómh-sa arís go bráth íad, ní locfuinn ón gcaith do ghabhus do láimh tré dhroch-fháistinne


p.53

air bith do dhéanamh dham, agus as air mo thír féin do-rinneadar an chéaddiobháil agus as mé féin do dhíoghalfas ortha é air ttúis.'

Air sin téid Fearghus Finnbhéil d'fhógra catha d'Fionn mac Dubháin go Rígh an Domhuinn. 'Cía fhreagaras Fionn mac Dubháin dham?' air Rígh an Domhuinn. 'Freagaród-sa é,' air Margréta Mór Rígh na Gréige, 'agus atáid trí catha agus fithche laoch agam ann so.' Agus téid Fearghus File {folio 335} go mac Dubháin agus go ttí a dhá mhac mheannamnacha do bhí mur aon fhris .i. Fáilbhe & Máine agus an fhian Mhuímhneach uile fairiú. Agus rugadar ruathar rachtmhar ró-olcach a gcuinne agus a gcómhdháil a chéile agus ni lúgha ná céad laoch do thuit le saint chum a rochtainne chum a chéile agus níor fhan siad go rángadur ucht le hucht. Is annsan tug Rígh Gréag urchur urmaisneach áitheasach don chraoisig cheannghorm chómh-reamhur chatha d'Fionn mac Dubháin gur tharlaigh idir órdruinn agus imlinn d'Fionn mac Dubháin í gur bhris a dhruim fada sliosgheal árd ann go ná raibh fáith leágha ná leighis air dá éis. Air sin cuiris Fionn mac Dubháin a fheidhm air an sleagh agus tarangas as í agus cuiris 'na ruathar eagcobhsaidh go Rígh Gréag í óir níor fhéad éirghe ionna sheasamh air mbrisi a dhroma ann don urchar, agus cuiris a láimh ann a chloidheamh crosórdha cúmhaduighthe agus tug buille do Rígh Gréag gur theasg an caithchrios agus gur leadair an lúireach agus go ndearrnaig dá chuid chodroma dhe, gur chómthuiteadar an dís deaghlaoch sin. Agus do claoidheag feart d'Fionn mac Dubháin os cionn Fionntrágha, gurab amhalaidh sin do thuiteadar na tréanfhir úd bonn re bonn & beól re beól {folio 336} ar an láthair sin, agus do thógbhadur trí gártha móra troma taidbhseacha ag sluagh an domhuin agus ag fianaibh Éirionn ag cómhuídheamh na díse deaghlaoch sin.


p.54

Annsin adubhairt Fionn mac Cúmhaill: 'Is truagh liom Teamhair Luachra do bheith gan Fionn mac Dubháin innte, óir ní dheachaidh duine diombuídheach aiste riamh re bhúr linn, agus an té nách fuilinge am dhún-sa ná a ndún Chormaic mic Airt mic Cuinn Chéadchatha do dheich seachtmhuine, do-ghéabhadh cion & ceól a ndún Finn mhic Dubháin ar feadh bliadhna, agus do-bheirim-si ainnim athar air Fháilbhe ionnus nách beith Teamhair Lúachra re bhúr linn gan Fionn mac Dubháin inte.'

Mar sin dóibh go maidionn air na mháireach. 'Agus cía do-ghéabhainn chum an chatha aniogh?' air Fionn. 'Do-ghéabhair misi,' ar Goll Garbh mac Rígh Alban, agus doba inghín do Gholl mac Mórna a mháthair, agus air mhair do chlannaibh Mórna an tráith sin, as faris do bhídís, agus as beag dá bpríomhlaochaibh do mhair an tan sin acht Conán mac Mórna amháin, óir do marbhadh Goll glacláidir roimhe sin tré fheall & tré fhionnghall le Fionn mac Cúmhaill & {folio 337} le fianaibh Éirionn. Air sin d'éirge Goll Garbh mac Rígh Alban & ro ghaibh a iorradh glasleabhair gríosmháilleach chatha uime & do chomhéirge colg an chaithmhíledh sin ionnus go n-anfach mionúbhall nó móráirne air bharr uachtarach gach ruibe dá fholt agus dá fhionnadh agus do shluig súil dá shúilibh a gcuas íoghachtaraig a chinn chasfholtaig agus do mhearlas an tsúil eile 'ge go nár mhó maoldorn míledh ná re faicsint na n-allmhúrach dó. Agus as iad táine an' aighidh .i. trí Ríghthe ó thuargabháil gréine anoir .i. Dubhcheartainn mac Fearmais, Uilleann mac Faobhair Ghlais agus Cuilleann mac Fearlúaith gonna ttrí cathaibh cródha cómhóra. Agus téid mac Rígh Alban fúthaibh, agus an neach do chéadfhéuch air níor fhéad 'athfheicsint arís le méid a fheirge, & gabhais dá n-ár & dá n-éirleach & dá n-athchumadh gur ba lía a marbh ná a mbeó go ttáirfios dóibh air sin a gcoirp agá gcíorbadh agus a muinghíl ag[macr ] maolleadra & a bhfuil ionna bhfaonluíghe & a mbeoil ag blasmearna agus a gcluasa ag clismearna go ndeachaig a gcíall & a gcuimhne


p.55

uatha. Agus do chruinnighidar cáirde chúghcha & tugadh sin dóibh agus dob í a gcómhairle annsan a ttrí Ríghthe do ghabháil agus a ttabhairt do mhac Rígh Alban do chionn imtheachta agus léigionn dóibh féin. Air sin táine mac Rígh Alban go mórmheannamnach mur a raibh Fionn {folio 338} mac Cúmhaill & fíanaibh Éirionn & na braighde sin mur aon fhris agus do díthcheannuidheadh a bhfíanuise an rígh féine Fionn mac Cumhaill iad.

Agus mur tháine an lá air na mháireach chúcha, adúbhairt Fionn mac Cúmhaill: 'Cía do-ghéabhainn chum chatha aniu?' 'Do-ghéabhair sinne,' air Osín & air Usgur mac Oisín, 'agus clanna Baoisgne uile farrainn óir as sinn cuid is fearr d'aoibhneas Éirionn agus as dúinn as cóir a cosnamh mar sin.' Air sin téid Fearghus d'fógra catha ó Osín mac Finn & ó Usgur mac Osín go Rígh an Domhuinn. 'Cia fhreagras clanna maicne an rígh féine dham ?' air Rígh an Domhuinn. 'Freagoród-sa íad,' air Bolcán Rígh Fraingc, 'óir is chúcha tángus a nÉirinn, & tuitfid liom agus Fionn féin ionna ndiaig óir ó thuiteas préamhacha an chrainn, tuitfidh an crann féin asa háithle sin.'

Air sin éirgeas Bolcán Rígh Fraingc & a cheithre catha armrúadh mar aon fris agus do ghabhadar a n-earradha catha uile umpa & tángadar a ttír fá chéadóir. Agus ro éirge don leath eile Osín armnímhneach mac Finn mhic Chúmhaill mhic Tréinmóir uí Baoisgne & Usgur anglonnach mac Osín & clanna maicne Baoisgne ó sin amach. Agus do ghabhadar a léinteacha saora síodhamhala suaicheanta úmpa agus a sgíatha sgáthúaithne agus a starghaibh stuadhghlana agus a gcathbharra dubhdhaithte agus a


p.56

gcloidhimhe troma taobhleabhaire toirteamhla agus a sleaghaibh slíopa slinnleathana slinnghéura. Cía trácht do chromadur na catha ceachtardha fána chéile inna rúadhbhróintibh rómhóra agus ionna ndrongaibh toirteamhla líonmhura {folio 339} gur marbhadh mórán re hathaidh n-aithghairid eatortha. Is ann san do mhearlas an mhuir mhearthonnach mheasgaitheach d'innsint uilc an chatha sin agus do chriothnaig an talamh trómfhódach fána gcosaibh & do chómhbhéiciodar cairgeacha cinngharbha agus do bhorblabh- aradar badhbha beóldearga bonnlúaithe & brainfhéich bhorbdhubha bheólchaínteacha & ba cómhór do labharadís clocha na talmhann ionna ttíompchall agus coillte teanntroma agus easaibhne éadroma agus linnte labharthacha lomlúaithe, agus tugadar na dúile úachtaracha trómgháir d'aontaobh ortha d'innsint na n-éacht agus na n-easbadh sin óir do nualladís cruinn agus clocha, aeghar & firmemente dá chéile d'innsint uilc na húaire sin gur chlos fá cheithre chuallaibh an domhuinn an díoghalt tug Usgur air caith na n-allmhúrach an tan sin, agus ba samhuiltíghe sin le gairbheas glórach garbhlinnteach ag cómhdhortadh tré chaol-charruigeacha chómhtheanna nó mur bhuinne borbruadh breaclasarach tré mhullach ríghthíghe etc.




p.14

408] Rug {folio 4a 1} Oscar ardruathar fo cath na n-allmurach

409] & ba samalta sin re gairbheas nglórach ngairbhlinnteach

410] ngráineamhail ac comdortadh tré chaelcharaidh comthana,

411] nó mar bhuinni mborbruadh mbreaclasrach tré mullach

412] rofhairsing ríghthighi, nó mar thonnghail tuinne ceannghili

413] cneasuaine cainntighi cuipghili treathanmóiri 'na timcheall,

414] is é sin sreathadh & scaíledh & slisbualadh & sreangleadradh

415] & saebcuma tuc Oscar arna hallmurchaibh don ruathar sin.

