© Unknown author
E-Text: C.E.L.T.
Part of hyperlinks available only from original file (on www.ucc.ie)
1] Imthúsa cloindi Dáirine & cloinne Dergthened
2] & cloinne Luighdhech mic Ítha & míledh Muman uile
3] air chena, nírbo riarach etorra d'éis chatha Cnucha,
4] uair do bádar trí rígh esaontacha orra .i. Mogh Néid
5] mac Dergthened & Maicniadh mac Luighdhech & Conaire
6] mac Moga Lámha; & rob é ced-adhbar a comfhuachaid
7] .i. mac miadach móir-menmnach do bí ag Mogh Néid
8] .i. Eógan Mór, & Mogh Nuadhad ainm eile dó.
9] Agus is aire at-beirthí in t-ainm sin ris .i. Nuadha
10] Derg mac Dáirine oirrígh do rígaib Muman ro oil hé .
11] Agus do claidhed ráith ríghdha ar Muigh Fheimhin
12] aigi-séin , & do bí féin & Derg Damsa draí re h-agaidh
13] na h-oibre 'gá h-ordugad, & Eógan ar a báire baísi a
14] coimidecht a oide ann; & do bádar naonbar mogadh ar
15] uilind don ráith agá claidhe, & tarla cloch mór a mbél
16] na h-oibre isin díg dóib nár fhédadar d'aitherrach ná
17] d'urthógbáil, & tángadar lucht na h-oibre uile dá
18] h-innsaighi & nír thoill lín a tógbhála do thréin- fheruib
19] i n-a timcheall. Tarla Eógan ag airiugad {folio 1a. II}an
20] fhedhma sin, & ó 'd-chonnairc cách ag tréigen a tóghbála
21] do iadhastair féin a dhá láim go h-ain-mín uimpe, & tuc
22] fuirmed fedhma go h-árrachta fuirre go tucastair a talmain
23] í, & tuc feidm eile fuirre gur chuir ar a glún go glé-nertmar
24] í, & do chuir dá glún ar a ghualainn, & do chuir dá
25] gualainn a n-agaidh in chlaidhi ar múr imeallach na
26] h-oibre hí. 'Is uasal in mog úd, a Nuadha,' ar in
27] teglach. 'Biaidh in t-ainm sin air go bráth,' ar
28] Derg Damsa draí .i. Mogh Nuadhad; go rabadar dá
29] ainm aca air ann sin .i. Eógan Mór & Mog Nuadhad. Agus
30] do bí 'n-a adhbar ríg gan fhresabra 'gá móradh ag
31] maithib Muimnech nó go táinic aimser chatha Cnucha.
32] Go facaid a máthair aisling ingnad .i. Sída
33] ingen Fhloind mic Fiachrach .i. ríg oirrthir Muman
34] .i. secht mba finna ó-derga d'fhaicsin isin oidchi dí go
35] linn-bolgaib lachtmara i n-a carcruib, go snáimfidís
36] meic midh-aísi ar na linntib lemnachta do fhágbaidís
37] na h-óg-ba sin a n-íslib & a n-etrigib na talman. Agus
38] ad-chonnairc a cinn athaid ann-séin secht mba
39] duaibsecha ar dath dethaigi 'n-a ndeghaidh , & fá lór
40] d'adh-uath & d'úr-gráin a faicsin & ruisg t[h]enntidhe i
41] n-a tulaibh & adharca iarnaide forra; & do chomraicsed
42] risna céd-buaib {folio 1b. I}gur leghsad & gur lán-millsed
43] uile iad, co nár fhágaibsed leadhb ar láthair díb. Ro
44] innis Sída a h-aislingi don aird-ríg ar n-éirgi, & do gab
45] faitches in rí roimpi, & adubairt in ríghan in laíd ann:
46] Aisling ad-chonnarc araír,
47] a Mhog Néid in chrotha caímh,
48] secht mba finna, fáth gan feall,
49] d'fhás i n-aird-medón Érenn 1.
50] Áillighter lium iad do chéin
51] mar dath sneachta for sár-shléiph,
52] co rosccaib gloinidhe dhe,
53] co n-adharcuibh iarnuidhe.
54] Géim gach bó díbh, tólaibh tlacht,
55] comh-binn re tédaib mendchrot
56] línsat Éirinn gan anadh
57] do lacht & do lind-taradh .
58] Ad-chonnarc secht mba oile
59] dubha dorcha dethaige ,
62] Géim2 gach én-bó duibhe díbh
63] do dhúiscfed mairbh as a mbí,
64] co rosgaib teinntide de
65] co n-adarcaibh iarnaide.
66] As í sin m'aisling, a fhir ,
67] a Mog Néid an chrotha gil;
68] gidh olc gidh maith tig dúinn de
69] as sí sin an aislinge .
Ais.
70] A h-aithli na laíde sin tucad Derg Damsa, draí Moga
71] Néid, dá n-innsaigid do breith breithi ar in aisling sin,
72] & do h-innisedh dó í cin fuirech; & adubairt Derg Damsa,
73] 'Ticfaid ann,' ar sé, 'secht mbliadna bláthmara co
74] n-imad toraidh etha & aird-bleachta, mesa & mór-thoridh,
75] co nach tibra neach cennus dá chéile innta; & ticfaidh
76] secht mbliadhna dona daidhbre dí-chumaing i n-a
77] ndiaidh -séin, co nach tibra in mac mír don athair
78] innta ná an ingen don máthair ná an cara dá chéile.'
79] Is ann sin do cumadh comairle ag Mogh Néid, mar fuair
80] fis na fáistine sin, & is é ní do h-ordaiged aigi, airg & airdlestair
81] & tighi talman & teghdhaisi trebar-dhaingne do
82] chomdlúthugadh ar chinn na céd-aimsire sin do
83] thairrngir Derg Damsa; gur línsad do biadh & do buantoradh
84] uile iad, uair ní gabad Mog Néid ní i n-a chís
85] rígh acht biadh uile , nó co ndeachatar na secht mbliadhna
86] ithmara as & tángadar na secht ndroch-bliadhna 'n-a
87] ndegaid sin. Daidhbre & terce bídh ar in chéd-bliadhain
88] díb; cunnrad & cennaigecht isin bliadhain
89] tánaisti díb. Acht én-ní, do luigh trom-gorta mór orra
90] uile ann sin, gur folmaighid na treba & na tírthi, na h-iatha
91] & na h-aicmeda aca; uair gérbo tenn in teidm sin{folio 1b. II}
92] in gach tír eile a n-Érinn, dobo mó isin Mumhain hé.
93] Agus tángadar maithe dá chúigedh Mumhan uile
94] 'm an am sin go h-én-inadh .i. clanna Dedad & clanna
95] Dáirine & clanna Dergthenedh, & do bádar uile ag éccaín
96] na h-ard-ghorta a fiadhnaise Mogha Néid; & ní roibe
97] Conaire mac Mogha Lámha ná Maicniadh mac Luighdheach
98] ar in láthair sin. Agus adubairt Mogh Néid re maithib
99] Muman co co mberadhón aimsir sin gan esbaid uile iad do
100] chinn na comadh do iarfad orra d'fhagháil uatha. Agus
101] do fhaomsad a maithi go léir na labartha sin, uair do
102] bádar mórán dá maithib a n-éigin mór ón gorta; & tucatar
103] cuir do Mogh Néid go nem-fhallsa um gach ní dá n-iarrfad
104] orra d'fhagáil, & tángadar leth ar leth ar a slánaib dá
105] chéile ar in chunnradh sin. 'Sloinn-si festa na comadha
106] is áil let d'fhagáil uainne,' ar na flaithi. 'Is iad so
107] iad,' ar Mog Néid '.i. Conaire mac Mogha Láma &
108] Maicniadh mac Luighdech do innarbad a Mumain amach,
109] & ríghi do thabairt d'Eógan Mór, dom mac-sa.' 'Do-géntar
110] sin againde,' ar iad-san. Acht atá ní chena, do
111] caithed in maithes sin Moga Néid le maithib Muman
112] nó go táinic so-aimser ann; & do díchuiredh Conaire &
113] Maicniad a Mumain amach, & tángadar go Temraigh go
114] h-airm a roibe Conn Céd-chathach. Ríghthar Mog
115] Nuadad ann sin ag maithib Muman dá aimdeóin féin,
116] uair adubairt nach biadh ainm rígh air re linn a athar
117] d'áirithe ; & tuc in t-athair a bennacht dó leisin ríghi
118] & tucadar fir Muman uile trí sluag-bennachta dó leisin
119] ríghe; & do bádar go rathmar rianamail agá fhreagra
120] & do éirigh menma mór a clainn Dergthenedh de sin .