416] Is ann sin do-riacht Bolcán rí na Fraingci & Oisín dochum

417] a chéli & ro sáidhsead an dá meirgi maethsróill isin tulaig

418] taebhuaine & ro thógaibhsead an dá sciath áilli ilbuadhacha

419] a n-aicill a chéli & ro nochtadar a cloidhme creatbláithi

420] comtharrachaa & do-rinneadar urrlaidhi urrlamh ainiarmartach.

421] Ocus do bhí an comrac ag dul tara chéili ann

422] sin uair do bás ac clódh Oisín ann, & do-connairc Oisín

423] mac Oisín sin & táinic chuca & tuc béim do rígh na Fraingi

424] & do-rad an rí bém dó-san & do freagair a comlann d'Oisín.

425] Ocus do-connairc dá mac ele Oisín sin .i. Échtach &

426] Uladh, & ro ghonadar rígh Frangc & do gon-san gach

427] neach díbh-sean a cumain a ghona, & do bean osnamh

428] éccomlainn a hOisín tairsib uili. Ocus do-connairc Mac

429] Lughach sin & do-rad rodghuin do rígh Frangc & do-rad

430] an rí béim dó-som & do freagair a comlann d'Oisín.

431] Tángadar iommorro trí caeca laech do Clannaibh Baíscne

432] chuigi & ro ghon gach énfhear acu hé & ro ghon-san gach

433] énfer acu-san, & do bean osnam éccomlainn a hOisín

434] thairsibh uili.

435] Do-chuala iommorro sin an tuir nár traethadh & an

436] leoman luathfhergach & an nathair neimhélach & an

437] onchú irghaili & an tonn rabharta & an bráth tar bruachaibh

438] & an chathbearna céd & an lámh nach lamthaí & an croidhi

439] nach cumscnaidthí & an troigh nach ruc aenchéim ar


p.15

440] cúlaibh riamh roim {folio 4a 2} uathadh nó sochaide .i. Oscar

441] anghlonnach. Ocus ba hingnadh leis cia do lémadh an

442] éigean sin ara athair, & táinic dá n-innsaighidh ana

443] fheargruathar reachtaigmhéil & ba samalta re caeca each

444] ac torannbhualadh & ag crithbhualadh na trágha an

445] crithbhualadh tuc uirri. Ocus do-connairc rí Frangc

446] chuigi hé & do-chuaidh a chruth & a chaemhdénamh de &

447] téid a ghal & a ghaisceadh ar chúl & smuainis nach roibhi

448] ar talmain dídin aigi muna deachadh a n-aer nó a

449] firmaiminnt, & féchais suas arna néllaibh & smuainis

450] gumadh dín dó eaturra & táinic édtruma chélli & aigeanta

451] dó & tuc síneadh ara cholainn ó talmain co ndeachaidh

452] re gaíth & re gealtacht a fhiadhnaisi sluagh an domhain

453] & nír thoirn don baetheitill sin co ráinic Gleann mBolcáin

454] a n-oirrthear na críchi sin, & tucadh gáirthi adhbulmhóra

455] ag sluaghaibh an domhain 'gá chaínedh & ac fianaibh

456] Érenn 'gá commaídheamh.

457] Do bádar iommorro fiana Érenn mar sin co táinic an

458] oidhchi, & adubairt Finn: 'Is cumthach aithmélach atá

459] rí an domain anocht,' ar sé, '& do-bhéra amas longpuirt

460] oruibh. Ocus cia hagaibh do-ghiabhainn d'foraire an chuain

461] anocht?' ar sé. 'Do-ghiabhair misi,' ar Oisín, '& an

462] lín cedna do bhí ac cur catha aniubh mailli rim, óir ní

463] furáil linn lá co n-oidhchi do dingmháil d'fhianaibh Érenn.'

464] Ocus tángadar aran cuan. Ocus is i sin uair & aimser

465] adubairt rígh an domhain: 'Dar linn, a fhiru an domhain,

466] ní maith bhar sén catha aniubh,' ar sé, '& éirgeadh dream

467] éigin agaibh do thabairt amuis longphuirt ar fhianaibh

468] Érenn.'

469] Is ann sin ro éirgedar naí mic Gairb mic Tachair .i.

470] Donn Mara mac Gairbh & Lonnmar mac {folio 4b 1}Gairbh

471] & Lodra mac Gairbh & Iuchra mac Gairbh & Troigleathan


p.16

472] mac Gairbh & Tarraing Trén mac Gairb & Tola mac Gairbh

473] & Tomna mac Gairbh & Dolar Durtha mac Gairbh rí

474] Mara nIcht & sé céd dég a shocraidi. Ocus tángadar a

475] tír uili acht seinnser na clainni sin Gairb .i. Dolur Durbha,

476] & do freagradar Clanna Baíscne co hathlum imghonach iad

477] & tángadar do tréntuarcain a chéle gur leadradh lámha ann

478] sin & gur teascadh taíbh & gur cirrbadh cuirp, & do bádar

479] isin irghail sin co táinic an maiden mochsolus. Acht énní,

480] ní roibh beó sa maidin neach doba thualaing a arm d'imirt

481] díbh leath ar leath acht triar do clannaibh Gairbh & Oisín

482] & Oscar. Ocus ní drud ó chele do-rinnedar acht tucadh

483] sithi ara chéli acu & ro innsaigh dias díb Oscar & ro innsaig

484] an treas fear & Oisín a chéli, & ba cruaid coimnert cutruma

485] an comrac sin. Ocus fuaradar a dís fén bás le hOscar &

486] do thuitsedar taisi & táimnélla báis air fén & ba lór do

487] laighdiugadh Oisín sin.

488] Ro theilg iommorro Oisín & an t-allmurach a n-airm asa

489] lámaibh & ro dúnsat a righthi reamra ríghdha romaiseacha

490] tar caelaib corp a chéle & tucsad cuir fhearrdha fhírcalma

491] d'aroile. Acht énni, dobo theachta ó oirrther an domhain

492] co Críchaibh na Fhuinedhach d'fhéchain comraic na deisi

493] sin. Is ann sin tuc an t-allmurach tarraing tulcalma ar

494] Oisín dochum na fairrgi, óir ba maith a snámh & a onfais

495] féin. Tuc iommorro Oisín tarraing air sin óir nír fhiú

496] leis a inad comraic do seachna dó. Rángadar iommorro

497] araen sa fhairrci & do bídís ac combáthadh a chéile co

498] téighdís {folio 4b 2} co grian & co grinnell an glanmara. Ba

499] crád cridhe iommorro leisin fhéin Oisín do beith isin éigin

500] sin. 'Éirigh, a Fhearghuis Fhínbhéil,' ar Finn, 'do moladh

501] mo mic dam & dá greasacht.' Téid Fearghus co hoirear an

502] chuain chuipghléghil. 'A anum a Oisín,' ar Ferghus,

503] 'is maith an comlann sin do-ní & is imdha fiadhnaisi air


p.17

504] uair atáid sluaig an domain móir uili & fiana Érenn 'gut

505] fheitheamh, & médaig do menma & cuimhnigh na comlanna

506] maithi do-rinneadh roime leat.' Do cumhnaigh iommorro

507] Oisín a áithesa móra mince 'mun ngreasacht sin tuc

508] Fearghus air, & do éirigh a aignedh & do médaigh a menma

509] & ro dúnastair na dódláma doleónta um chael droma an

510] allmuraigh & rug les co grian an glanmara hé & tuc a

511] druim re grian dó & a bél a n-airde & níor lig anís hé gur

512] scar a anam fria corp, & tuc a tír hé & ro scar an ceann &

513] an colann re' chéli & táinic féin co coscrach commaídmtheach

514] co fianaibh Éirenn.

515] Ro éirigh iommorro seinnser na clainni sin Gairbh mic

516] Thacair .i. Dolar Durba rí Mara nIcht. 'A rí an domhain,'

517] ar sé, 'is truagh duit gan mo leigen d'éntaíbh rem

518] bráithribh co fianaibh Érenn, uair dá mbeinn-si féin

519] fariú, níbudh tualaing fiana Érenn ar marbadh & dígheólad-sa

520] co maith iad uair mairbhfead-sa céd fear n-armach

521] gach lae díb nó co tair lim iad uili, & is briathar dam,'

522] ar sé, 'dá faghar-sa neach do sluagaibh an domhain

523] do deargadh a airm ar neach díb, co n-imér bás air.' Ocus

524] táinic a tír & do tshir comhlann céd aran fhéin, & tucadh

525] gáir fhochmaididh & fhanámaid aca-san uime & do cuiredh

526] céd chuigi an lá sin. Cidh tráth acht ba ruathar leomain

527] bhuirb barbardha a ghnímartha-san orro & dorcradar leis

528] gan áladh gan fordergadh do thabairt air fén & do-rinne

529] cairn dá ceann- {folio 5a 1} aibh & duma dhá collaibh &

530] fadhbcharn dá n-édaighibh.