121] 3Agus do gabustair Derg Damsa draí ag adhmolad
122] Eógain & ag maoidemh a ard-ratha d'éirge tar maithib
123] Muman; & adbert an laoí:-
124] Eócchan Mór, ba mór a rath,
125] comh-ard re Conn Céd-chathach;
126] an dias sin fá caoime clú
128] Ro dersgnaigh Eócchan do Chonn
129] ar ba comh-ard a gcomhlonn;
130] ba lia biadh Eócchain Édair
131] re seólad a síth-Grégaib 4.
132] Ingen Fhlaind ben Mogha Néid
133] ad-chonnairc aisling gan bréig,
134] secht mba finna, buan a mbladh,
135] d'fhaicsin a medhón Muman.
136] Is sí taidbhsi tadbás dí
137] 'san oidhchi 'n-a h-aislingi,
138] co mblighfidhe ó na buaibh
139] sáith fher n-Éirenn re h-aon-uair.
140] 5Ad-chonnairc secht mba eile,
141] dubha daora diablaide,
142] a lorg na mbó finn fedba
143] gur legsat a h-aon-menma.
144] Is sí breth ruc an draí dí
145] do mnaoí úir 'n-a h-aislingi,
146] secht mbliadna sona, suth nglé ,
148] Líntar leó-san lis lána
149] co fithechaib for-lána,
150] co nach beidís gan cuid chóir
151] isin droch-bliadhuin dí-móir.
152] Ro dhoirt orra in ghorta grinn,
153] ba maith d'Eócchan an oirchill,
154] co n-ithed cách a chéile
155] sechnón Éirenn aigbéile.
156] Ó 'd-chonnairc cách gér chian gar
157] biad is6 linn ag laoch-Eócchan
158] ro daorsat féin, féta in modh ,
159] d'Eógan ar a n-anacol.
160] Is de atá in sen-fhocal seng
161] do-chualadar fir Éirend,
162] as aithech cách gan deólad
163] co dtí an bráth ag borb-Eógan.
164] E.o.cc.an
165] {folio 2a. I}Imthúsa Conaire mic Moga Láma &
166] Maicniad mic Luigdech, do bátar féin & maithi a muinntire
167] a farradh Chuinn a Temraig, & tuc Conn coinnmed
168] crích mBreg & Midhi dá muinnteraib. Is í sin uair &
169] aimser do h-innarbadh Imchad Airm-derg mac Briúin
170] meic Fhinnchada a h-Ulltaib, & táinic-séin go Temraig
171] & fuair fáilti charthanach ag Conn, & do coinnmedh a
172] muinnter ar tuathaib Teftha. Agus do cóirighed trí
173] tighi arda oiregdha dona h-ógaib innarbthacha sin acu;
174] & tucatar a comluighi lé chéile um chomall do chumann
175] a n-agaid Moga Nuadad. Agus tarla trí h-ingena
176] aontuma ag rígh Érenn 'm an am sin .i. Maín & Sadhbh
177] & Sáraid, & tucatar na trí ríg innarbthacha sin serc &
178] grádh dóib. Tumais Conaire rinn a ruisg a ndeilb
179] Sháraidhi súl- ghuirme, & grádhaighis Maicniad Sadb,
180] & carais Imchad Airm-Derg Maín; & do-rónsat na rígha
181] sin taithigidh suirghi for na rígnaibh sin. Agus adubairt
182] Sadhb re Maicniad go faífedh leis do deóin a h-athar &
183] nach gébad leannánacht uadha, & adubratar na rígna eile
184] co ngébhdaís suirghi ó na saír-fheraib sin do ched ríg
185] Érenn . Ro h-innisedh do Chonn na comráiti sin,
186] & tuc sé Sáraid do Chonaire & Maín d'Imchad Airm-Derg;
187] & do fhéimdhigh Sadhb & Maicniad feis le méd a
188] menman go rochtain inmhe dá n-innsaigidh.
189] Ó 't-chualaid Mog Nuadad an onóir mór sin &
190] in muirn adhbhal fuaratar na h-aith-rígha sin a coimidecht
191] Chuinn, tuc dá bréithir nach creitfedh do Chonn, &
192] dá tísadh de, co ndingnadh aith-rí nó innarbthach do
193] Chonn tré dul a cairdes {folio 2a. II}a námad. Ó 't-chualaid
194] Conn sin do chuir techta ar chenn Moga Nuadad
195] dá thabairt dá thigh nó d'fhógra catha air. Adubairt
196] Mog Nuadad co rachad co h-umal a ndáil catha dó. Cidh
197] trá acht do tinóiled ag Mog Nuadad maithi dá chóiged
198] Muman co n-a mór-shluagaib do fhresdal chatha do
199] Chonn. Agus do chuir Conn fis co Cruachain go
200] Conall Cruachna mac Aongusa Feirt , go a oidi ; & do
201] chuir techta eile ar chenn Guill mic Morna co n-a
202] fhianaibh; & do chuir daíne dinnsaigid dá ríg Ulad,
203] co Bresal mac Briúin & go h-Eochaid Cobha; & do chuir
204] fis co Crimthan Cúl-bhuide & go laochraidh Laigen; &
205] do thinóil féin fir Theabhtha & tuatha Temrach.
206] Ráinic Conall & curaid na Cruachna, & Goll mac Morna
207] co n-a fhianaibh, chuigi, & Crimthan Cúl-buide & maithi
208] Laigen ar chena; & ní thángadar Ulltaig ann ar a
209] olcas leó Imchad Airm-derg do chongbáil do Chonn.
210] Is ann sin ráinic Conn roime co n-a choimthinól
211] go sen-Magh Léna mic Dháthó d'innarbad Moga Nuadad
212] a Mumain amach, & tángadar dá chóiged Muman go Magh
213] Turscair a crích Muman i n-a n-agaid. Agus mar
214] fuaratar scéla a chéile, do éirghedar teglach Cuinn um
215] Asal mac Cuinn Fhéinneda taísech teglaig ríg Érenn,
216] & rángatar rompo d'iarraidh debtha & imgona ar teglach
217] Moga Nuadad; & tángatar macraid Maigi Tualaing &
218] teglach Moga Nuadad um Degad nDímsach taísech teglaig
219] Moga Nuadad , i n-a n-agaid; & tarrla dhá chéile iad a
220] Cruinn-mh aigh a bFeroibh Cea ll, & do thacrad ar
221] na teglaigh sin go talchair ré chéile. Acht én-ní,
222] ro chin dedar teglach Cuin n ar teglach Moga
223] Nuadad isin éigin sin, uair atorchair Degad Dímsach
224] don dula sin; & do chommaídhset a cosgar, & do impó
225] Asal roime i n-a fhrithing do chommaídhedh in gníma
226] sin re Conn, & ba maith le Conn an conscleó sin.
227]
7Agus adubairt Asal mac in fhéinedha an t-aithesc
228] so síos:-
229] Dursan ar gcuairt cosgair chain
230] do ghuin Deghaidh deirg Diúmsuigh;
231] do legadh linn 'san leirg léir
232] trícha cairpthech dár gcath-réim.
233] Ro-n-gonadh , ro gonsam nech,
234] ro chuirsim ár sluaig fá sech,
235] ro chind teglach tighe Cuinn
236] ar macruidh Muighe Tualuing.
237] Ro chuirsim treas co tarbdha
238] risin macraid mór-chalma
239] ar in gCruinn-mhaig, fá suairc sin ,
240] do-chuamair-ne cuairt coscair.