531] Iar sin tráth ro theilg an t-allmurach a eirredh catha

532] de & do ghabh eirredh suaicnidh somhaiseach uime & do

533] gabh camán & liathróid & ro bhuail an liathróid ó iarthar


p.18

534] na trágha co 'hoirrther & do ghabh 'na deasláim ré toirrnemh

535] hí & do chuir ara troighidh hí an dara feacht & do lig 'na

536] ruathar hé ó iarthar na trágha co 'hoirrther & sé ac teilgean

537] na liathróide don troighidh 'na chéile gan lámh do bhuain

538] ria & gan isi do bhuain re talam, & cuiris ara ghlún hí an

539] treas fecht & reathais gusan cenn ele don tráigh & sé 'gá

540] cur don glún 'na chéle gan buain re lár. Teilgis iommorro

541] ara ghualaind hí & ruc ruathar ba samalta re gaíth Márta

542] ón cheann 'na chéili don tráigh & sé ag teilgean na liathróidi

543] don ghualainn dá chéile gan láim do bhuain ria & gan

544] isi do bhuain re talmain. Ocus greannaighis an fhian uili

545] uman cles sin do dénamh. Fóbrais iommorro Oscar &

546] Mac Lugach techt do dénamh an chleasa sin. 'Anaidh,

547] a óga,' ar Finn, 'uair ní dearrna & ní dhingne Éirennach

548] an cleas úd acht éntriar amáin .i. Lugh mac Eithleann a

549] cath Mhuighi Tuiredh & do-rinne Cú Chulainn a Tailltin

550] hé & ticfa macámh ele do Connachtaibh do-ghéna hé.'

551] Téid trá an t-allmurach ana luing ana dhiaidh sin, &

552] táinic arnamárach & do shir comhlann céd. Nír fríth neach

553] dá fhaemadh sin nó co nderrna an fhian crannchur & an

554] céd ráinic chuigi an lá sin ní tháinic fer innisti scél díbh

555] & torchradar leis fo cédóir, & do-chuaidh ana luing an

556] oidhchi sin. Táinic arnamárach chuca, acht énní, ní

557] fhacadar an fian chuca riamh d'iarraidh comhlainn neach

558] re budh mó a ndoicheall ná sé, & ba seac leó an cranncur

559] do dénamh ar teithedh a fhreagartha, & an céd dá ráinic

560] dul chuigi an lá sin, ro fhágsad imchomarc beathadh &

561] sláinti ac fianaibh Érenn, uair ba dearbh leó nach ticfaidís

562] tara n-ais arís. Táinic an t-allmurach chuca & do bhí

563] do méd a fheirgi ní hairm tuc les {folio 5a 2} an lá sin acht rug

564] ruathar fútha, & an fer fa neasa dó díbh, do ghabhadh ar

565] chael choisi hé & do-beredh rodbhuilli dímór de fá cheann

566] an fhir ba neasa dó, & do thuit an céd sin leis & do leig


p.19

567] a ghuth míledh a mullach a chinn ac commaídem an áir

568] & do-chuaidh 'na luing an oidhchi sin.

569] Do-clos iommorro fo ceithri cúilibh Érenn scéla an

570] allmuraig sin & an díl tuc aran fhéin. Do-chuala iommorro

571] Fiachra Foiltleabar rí Uladh sin & adubairt: 'Is truagh

572] lium,' ar sé, 'méd an éigin a fuilid fian Érenn & gan mo

573] beith féin inchatha leó.' Ocus ní roibhi do chlainn aigi

574] acht énmac amháin a cinn a trí mbliadan déc, & dob é

575] adhbar rígh dob fearr dealbh & eineach do bí a nÉrinn é.

576] 'Maith do-déntá-sa sin,' ar an macámh, '.i. ógbaidh Uladh

577] uili do cur lium-sa cucu ó nach inchatha tú féin.' 'Ná

578] habair-si sin,' ar an rí, 'uair ní hincomraic leanamh trí

579] mbliadan déc, & dámadh edh, dobadh eadh thusa.' Ocus

580] do thuig an rí nárbh áil leisin macám anmain gan dul

581] co fianaibh Érenn. Do gabadh iommorro leó hé & do

582] cuireadh a seomra fo iadhadh hé & dá macám dég do

583] macaibh rígh & rofhlatha Uladh do bhí 'na comaltadhaibh

584] aigi leis. 'A óga,' ar an macámh, 'is maith do-ghénadh

585] sib-si techt lium-sa co fianaibh Érenn, ar gin co fuil bhar

586] n-airi-si re ríghi nUladh, dobadh maith díb clú maith

587] dábar rochtain fén. Uair gin gur gabh Conall Cearrnach

588] mac Aimirghin ná Cú Chulainn mac Subhaltaigh náid

589] mic uaisli ághmara Uisnigh ríghi nUladh, is beac má ba

590] oirrdearca Concobhar agá roibhi ríghi Uladh ná siad

591] tréna ngnímarthaibh maithi fén, & is cubhais dam-sa fós,'

592] ar sé, 'nach racha proinn nó tomaltas am bél-sa coidhchí

593] ar ulcaibh rib-si innas co fhuiger-sa bás & co ngéba rí

594] eachtrann ríghi Uladh tar éis m'athar-sa & co ruca

595] ainbreatha oraibh-si.'

596] Do-chuaidh iommorro an comhrádh sin fona macámaibh

597] & an tan do chodail an rí, do-cuadar-san fo teach na séd

598] & tuc- {folio 5b 1} sad sciath & cloidheamh & cathbarr & dá

599] craísigh chatha & da chuilén mílchon gacha macáimh leó


p.20

600] as, & tángadar rompu tar Eas Ruaidh mic Badhuirn

601] atuaidh & tré crichaibh craebhtorthacha Cairbri co

602] coimdíreach & tré chúigedh clannlínmar Connacht & tré

603] Chailli an Chosnuma rea n-abartar rogha gacha ríghi &

604] fíronóir gacha filed & tar sruth Anaighi & a Ciarraighi

605] Luachra & láim re Cathair na Claenrátha siar & as sin

606] co cuan Finntrágha.

607] Is í sin uair & aimsear tarrla an t-allmurach .i. Dolar

608] Durbha, aran tráigh ac grísadh & ac imdergadh na féni,

609] & do ghabh adhnáiri mhór Oisín uime sin. 'A fhiana Érenn,'

610] ar sé, 'do thuit mórán dar sluagaibh le Dolar Durbha &

611] ní shaílim a beac againn do dhul beó ó chath Fhinntrágha,

612] & má tá a ndán dam fén bás d'fhagháil ann, is fearr lium

613] bás d'fagháil le Dolar Durbha & comrac maith do dénam

614] ris ná beth ac féchain an díla do-bhéra sé aran féin gach

615] laí.' Ocus ro tógbadh tromgháir truagh tuirseach trom-neimélach

616] ag ógbaidh na féine & agá n-aes ciúil & oirfididh

617] & ealadna óna briathraibh sin Oisín.

618] Is í sin uair & aimser do-conncadar an buiden óg ildealbach

619] san oirear anoir gach ndíreach chuca. 'An agam, a mic,'

620] ar Finn 'co fhinnainn cúich an bhuidhen óg illealbach

621] do-chím is ferr écosc do-connac aran domhan riam.' Ocus

622] tángadar chuca faí sin & leigis mac rígh Uladh a glún

623] deas faí a fhiadhnaise an ríghféinidh & beannaighis co

624] cunnail céillidi dó, & freagairter mar an cédna hé &

625] fiarfaighis Finn scéla díbh, cúich iad fén & caidhe a n-árus.

626] 'Eamhain Macha ar n-árus,' ar an macám, '& is dím féin

627] goirther Goll mac ríg Uladh, & comaltadha dam na macáim

628] úd aili ad-chíthi-si.' 'Créd ro ghluais sib an tráth sa?'

629] ar Finn. 'Sluagh an domain móir uili ad-cios dúinn ac

630] cathachadh ribh-si gach laí & dob áil linne cleasa goili

631] & gaiscidh d'fhoghlaim {folio 5b 2} uaibh-si, & dá mbeidís macáim


p.21

632] óga uaisli mar sinne faré rí an domhain, dob áil linne,

633] a rífhéinidh, ar coimlín fén do dingmháil díd-sa dib ó

634] nach aíseach sinn re comrac prímlaech.' 'Mo-chean-sa

635] bar tacht & bar torrachtain,' ar Finn, '& gidheadh,' ar

636] sé, 'dobadh scél mór énmac h'athar-sa do leigean dochum

637] na n-allmurach & gan adhbhar rígh d'Ulltachaibh acht sé.'

638] Is ann sin do leig an t-allmurach a ghuth míledh a

639] n-uachtar a chinn do coimgrennugadh na féine. 'Créd an

640] laech úd ad-chím?' ar mac rígh Uladh. 'Laech súd ac

641] iarraidh comhlaind céd,' ar Conán mac Morna. 'Créd

642] do-ber gan comhlann éinfhir d'fhagháil dó?' ar an

643] macámh. 'Truagh sin,' ar Conán, 'uair do thuiteadar

644] cúic céd laech don féin re cúic lá a ndiaidh a chéili leis &

645] ní fagar uathadh nó sochaidhi anois dá freagra.' 'Ingnad

646] an clú atá oruibh-si,' ar an macámh, '& énlaech sa domhan

647] d'éra um comhlann daíbh, & rachad-sa cuici,' ar mac rígh

648] Uladh. 'Ná habair arís sin,' ar Conán, 'uair dar ar

649] mbréithir, na cúic céd torchair leis, do dingébadh gach

650] énfher díbh thusa.' 'Nír aithnidh dam-sa an fhian roim

651] aniubh,' ar an macámh, '& dar lium is tusa fear míblais

652] & mí-urrlabra na féine, a Conáin mic Morna.' 'Is rim

653] ráitir,' ar Conán mac Morna. 'Is briathar dam-sa,' ar

654] mac rígh Uladh, 'dá mbeitheá-sa & an laech úd & na

655] cúic céd sin d'éntaíbh, nach bérainn-si céim ar cúl romaibh

656] uili.' Ocus éirghis an macámh d'innsaigidh an allmuraigh.

657] 'A Chlanna Rónáin,' arsa Finn, 'cuirim ar bhar cumairce

658] & ar bhar n-eineach gan mac rígh Uladh do leigean

659] dochum an allmuraigh.' Éirghis Caílti & clannmaicne

660] Rónáin uili, & fa hobair mór dhóibh uili a congmháil &

661] do cuireadh glais & géibhinn fair. Ocus an céin do bás

662] 'gá ghabáil-sén, do-chuadar a dhá chomalta décc do

663] comrac risan allmurach, & nír airigh an fhian iad gur

664] {folio 6a 1} thuitsed leis & gur bhean a dhá cheann déc díbh, &


p.22

665] do leig a ghuth míledh a n-uachtar a chine ac commaídem

666] an ghníma sin. 'Créd fá ndénann an t-allmurach so?'

667] ar mac rígh Uladh. 'Is truagh duit-si an t-adhbhar,' ar

668] Conán mac Morna, '.i. ac commaídem do dhá comalta

669] déc-sa atá.' 'Truagh an scél sin, a dhuine,' ar mac rígh

670] Uladh, '& a fhiana Érenn,' ar sé, 'budh fada a fholtanus

671] díbh mo congbháil mar so uair do-ghiab-sa bás d'feirg

672] & d'aithmhéla & is oraibh-se bhias a fholtanas,' ar sé,

673] '& budh eascaraid sibh & Ulaidh dá éis choidhchi, & dobo

674] beac a díth díbh-si tuitim leisan allmurach úd dam-sa

675] suil do congbadh sib mar so mé.'

676] Do-chuaidh iommorro an comrádh sin fo fianaib Érenn

677] & ro scaíledh aca de. Is ann sin ro ghabh an mac sin arm

678] a shean & a sheinnsear & ro ghabh scúirdléine sróill &

679] gormlúireach grísmáillech glaisleabar & órsciath imealchorcra

680] & coilér cumdachta caelreangach cimasgel & dá craisigh

681] cheannghlasa cheannlethna cróremra & cloidheamh crosórdha

682] cumdaigh, & ruc ruathar a n-aghaidh an allmuraigh

683] fón innus sin. Ocus meabais gean gáire aran allmurach

684] ima fhaicsin chuigi & do thógbadar sluaigh an domhain

685] móir uili gáirthi scigi & fanámhaid dó, & ba móidi a menma

686] leisan macámh sin uili, & rángadar sé gona uadha aran

687] allmurach suil do gonadh hé féin. Ocus ro fearsad comrac.

688] Féigh fuileach forbartach coimnert calma croidheamhail

689] ruibhnech reachtmar rodghonach treasach taíbhderg

690] tulgánach aigmhéil ingnadh anaithnidh iachtach urrlamh

691] osnadach láimderg léidmeach luathghonach dígháir dlúth-mear

692] dásachtach cneadhach crannruadh croidemail comrac

693] na deisi sin. Uair dá sirthí ó imlibh oirrtheracha Innsi

694] Cirb a medón Mara Romoir Ruaidh co Tír na Fhuinedhach,

695] ni fuighthí eaturru sin comhrac deisi budh ferr ná in


p.23

696] comrac sin. Ocus do bádar sluaigh an domhain mhóir

697] uili & fiana Érenn 'gá coimgreasacht.

698] Ocus ar techt na hoidhchi trá & ar tairgsin a n-arm & ar

699] scoltadh a sciath, {folio 6a 2} ní drud ó chéili do-rónsat amhail

700] bu gnáth do comrac sgur ó thicfadh adhaigh acht

701] rucadar ruathar foirtill fergadhbal a comdáil a chéle

702] & ro dúnsad a lámha luatha léidmheacha tara chéli &

703] tucadar cuir ána athluma d'aroile gur brúighedar an

704] gealtrácht gainmidhi. Ocus do bádar isin comshuathadh

705] sin co táinic an lán mara & gur leath eaturra & tír, & do

706] bhí do méd feirgi na deisi sin nár sheachnadar a n-inadh

707] comraic co táinic an lán mara tarsta & gur báidhedh araen

708] iad a fhiadnaisi sluagh an domhain & fian Érenn, & tucadh

709] gáir adhbhalmhór ac sluaghaibh an domhain & ag fianaibh

710] Érenn ac comchaíneadh na deisi sin. Ocus is ann do

711] fríth arnamhárach iad aran tráigh & a lámha arna

712] cruadhcheangal um chaeldromannaibh a chéili & cuach-shnadmanna

713] dá cosaibh tréna chéili, & srón meic rígh Uladh

714] a mbél an allmuraigh & a smeig-sim a mbél an macáimh,

715] & dob éigean an t-allmurach do leadradh acá scarthain

716] re' chéili. Ocus ro hadhlaiceadh mac rígh Uladh & do

717] claidheadh a fheart & do tógbadh lia osa loidhe, & do

718] feradh a chluithi caínteach le fianaibh Érenn, & nír thuit

719] leisan fhiangaisceadh riam mac dobo comhchoitchinne

720] cuma iná sé.

721] 'Cia do-ghiabhainn d'fhoraire an chuain anocht ?' ar

722] Finn. 'Rachmaid-ne chuigi,' arsa naí nGairb na féine .i.

723] Garb Shléibhi Mis & Garb Shléibhi Cua & Garb Shléibhe

724] Cláir & Garb Shléibhi Crot & Garb Shléibhi Muice & Garb

725] Shléibhe Fuaid & Gairb Sléibhe Átha Móir & Garb Dúine

726] Dealgan & Garb Dúine Sobairci & a fhiana fén fariú.


p.24

727] Gairid iommorro do bádar ann an tan do-conncadar Iruath

728] mac Dreagan mic Duilli rígh Fer nDreagan chuca, & do

729] innsaigheadar a céili & do bádar ag ár & ag oirrlech aroili.

730] Acht énní, ni fédtar a comhraic uili d'faisnéis nó d'innisin

731] & ní fétar a tuarascbáil do thabairt uair ní raibhi 'na

732] seasam ar chinn an lae díbh acht trí Gairbh dona Garbaibh

733] & rígh Fer {folio 6b 1} nDreagan, & ní ar tlás ná ar time do-chuaidh

734] aca méd an áir 'na timchell acht ro cromadar

735] na cinn & ro luathaighedar na lámha & do ben gach neach

736] díbh ciall dá anmain, uair do sáidheadar na craíseacha

737] isna corpaibh co rucadar urranna caebacha cubhardearga

738] cró tré dromannaibh na ndeachlaech gurba comthuitim

739] don ceathrar sin bonn re bonn & bél re bél aran láthair sin.

740] Asa aithli sin iommorro do-connairc Ferghus Fínbhél

741] mac Finn urmór fhian Érenn ar tuitim & do-chuaidh

742] gan cead gan comairli dóib co Teamraig na Rígh mar a

743] raibhe Cormac mac Airt airdrígh Érenn & do innis dó

744] an t-éigen a raibhi Finn & fiana Érenn. 'Maith lium-sa,'

745] ar Cormac, 'Finn do beth isin éigin sin, uair ní lamhann

746] neach dá fuil fúm d'aes na treabaire muc ná míl ná breac

747] ná bradán ná óglaegh allaidh dá fhagadh marbh a cinn

748] gacha conairi, ní lamhann a thógbáil do lár le smacht &

749] ní lamhann neach d'aes na treabaire teacht ón buailid

750] gusan seanbhaili gan sgreaball d'Finn & ní lamhthar bean

751] díb do thabairt d'fhir nó co fhiarfaighear di an mbiadh

752] fear nó leannán a fhianaib Érenn aici, & muna rabh, is

753] éigin screaball do thabairt d'Finn ré ndul dochum fir

754] di. Ocus is mór do drochbreathaibh beiris Finn orainne

755] & dobadh ferr linn treisi ac allmurchaibh ná aigi.'