241] D. S.
242] Is ann sin do-riacht Conn co n-a chathaib
243] d'innsaige fer Muman nó gu ráinic go Magh Siúil a crích
244] Éile {folio 2b. I}tuaisgcirt risi n-abar Magh Tualaing in
245] tan sa, & do chuiredar techta uatha d'fhógra chatha
246] ar feraib Muman isin mhaidin ar n-a mhárach. Ro
247] éirigh Mogh Nuadad go luathgáireach risna labarthaib
248] sin do thabairt chatha do Chonn, & dá ticed de
249] féin a thairmesg nír léig Mogh Néid náit maithe Muman
250] dó gan cathugad re Conn. Agus do bí Derg Damsa draoi
251] ag tairmesg an tachair fá na trén-fheraib & ag
252] mí-fháistine go mór dóib.
253]
8Agus adubairt an t-aitheascc sa and sin:-
254] Meassa gach maidin
255] maiden trom Thualuing
256] re maolad mo
[...]
257] Agus nír gab Mogh Néid chuigi in mhí-fháistine sin,
258] uair is dóig roba robadh do throich a thegasc, gur chóirigh
259] cath fíchdha fuilech a cert-agaid Chuinn. Agus innsuigis
260] Conn chuca co Magh Siúil go tarla a cenn a chéile go
261] com-díchra na catha; gur ferad cath-irghal chalma
262] choim-nertmar etir na curadhaib, gur foirrgit fir & gur
263] leónaid laoich & gur minaighit móir-scéith & gur cirrbaid
264] cath-mílid don chonscleó sin. Tarla Goll mór mac
265] Morna & Mogh Néid mac Deirg dochum a chéile isin
266] chath sin, & do-rónsat comrac ferdha fraoch-aigbéil ,
267] gorbo bristi bernach bruach-rébtha airm & aird-scéith na
268] n-áirsedh ón urlaidhi sin ; & dob í crích in chomlainn
269] do thuit Mogh Néid do nert-béimennaibh mic Morna
270] isin inad sin, & do maídhsed muinnter Chuinn a cosgar.
271] Agus do thimsaig Mogh Nuadhad a muinnter
272] tar éis Mogha Néid do níthugadh , & ní ar thlás nó ar
273] thime do-chuaid aigi a athair do marbad acht ar méd
274] menman & ar chruas craidi ; & tuc sciath tar lorg do
275] maithib Muman. Ó 't-chonnairc rí Connacht sin .i.
276] Conall Cruachna oide Cuinn, do innsaigh i n-a chromruathar
277] churad trésna cathaib go h-Eógan. Impóis rí
278] oirrthir Muman ris .i. Flann mac Fiachrach{folio 2b. II}
279] & congbais a chraísech re Conall go ttucastair áladh
280] an-abaidh fair. Anais Conall a cosair chró ón áladh
281] sin, & imthighis Mogh Nuadad ann sin go h-arrachta, &
282] téid Conaire mac Mogha Lámha & Maicniad mac
283] Luigdhech a lenmhuin na laochraidhi sin. Agus rucsat
284] a muig deiscirt Éile ar Eógan & do chuirset greim anbáil
285] air ann sin, & do gonadh Eógan féin isin chumasg sin, &
286] rugsat a muinnter as ar nert a n-engnama é.
287] Agus ráinic Eógan roime don réim sin go Glais
288] Fhinnra a Feimen-mhuig, & do chuir sé Derg Damsa
289] draoi go Mag Siúil ar cúla go Conn d'iarraidh chairdi
290] re comairle air. Mar ráinic in draí co longphort Cuinn
291] do iarr ar Conn a léigen dó fert do chlaidhi do Mogh
292] Néid, & fuair sé an ced sin ó Chonn; & do-chuaid ós
293] cinn chuirp Moga Néid & do gab ag tuirsi uime fár h-imred
294] d'étualang air, & adubairt gorbo tualaing catha Cuinn ar
295] maithib Muman ar in mag sin, conidh aire sin do len
296] Magh Tualaing de. Agus do-rinne Derg Damsa draoi
297] fert do Mogh Néid, & do h-adhlaiced ann é co n-a arm ,
298] co n-a eirredh , co n-a éidedh, & co n-a chathbarr .