756] Téid iommorro Fearghus aran fhaithchi mar a raibe

757] Cairbri Lifeachair mac Cormaic ac cluichi lúibe & liathróidi.

758] 'A Cairpri Lifeachair,' ar Ferghus Fínbél, 'is olc an


p.25

759] cosnamh ar Érinn duit beith ac baethcluichi gan buantarbha

760] & si 'gá buain díb ac allmurchaibh.' Ocus do bí 'gá greasacht

761] & 'gá imdergadh, & gabhais adhnáire mór Cairbri Lifeachair

762] tríd sin & teilgis a chamán uadha & táinic fá Thuathaib

763] Teamrach. Ocus do timsaigh an óghaidh uili co roibhi

764] deich céd fiched ar maidin, & tiaghaid rompa gan ced

765] gan comairli do Cormac mac Airt nó co rángadar cuan

766] Finntrágha. Ocus téid Ferghus rompa a pup- {folio 6b 2} aill

767] Finn & fiarfaigis Finn scéla de & do innis Ferghus dó

768] Cairbri Lifeachair do theacht leis, & ro éirgedar fian Érenn

769] uili a n-agaidh Cairbri & ro fearsad fáiltidha ris. Adubairt

770] Finn: 'A Cairbri,' ar sé, 'dobadh fhearr linn do theacht

771] cugainn an tráth do beidis aes ciúil & oirfididh & aes dána

772] & mná & bannála ac aíbhnes ort ná in tan do biadh éigean

773] catha orainn amail atá anuis.' 'Ní do choimidacht ort

774] thánag-sa,' ar Cairbri, 'acht do thabairt m'fheadma catha

775] leat.' 'Nír ghabhus-sa óglach nua riam re hucht chatha,'

776] ar Finn, 'uair is minic leisan neach tig mar sin a dhul a

777] n-inadh báis d'fhagáil, & ní háil lim-sa m'óglach nua do

778] thuitim trím.' 'Is cubhais dam-sa,' ar Cairbri, 'co

779] tibear-sa cath as m'ucht féin dóib muna thucar as t'ucht-sa

780] é.' Ocus téid Fearghus Fínbhél d'fógra catha ó Chairbri

781] Lifeachair ar rígh an domhain.

782] 'Cia fhreageórus mac rígh Érenn dam?' ar rígh an

783] domhain. 'Rachad-sa chuice,' arsa Sligeach mac Sengairb

784] rígh Fhear Ceapdha, & táinic a tír & a trí ruadhchatha

785] romóra. Ocus táinic Cairbri 'na n-agaidh & a ógbaidh

786] uili fa lia a fharradh Cairbri ann sin. 'A Cairbri,' ar fear

787] dá muintir ris, 'gabh cridhi maith chugad don cath sa

788] uair ní ferr leisin fhéin cuid maith agad-sa de ná ag

789] allmurchaibh. Uair is é do sheanathair-si do marb Cumall

790] mac Trénmhóir athair Finn & is cumain leó-san sin gin

791] gur cumhain leat-sa é.' 'Gá chluinsin sin do Cairbri, ruc


p.26

792] ruathar fá cath na n-allmurach & do gabh 'gá slaidhi

793] & 'gá sleachtadh gurba taebhtheascaighi treóin dá treas

794] & gurba mughaighi maithi dá mórghleó co tarrla chuigi

795] an fer feargach forránach .i. Sligeach mac Seanghairbh,

796] & gér é sin, ba bás urrlam & fa écc obann & fa hoideadh

797] áirighi teagmháil rena comlann. Ocus tuairgis cách a

798] chéle díbh & do congbhadar an dá sciath áilli ilbuadhacha

799] frisin aicill & do cromadar na haighthi arda oscurtha

800] a crislaigibh na sciath mbreacard mbordchuanna & do

801] imreadar na lanna límtha gurba cliatha tolla teascaidhthi

802] na taíbh ón trénurrlaidi sin.

{RIA MS 29}{folio 355}


p.56

... agus do chromadur na haighthe osgurdha a gcrioslaídhibh na sgíath mbreacárda mbordchuanna agus d'imridur na lanna líomhtha leathanghéura gur ba cliatha tollta teasgaithe


p.57

na taoibh aco ón ttréantuargaint sin gur ba dóirsi báis na béimionna calma cómhléidmheacha tug Cairbre air an allmhúrach, gur thuit a bhfóircheann an chómhraic sin leis, agus táine féin go mbuadh gcosgair go Fionn mac Cúmhaill agus go fíanaibh Éirionn.

As a haithle sin adubhairt Fionn mac Cumhaill: 'A fhianaibh Éirionn,' air sé, 'ní fhaicim féin mac rígh ná rófhlaith ná taoiseach féine d'fhíanaibh Éirionn gan caith do thabhairt as 'ucht féin, agus fógartar lá mórchatha eattrom-sa agus Rígh an Domhuinn.' 'Léig dhómh-sa caith do thabhairt d'allmhúrcha,' air Caoilte mac Rónáin. 'Atá sin do ghoil agus do ghaisge ionnat,' air Fionn mac Cúmhaill, 'air son nách ceárd mhic óglaoich dul do chur catha le hárdríghthibh, agus dá mbeitheá-sa a líon catha do chur, do léigfinn chuige thu.' 'Atáid fithche céad agam annso,' air Caoilte. 'As maith an tsochraid mhic óglaoich sin,' air Fionn, 'agus a fhianaibh Éirionn,' air sé, 'is maith do dhlíghfeach dhíbh cúngnamh sluagh do thabhairt do Chaoilte mac Rónáin, óir as é chongbhus gacha bliadhain agus gacha treas bliadhain sibh óir atá seacht ttighthe n-aoigheadh ag cómhfhreagra age d'fearaibh Éireann.' 'Do-bhéur féin céad do,' air Usgur. 'Do-gheabhaidh sé céad eile úaim-si,' air an fhian Mhuimhneach. 'Do-gheabhaidh sé céad úaim-si,' air Goll Garbh mac Rígh Alban. 'Do-gheabhaidh sé céad uaim-si,' air Druim Dearg mac Dollair .i. rígh féine an fhian Ulladh. 'Atáid {folio 356} cheithre céad fhithchiod agom anois,' air Caoilte mac Rónáin, '& níor theasta úaim do ghnáithlíon catha acht sé chéad, agus bíoch an chuid sin don chaith oram féin am aonar.'

Air sin téid Fearghus d'fógra catha do Chaoilte mac Rónáin go Rígh an Domhuinn. 'Cía don fhéin do thig chum an chatha aniogh?' air Rígh an Domhuinn. 'Óglách atá a bhfíannuígheacht é,' air Fearghus. 'Is mó badh cheárd do mhac óglaoich brughachas agus biadhtachas do dhéanamh ná dul do chur catha re hárd-ríghthibh, Agus cía fhreagórus mac Rónáin dam?' air Rígh an Domhuinn. 'Rachad-sa chuige,' air Troighleathan mac Rígh


p.58

na hEaspáine. 'As córuide dhuit a dhul,' air Fearghus, 'óir is ann atá an té do mharbh t'athair .i. Conn Crithir mac Brain mic Feabhaill.' Agus do ghaibh gráin mhór Fearghus le méid an adhmolaidh agus le hadhuaibhreacht a innill, agus táine mur a raibh Caoilte mac Rónáin agus d'innis sin do. D'ionnsuidheadur cách a chéile donna mbrosnach beódha agus ionna ndubhdhortaibh díleann agus do cuireadh ár adhthallmhór re hathaidh n-aithghairrid eattortha, & tárluig Caoilte mac Rónáin agus mac Rígh na hEaspáine air a chéile agus do bhádar ag tréantúargaint a chéile.

Agus as í sin uair agus aimsir do-chonnarcadar fíanaibh Éirionn loingeas mhór fán gcúan. 'Is truadh sin,' air Fionn mac Cumhaill 'óir is tuille cabhartha atá ag teacht chum na n-allmhúrach, agus as daoine caillte sinn feasta.' Air sin féuchas Oisín seacha ortha agus adubhairt: {folio 357}'Dob annamh leat-sa do mhealladh adt aithne, a rígh féine,' air sé, 'agus ní hallmhúraig íad súd acht dream d'fearaibh Éirionn atá ann agus as dod mhuinntir-si íad súd .i. Fiodhach mac Righ Breatan agus an Fhian Bhreathnach agus Dubhán mac Nuadhat mac Rígh Craige Léithe a dTuamhainn .i. dearbhráithir do mháthar féin.' Air sin tángadar na slóighte a ttír agus do-chonnarcadar na héachta dá ccur agus d'aithníghidur suaitheantas & meirge Chaoilte ann, agus gach nduine do thigeach do láithir, do-bheirioch béim do mhac Rígh na hEaspáine, agus níor bréagnuidheach na seanfhocail leo .i. luighe iolair ar uathadh. Agus do thuit mac Rígh na hEaspáine leó.

Air sin do thiomsuídheadar urmhór fhíanaibh Éirionn go haonionnad agus adubhairt Fionn mac Cúmhaill: 'Éirge, a Fhearghus, mur a bhfuil Rígh an Domhuinn agus gaibh lá mórchatha dhomh-sa fris.' Air sin téid Fearghus mur a raibh Rígh an Domhuinn


p.59

agus canais aitheasg Fhinn mhic Cúmhaill fris agus d'órduígheadur an treas lá a ndiaidh an lae sin chum an mhórchatha sin do chur.

Do bhádhas immorro ag teacht tar na sgéulaibh sin go coitcheann ar fud Éirionn uile agus go háirighthe do bhádhas an oídhche sin ag trácht air an gcaith a mbrúgh Thaidhg mic Nuadhat Rígh Craige Léithe a tTuadhmhumhainn. Agus así bean do bhí ag Tadhg .i. Caoiltabhair inghín Rígh Thíre na bhFear bhFionn, agus ba dhearbhchomhalta dhi Rígh an Domhuinn agus mac inghine dhi Fionn mac Cúmhaill. Agus do bhí san mbrúgh céadhna Muirinn {folio 358} Mhongchaoin inghin Thaidhg mic Nuadhat agus Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mic Nuadhat. 'A anam a Chaoiltabhair,' air Tadhg mac Nuadhat, 'cía dona hárdríghthibh so do shíleas tú do theacht beó ón mórchaith so nó an ttiocfa ceachtar dhíobh?' 'Is truadh sin,' air Caoiltabhair, 'óir dá mbeidis fir an domhuinn uile a n-aighidh Dháire Dhuinn mic Loisginn Lómghlúnaig .i. Rígh an Domhuinn, ní thraochfadís é, agus ní bhfuil cumus ag armaibh an domhuinn aon ruibe dá fholt do leadarradh agus ní bhfuil fíacail ionna cheann acht aonchnámh daingean & ní bhfuil easna 'na chorp acht aonchlár cóimhreámhar cnámha. Agus an oídhche do geineadh Dáire Donn do taidhbhreadh do Bhulcán Gobha a n-ifrionn go ngeinfíghe mac an oídhche sin do ghéabhach an domhann uile go hÉirinn agus nách déanfach arm ar bith fuilliúghadh ná


p.60

fóirdhearga air acht an t-arm do bainfíghe as an míanach do bainfíghe an oídhche sin, agus do rinneadh leis san ló céadhna sgian agus ga agus cloídheamh. Agus an tan do bhí Dáire Donn ag gabháil an domhuinn, do fuair Righ na Fúarígheachta fios na n-arm dho agus do rug Rígh an Domhuinn go teach m'athar-sa iad .i. Rígh Thíre na bhFear bhFionn, a oide féin, agus atáid a gciste cloiche age.' 'A Chaoiltabhair,' air Tadhg mac Nuadhat 'do badh maith dhuit-si dul lead dhraoigheacht féin ag iarraidh na n-arm sin do chabhair mic h'inghíne féin .i. Fionn mac Cúmhaill.' 'Is truadh sin,' air Caoiltabhair 'óir dá mbeidís anmanna Shíl Ádhaimh a ngeall {folio 350} ris sin, ní badh tualaing neach ar domhunn teacht ó Thír na bhFear bhFionn go Cúan Fionntrágha a n-iarthar Éirionn fó cheann trí lá, & dá mbeidís na hairm agom-sa annso, ní thiubhrainn úaim íad a n-aighidh mo chomhdhalta féin, an té do hoileadh air aon chíoch liom .i. Rígh an Domhuinn.' Adúbhairt Labhraidh Lámhfhada mac Taidhg mic Núadhat rena athair: 'Tabhair-se cúngnamh draoidheachta damh-sa go ndeachuinn d'iarraidh na n-arm dá mbeith mo chuid ionna bhfagháil óir asé as truadh liom an té is triaith agus as tíghearna dham agus mac mo dhearbhcsiubhrach féin do dhul fá chaoighil cloidhimh an allmhuraig úd agus nách déanfuig airm ar bith fuiliughadh ná fórdhearga air.'

Air sin tángadur air an bhfaithche amach & do cuireadh Labhraidh a riocht iolair adhbhallmhóir annsan. Air sin tógbhus Labhraidh air go húréadrom tar Muir Toirrian agus tar Muir Nirtgheal agus tar gach líonmhuir eile go ráinig faoi mheódhan laoi air na mháireach go dún a sheanathar .i. Righeacht na bhFear bhFionn. Agus do chúaidh iona riocht féin annsan agus téid don dún anonn air sin agus beannuídheas don Rígh go connail céillidhe


p.61

agus fearais an Rígh fíorchaoin fáilte roimh Labhraidh agus dob áil leis a fhastógh ionna fhochair féin.

'Ní chun cómhnuighthe tángus don turus-so,' air Labhraidh, 'acht ag iarra cúmhanta agns cómhairle ort-sa atáim .i. bean laoich do Th. D. D. do líomhnuídheag oram agus ní gabhthar úaim gan cómhrac fána ceann, {folio 360} agus atáid airm séanta ag an té atá chun comhraic liom do rinne Bhulcán Gobha a n-ifrionn do agus as ag iarraidh na n-arm atá agad-sa tángus-sa,' air Labhraidh. 'As truadh sin, a Labhraidh,' air an Rígh, 'dá mbeidís fir an domhuinn dá n-iarraidh oram-sa, ní thiúbhrainn úaim íad agus gan fhios agom nách a n-aighidh mo dhalta .i. Rígh an Domhuinn do béarfaoi íad.' 'Ná habair sin.' air Labhraidh 'óir as é an treas fhear as annsa liom-sa dá bhfuil air druim an domhuinn é .i. tusa & é féin agus Tadhg mae Nuadhat, agus ní bhfuil fáith catha ná comhlainn air feasta óir do ghaibh sé Éire amhuil gach críoch eile agus do bhronn sé Éire do mhac inghine t'inghine-se .i. Fionn mac Cumhaill.' Cia trácht créad do chan síad eatorrtha, tugadh na hairm do Labhraidh agus tugadh éadromacht na ngasán sanaise ionnta agus do-chuaidh Labhraidh a riocht iolair adhbhallmhóir annsan agns do cheangail sé na hairm do bhun a sgíathán. Agus táine tar na hiomarchaibh céadhna arís go ttáine a ttráith ghairm an choiligh go dún a athar féin .i. Rígh Craige Léithe a dTuadhmhumhainn, agus do thuit taise agus támhnéula báis air féin annsan. Agus gabhas Tadhg fáilte roimh Labhraidh agns tógbhus asteach san mbruíghin é agus tug losa Th. D. D. do .i. beatha agns sláinte. 'A mhic,' air Tadhg, 'as maith an teachtaireacht sin do rinnis óir ní dearrnadh a comhmhaith sin do theachtaireacht a nÉirinn ná air an ndomhunn riamh.' 'Is beag an tairbhe sin dómh-sa,' air Labhraidh, 'agus nách féidir liom na hairm so {folio 361} do thiodhalacadh go Fionntrágha chum Fionn mac Cúmhaill fá thráith catha


p.62

amáireach.' Agus d'éirge an lá ortha faoi sin. Air sin do-chonnarcadur Mac Éibhin .i. cumasach sármhaiseach do Th. D. D. chúcha agus ba comhlúaith re gaoith Mhárta é go meódhan lae agus ba comhluaith re cách ó sin amach é. 'As maith an tráith a thánguis, a chara,' air Labhraidh, 'agus triall leis na hairm so go Fionn mac Cúmhaill fá thráith catha aniogh go Fionntrágha.'

Do ghluais mac Éibhin etc.



803] {folio 7a 1}'... leisna harmaibh si co Finn fo tráth catha

804] aniubh.'

805] Do ghluais iommorro Mac Éimin roime amail luas

806] ainnli nó feirbe nó iarainne nó mar sithi gaíthi glanuaire

807] ag rochtain tar ceann mhachaire nó maighshlebi co ráinic

808] fo tráth éirghi do ló co cuan Fhinntrágha. Is í sin uair &

809] aimser do bhí Ferghus Finbél ac gabáil láma aran féin

810] dochum an mórchatha & is ed adubairt: 'A Fhiana Érenn,'

811] ar sé, 'dá mbedís seacht samlá a n-énló agaibh, atá a

812] n-obair aniub acaibh-si, uair ní dearnadh & ní dingéantar

813] a nÉrinn co brách obair énlae mar an lá aniubh.'