299] As a h-aithle sin do iarr in t-éiges cairdi trí lá
300] & trí n-oidhchi d'Eógan re comarle, & tuc Conn in chairdi
301] sin, & ráinic in draí roime d'agallaimh Eógain. Is ann sin
302] do thinóil Eógan maithi Muman & ruc leis go Glenn
303] Lára a Luachair Dedhadh na deig-fhir sin. Agus do
304] gluais Conn co n-a chathaib a cédóir go Glenn Lára 'n-a
305] lenmuin, & do chuartaigetar ferann Conaire mic Mogha
306] Láma & do chrechsad a urmór .i. ó Shligidh Dála go
307] h-Oilén Éile & ó Oilén Éile go h-Oilén mBric & ó Gabrán
308] go Cnám-chaill. Agus do thimsaighedar crecha
309] Maicniadh meic Luighdech ó Chnám-chaill go Luachair &
310] ó Shliab Eibhlinne co Sliab Caín & ó Shliab Caín co
311] fairgi budh dhes, & do thimsaig etir a mbroiti & a mbó-
312] tháinti leó. Agus tuc Conall Cruachna &{folio 3a. I} clanna
313] Morna troim-néll teinedh tar in tír .i. tar Iar-mumain
314] ó Luachair go Droing & co Loch Léin bud dhes, & tucsat
315] airgne & édála imda leó go h-airm a roíbe Conn co n-a
316] churadhaib. Agus do fhiarfaigh Conn scéla an inaid
317] a roibe Eógan dá éolchaib .i. do Chonaire & do Maicniad,
318] & adubratar-san a beith a mBord Laídhi a Comar na
319] Sealga .i. in Mangartach mong-ruadh & Loch Léin do
320] leith de & Sliab Cruadha & an muir don taob eile ; & nach
321] fétfaitís lín bud lia ináit féin rochtain dá n-innsaighe ar
322] én-shligidh. Imthúsa Moga Nuadad, ó 't-chualaid
323] catha Cuinn do gach taob 'gá timcheallad adubairt re
324] maithib a muinntiri tinól do dénam, & a ndruim do thabairt
325] re Duib-ghlenn, & 'Ní cáirdemail atá Conaire & Maicniadh
326] re Muimnechaib aniu,' ar sé.
327] 10Agus adubairt an laoidh:
328] 11
329] tabhraidh bhar ndruim re Duibh-ghleann , ;
330] do lingsiod catha Choinn chain
331] go Gleann Lára ion bhur lenmhuin.
333] d'ionnsoighid 'mó n-aimhréidhibh ,
334] acht go ttáir dóibh gan doladh
335] tionól & tiomsughadh.
336] Imthúsa Cuinn, do comairledh aige féin gan dul
337] isin mbelach mbodhba sin do bí etir sé & Eógan, acht
338] gabáil rompa a mullach na Mangartaig . Agus ad-chonncadar
339] as sin uatha éide & innile imdha a nGlinn
340] Laídhi, & laochraidh Muman ar n-anadh d'fhorgla ann
341] ó Eógan, uair do chedaig Eógan dóib a n-anamain ag
342] Conaire & ag Maicniadh ó nach raibe féin lín catha dóib.
343] Ro giallsat uile co coitchenn do Chonn & do roinn
344] Conn dá chóiged Muman itir Chonaire & Maicniadh.
345] Agus do impótar siar uile ann sin & do-chuadar budh
346] des co Carn mBuide a n-Érnaib, & do-chuaid cách lé
347] thosgaib féin do maithib Muman i n-a n-uirthimcheall ;
348] & do an Conn co n-a churadhaib coimlenmana 'n-a
349] comnaidhe a Carn Buide.