814] Ro éirgeadar iommorro fiana Éirenn ann sin & mar do

815] bádar ann, do-conncadar Mac Éimhin ana ruathar roreatha

816] chuca. Ocus fiarfaigis Finn scéla de & do fhiarfaig de can

817] asa táinic. 'Ó Brugh Thaidhg mic Nuadhad thánac,'

818] ar Mac Éimhin, '& dot fhis-sa do cuireadh mé dá fhiarfaighe

819] dhíd cinnas fhóbraidh dul a n-agaidh rígh an domhain &

820] nach deargann airm nó ilfhaebair air.' 'Is cubhais dam-sa,'

821] ar Finn, 'muna deargaid m'airm-si air, co mbrúidhfidir

822] lium a corp a medhón a lúirighi.' 'A rífhéinnidh,' ar Mac


p.27

823] Éimhin, 'atáid agam-sa ann so na hairm neime dá fhuil

824] a ndán dó bás d'fhagáil, & tuc Labhraidh Lámfhada,

825] derbráthair do máthar-sa féin, chugad iad tre dolb draídheachta.'

826] Ocus tucadh a láimh Fhinn iad & do bean a

827] cumdaighi díb & ro éirgedar saighnéna teinntidhi & bolga

828] bithneimneacha díb, & nír fhédadar ógbaidh na hairm sin

829] d'fhéchain. Ocus táinic trian do ghal & do ghaisceadh

830] & do menmain & do mórcroidhe dá gach énfhear d'fianaibh

831] Éirenn le faicsin na n-arm sin ag Finn, uair na caertha

832] teinedh do theilgdís díb, ní gabhadh eirreadh ná eideadh

833] riú co téighdís tré corpaibh na ndaíne fa neasa dóib ana

834] saighdib sithneimneacha. Ocus adubairt Finn: 'Tairre,

835] a Ferghuis Fínbél,' ar sé, '& féchtar lat cá méd maireas

836] don fhéinn dochum an mórchatha aniubh.' Áirmis

837] iommorro Ferghus Fínbél iad & adubairt re Finn: 'Éncath

838] eagair amáin mhaireas don fhéinn,' ar sé, '& is imdha

839] ann sin fer comlaind triair & fer comlainn nónbhair &

840] fer comlainn tríchad & fear comlainn céd.' 'Éirigh más

841] edh,' ar Finn, 'mar a fhuil rígh an domhain & abair ris

842] láthair an mórchatha d'innsaighi feasta.'

843] Téid Fearghus co rígh an domhain & is amlaidh do bhí

844] an {folio 7a 2} rígh ana imdhaidh & ceóla crota & cuisleanna

845] ciúil agá seinm dó. 'A rígh an domhain,' ar Fearghus

846] Fínbél, 'is fada an codladh sin a fhuili & ní guth ort uair

847] budh é do chodladh déideanach hé, & ro innsaigedar

848] an fhian a n-inadha catha & freagair-si iad.' 'Is dóigh

849] lium-sa,' ar rí an domhain, 'nach fhuil acfainn catha aca

850] am' agaidh-si. Ocus cá méd maireas d'fhianaibh Érenn?'

851] ar sé. 'Éncath egair amáin,' ar Ferghus, '& cá méd maireas

852] do shluagaibh an domhain?' 'Deich catha fiched

853] tánac-sa a nÉrinn,' ar sé, '& torcradar fiche cath le

854] fianaibh Érenn díb & is eadh maireas díbh deich catha

855] armruadha egair, & gidheadh atá ochtar díbh-sin & dá


p.28

856] mbedís fir an domhain uili am' agaidh-si do dingémthaí

857] leó iad .i. mé féin & Conmhael mo mac mórghnímach &

858] Ógarmach ingen rígh na Gréigi, an lámh is ferr sa domhan

859] am' fégmais-si féin, & Finnachta Fiaclach mo thaíseach

860] teaghlaigh-si féin, & rí Lochlann & a trí derbráithri .i.

861] Caiseal Clúmach & Fornne Glangér Gaiscedach & Tocha

862] & Mongach an Mara.'

863] 'Is cubhais dam-sa ámh,' ar rígh Lochlann cona

864] bráthribh, 'dá ndeach énfhear do shluaghaibh an domhain

865] romainne chuca, nach racham-ne, uair ní biadh toisc

866] dergtha faebair againne orrtho & ní bhérmaís ar díl ar

867] sainnti díbh uair is geis dúinn ó dergmaid ar n-airm gan a

868] sáith fola & fulrachta d'fhagáil dóib.'

869] 'Rachad-sa am ' aenar chuca,' ar sósar na clainni sin

870] .i. Forne mac rígh Lochlann. Ocus do ghabh a ghoirmeirredh

871] grísneimneach gráineamail uime & táinic fá fianaibh

872] Érenn & cloidemh dergfaebrach gacha lámha dó & do-beredh

873] an bráthbéim re 'chéile orrtha & ro heasairc an tucadh

874] dá n-ógaibh & do tanaig an trácht dá trénferaibh & ro

875] lín an learg dá laechaibh. Ocus do-connairc Finn sin

876] & ba crádh croidhe & ba baegal báis & ba heasbaidh anma

877] leis an díl tuc an t-allmurach aran féin, & do bí ag

878] coimgreasacht na féine chuigi. Ocus ro éirigh Ferghus

879] Fínbhél & is edh adubairt: 'A fhiana Érenn,' ar sé, 'is

880] truagh tarrla díbh a méd d'éigin & d'anforlann d'fhuilngeabhair

881] um ceann Érenn 'gá cosnamh & énlaech 'gá

882] buain díb aniubh & nach fuiltí acht amail bhís ealta minén

883] ar fud craíbhe {folio 7b 1} éigin 'gá n-imdídean ó bhís seabhac

884] ara tí. Sibh-si ag dul ar scáth Finn & Oisín & Oscuir & nach

885] cinneann neach ara chéli agaib & nach tabhair neach

886] uaib agaidh aran allmurach.' 'Dar mo chubhais,' ar

887] Oisín, 'is fír uili an forgeall sin & ní fhóbair neach againn

888] seach a chéili a dingmháil,' 'Ní fhuil neach is ferr ná


p.29

889] 'chéili agaibh,' ar Ferghus. 'Biaidh anois,' ar Oisín 'gá

890] leigean 'na thorainn thinneasnaigh d'innsaigid an allmuraig.

891] 'An agam, a laích,' ar Oisín, 'co ferainn comrac rit tar

892] ceann na féine.' 'Is briathar dam-sa guma gerr an cairde

893] sin,' ar mac rígh Lochlann.

894] Do thógadar iommorro an dá sciath imealchaín aladhbreac

895] a n-aicill a chéili & ro imreadar na craíseacha

896] créchtaidbhli comaigmhéile & na cloidme iarannbhláithi

897] órcumdaigthi, & do-rinnedar urrlaidhi tric thinneasnach

898] re hathaidh fhada. Do bhí iommorro an comhrac ac dul

899] tara chéili ann sin uair do bás ac clódh Oisín ann & do

900] bhean osnam éccomlainn as. Ocus ba druim re saegal

901] trá & fa bhuain chéilli do cabhair leisan fhéin Oisín do beith

902] isin éigin sin & tucadh gáir acaínteach os aird uime.

903] 'Is cubhais dhamh, a fir dhána,' ar Finn re Ferghus,

904] 'gurab truagh duid an greasacht thucais ar mo mac

905] dochum an allmuraigh, uair dob usa lium-sa bás

906] d'fhagáil dam fén & d'fianaibh Éirenn uili ná a faicsin

907] isin éigin a fhuil. Ocus éirigh d'adhmoladh mo mic dam

908] cumadh móide leis a menma hé & gumadh calmaidi a

909] comthuarcain.'

910] Téid Ferghus gusan maighin a rabhadar na curaidh

911] isin comlann. 'A anam a Oisín,' ar Ferghus, 'is adhnáir

912] leisan fhéin ísli h'inaid-si isin comlann sin & is imdha

913] taisteallach sibhail & echlach urláir ó ingenaibh rígh &

914] rofhlatha Érenn ag feitheam do comlainn.' Gabhais

915] méid menman Oisín 'mun greasacht sin tuc Ferghus air

916] & ro éirigh a aigneadh & do médaigh a menma re a mholadh,

917] & tuc sínedh ara cholainn co toillfedh mac mís idir gach

918] dá asna dó, & do-chualadar an fhian uili coimghéisedh a

919] chnám ag drud ó chéili, co tuc urchur don craísigh cródeirg

920] chatha baí fora inchaibh co tarrla an craíseach a mbrollach


p.30

921] na lúirighi co ndeachaidh fod ferlámha dá crann cruaidh

922] cheathardruimneach ar slicht a glaisiarainn tréna druim

923] siar seachtair {folio 7b 2} co fuair bás de. Ocus táinic féin co

924] fianaibh Érenn dá éisi.

925] Iar sin iommorro do tógbadh gáir adhbhulmór ag

926] sluaghaibh an domain 'gá chaínedh & gáir eili ac fianaibh

927] Érenn 'gá commaídem. Ní ar tlás ná ar time iommorro

928] do-cuaidh 'gá bráithribh-sean an laech sin do bhuain

929] díb, uair nír miadh nó maisi leó a thuitim le firgaiscedhach

930] na féine. Iar sin trá ro éirigh an fírlaech fergach forránach

931] dárbo comainm Tocha mac rígh Lochlann & táinic a tír

932] do dhíghailt a bráthar. Ocus is amlaidh do bhí an fer

933] sin & circaill cithneimneach cláriarnaighi uime ó a bhonn

934] co a bhathais. Dob athearrach aignidh iommorro d'fir

935] a fhéchain gin co n-innsaiged é, & fa dubadh dealba do

936] dheidhmhíledaib & ba tréigean feadma le fírlaechaibh &

937] ba claechlódh céille le curadhaibh a fhaiscin. Ocus nír

938] an ina n-imeal nó co ráinic a certlár na féine & do lig

939] ingheilt dá loinn límtha leaturrthaigh ar curpaibh curadh

940] & ar formnaibh feróglach & ar guaillibh galgad & ar righthibh

941] ríghmhíledh, & tucadar uili a ndruim risin allmurach &

942] do-chuadar a raen madma & teithidh reme. Gér imnár

943] trá in t-éigean sin, nír ghabh neach do láim mac rígh

944] Lochlann do dhingmháil nó gur impó Mac Lugach ris.

945] 'An agam, a rímílid,' ar Mac Lugach, 'co ferainn comrac

946] rit tar ceann na féine ó nach fóbraid uili do frithólam.' Ba

947] recht aignidh iommorro le mac rígh Lochlann a impódh

948] don dergruathar ara raibhi, & gérbh edh, nír fiú leis a eineach

949] d'uirbernnadh .i. éra ar neach fá nimh um comrac.

950] Ro feradar iommorro an dias sin ardcomrac aigméil

951] ilgonach anaithnidh gan turbaid gan tairgsin, gan rún

952] tláis ná time ná teithidh ar ceachtar díb, gur combladhadar


p.31

953] a craíseacha sa chathirghail & gur lúbadar na sithlanna

954] 'gá sírbualadh & gur scannradar a scéith ó faebraibh na

955] cloidem corrgér curata. Ocus ar n-easbaid a n-órsciath is

956] ann ba sanntaighi an sárcomlann, & tucadar a n-aenfheacht

957] dá athbhéim uaibhrecha aigméili ainiarmartacha gur

958] combhuaileadar na cloidme a caelfhaebraibh a chéili co

959] ndeachaid cloidem Mic Lugach tré cloidem an allmuraig,

960] & tuc an dara béim dó gur coimbris an cathbarr & gur

961] dianteasc an dlúthtúireach & gur scoilteastair an sciath &

962] gur comroinn an croidhe co cudruma don choílbéim sin.

963] Ocus táinic féin co menmnach {folio 8a 1} móraigentach co

964] fianaibh Érenn.

965] Is ann sin do éirigh an mac merrda míchéillidi mór-croidheach

966] aili do macaibh rígh Lochlann dárbo comainm

967] Mongach an Mara & do bádar sluaig an domain uili ac

968] éirghi leis. 'Anaidh, a fhiru an domain,' ar sé, 'uair ni

969] sibh dhlighes curpéraic mo bráithrech-sa, & ó nach sibh,

970] ligidh dam fén dul d'agra na cédérice ar fhianaibh Éirenn.'

971] Ocus táinic a tír, & is amlaidh do bhí & súisti imreamhar

972] iarnaighi ana láim lesa rabhadar secht caera athleaghta

973] iarainn & caeca slabhradh iarnaide eisti & caeca ubhall

974] gacha slabraidh & caeca dealg neime an gach ubhall.

975] Ocus ruc ruathar fútha mar sin dá silbhualadh & dá

976] sreingleadrad & dá saebcuma, gurba samalta re healta

977] minén ag teithed roim seabac an scaíled & an scannrad

978] tuc arin féin ana timcheall. Ocus do ghabh adhnáire mór

979] laech d'fhianaibh Érenn uime sin .i. Fidhach mac rígh

980] Breatan & adubairt: 'Tairre doma mholad, a Ferghuis

981] Fínbhél,' ar sé, 'co ndeachainn do comrac risan allmurach

982] innus gumadh móidi mo menma & m'aignedh & gumadh


p.32

983] calmaidi mo comlann thú doma molad.' 'Urusa do molad,

984] a mic,' ar Ferghus, & do bhí re hathaidh fhada 'gá molad.

985] Ro innsaighedar iommorro an dias sin a chéile co

986] briatharbhorb barbarrdha baethéicciallaidi. Ocus is ann

987] sin do thógaib Mongach an Mara an súisti imremar iarnaide

988] & tuc béim co talchar tinneasnach d'innsaighi mhic rígh

989] Breatan, & ruc mac rígh Breatan saibhléim lúith a n-airde

990] do lethtaíb chlé an allmuraig & tuc béim cloidim don

991] allmurach co tarrla tar cael a dhá lámh gur coimtheasc

992] in dá láim & ní hacu ro anastair an ghormlann gérloinnearrdha

993] acht ro roinn co cudruma an cathmhílidh fá a

994] certmedón, & ag tuitim dó, tarrla ubhall iarnaidhe don

995] tshúisti cona dhealgaib nemi ar dedhbhél mic rígh Breatan

996] co rug an teanga & na fiacla & finnchaeb chró don inchinn

997] tre chúl a chinn siar, gur comtuitedar an dís sin bonn

998] re bonn & bél re bél aran láthair sin.

999] Is ann sin ro éirigh seinnser na clainni sin rígh Lochlann,

1000] & ba hé sin an bráth nach fulangthí & an dubdhortadh

1001] díleann & an chliathbearna céd & an bráth tar bruachaibh

1002] & an tonn rabharta & an fear nach ruc céim ar cúl riam

1003] roim uathadh ná sochaidi .i. Caiseal Clúmach airdrígh

1004] Lochlann féin, uair ní táinic díthugad daíne nó uathughad

1005] aicme mar sin a nÉrinn riamh. Ocus do bhí sciath neime

1006] ar dearglasadh aigi do-rinne gabha {folio 8a 2} ifrinn dó & dá

1007] curthaí fo muir hé, ní báithfedh énlaem dá lasair & níba

1008] teóidi hé fein hí. Acht énní, ó do ghabhadh air hí, ní

1009] lamadh cara ná neamchara techt feadh a urchair féin

1010] a comghar dó. Ocus táinic fá fhianaibh Érenn mar sin

1011] & ní thuc dh'arm leis acht cloidem dá imdhídean uair ní

1012] d'imirt airm orrtha táinic acht do leigean neime a scéith

1013] fútha, uair na caera teinedh do theilgedh fútha, ní gabhadh

1014] arm ná earradh ná éideadh riú gan dul tré curpaib na laech

1015] ana saighdibh sithneimneacha co mbiadh an fer díbh ar


p.33

1016] derglasadh a medón a arm & a éididh, & an uair do beanadh

1017] neach eili ris, do ghabhadh an lasair sin hé, uair ní ferr do

1018] lasadh scolb do dharaigh díleann do biad re bliadain re

1019] deataigh ná do lasfad gach neach díbh idir arm & eirredh

1020] & éidedh. Ocus dobo bheag gach mórolc dá táinic a nÉrinn

1021] riamh ag féchain an uilc sin.

1022] Gurab ann sin adubairt Finn: 'Tógaibh bar láma, a

1023] fhiana Érenn,' ar sé, '& tabhraidh trí gáirthi beannacht

1024] don tí do cuirfeadh anmuain éigin aran allmurach innus

1025] co ndeachadh dream éigin againn uadha do thoradh a

1026] reatha.' Ocus do tugadar fiana Érenn na gáirthi sin fo

1027] cédóir. Meabhais iommorro gen gáire aran allmurach

1028] re cluinsin na ngáirthedh sin. Is ann sin do bhí Druimdherg

1029] mac Dolair mic Dorchaidhi, rífhéinnidh fhian Ulad a

1030] comgar don allmurach & do bhí sleagh neime aigi do bhí

1031] ag Clannaibh Rugraidhi a ndiaidh a chéili & an Cróderg

1032] fa hainm di. Ocus do fhéch ar rígh Lochlann & ní fhaca

1033] gan éidedh de acht a bhél & sé urfhoslaici ag gáire fán

1034] fhéin. Is ann sin tuc Druimderg urchar don Cróderg

1035] chuigi gur certamais ana bhél hé gur aidhbli a hurgráinne

1036] do leith a chúil nás do leith a aighthe. Ro thuit iommorro

1037] a sciath & ro báidh a lasair ó da thuit a thigerrna, & ráinic

1038] Druimdherg chuigi & do scar a cheann re a cholainn & ro

1039] maídh an mórghním. Ocus is í sin cabhair is fearr leisan

1040] féin fuaradar leisan fhianghaisceadh riamh.

1041] {folio 8b 1} Asa aithli sin iommorro do