350] Ó 't-chualaid Mog Nuadad nem-daínighe
351] Chuinn isin chomnaidhe ad-bert re n-a muinnter{folio 3a. II}
352] éirghi do thabairt amais longphuirt ar in laochraidh sin,
353] ó nach roibe lín catha do churadaibh a n-agaid Chuinn;
354] & do thinóilsed clanna Deirgtheinedh co deg-thapaid
355] & do innsaigedar co Conn a cédóir. Rángatar rompa a
356] comfhogus Chairn Buidhe & do gháirsed féin & forairedha
357] Cuinn dá chéile, & dob ingnad le Conn a cluinsin ag
358] comfhuachad re fiallach na foraire don taob amuigh
359] don longphort isin maidin. Agus do éirghedar clanna
360] Morna & Conn co n-a churadhaibh, & tángadar i n-a
361] cathaib cóirigthi a n-agaidh Eógain co n-a uathad
362] shochraidi, & do cuiredh imaireg amnas etorra re h-edh
363] n-im-chian, gur thoitsed ánraidh imda etorra do gach
364] leith. Agus do-rat Eógan dá úidh nach fuair comthrom
365] comlainn .i. in sluag uile a n-aghaid én-duine , uair do
366] thuitset urmór a muinntire, & nír miadh leis teithed, &
367] do shanntaigh a dhíghailt; & do léig fá chathaib Cuinn
368] hé d'iarraidh Chuinn, uair ba derb leis hé féin do thuitim
369] & ba deimin leis Conn do thuitim leis dá táirsedh én-buille
370] dá shúil de; agus do gabh ag slaidhi na sluag . Amail
371] rucht prímh-luinge dá h-acairib tustall an churadh a
372] cath a bidhbad & a námad, & ní creitfide ó lebar ná ó eólchaib
373] re innisin ar thoit le Eógan isin irghail sin. Go tarla
374] ris Goll mór mac Morna, & do chomracsed in dá chath-
375] mílid sin co niata nem-uis náimhdemail ; & nírb ingnadh
376] sin, uair dobo créchta gan dúnadh a nderg-náimdenas,
377] & ní tháinic fiadhail tar a faltaib, & do ruamnaigedar a
378] ruisg amail taídhlech réltann ag reódh, & do línatar a
379] n-ochta dá n-análaib amail bolga gabann ag grís-shéided,
380] gur chréchtnaighetar na cath-mílid a chéili go mór.
381] {folio 3b. I} Agus do bí éigen mór ar Eógan 'm an am sin
382] .i. Leth Chuinn & urmhór Leithi Mogha um Chonaire
383] & um Maicniadh i n-a agaidh, & do bí éigen budh mó iná
384] sin air .i. Goll mac Morna agá thuarcain. Agus ní roibe
385] Eógan acht uathad dá degh-muinntir, & in chuid nár
386] marbad díb do bátar ar n-a créchtnugad; & do luigh in irghal
387] ar Eógan gur léigedar cách a fheidm catha fair, co nach
388] raibi do chongnamh aigi acht uaisli a fhola & cruaidi
389] a chraidhi & méd a menman & ro-méd a fhedhma & a
390] fhulaing. Agus adubradh gomadh dí-chreidte le
391] sochaidi do midh-laochaib go tuitfedh le céd ar thuit
392] le h-Eógan i n-a énar a cath na Cloichi Barraighi.
393] 12Agus do bí lennán lán-chumachtach ag Eógan
394] isin oirer sin .i. Édaín Innsi Greagraidhe, & do foillsiged
395] dí Eógan do beith isin éigen sin . 13Tic Édaín d'fhurtacht
396] Eógain & beiris lé asin éigen sin é d'aimdheóin a inntine,
397] & fágbais in Cloich mBarraigh agá tuargain a ndeilbh
398] duine tré druídhecht ag Goll & ag clannuib Morna & ag
399] slicht Fheidhlimid Rechtmair; & do-ní daíne dona
400] cairrgib coim-shlemhna & do chlochaib tuinighthi in
401] talman a timcheall Eógain dá imchoiméd. Conadh
402] ón barrad sin tuc in chloch ar armaib Guill ro len in
403] Chloch Barrach dí ó shin i-lle. Agus tuc Édaín
404] naí longa luchtmara lé ar cuan Chinn Mara, & ruc Eógan
405] & ar mhair dá muinntir lé isna longuib sin co nach raibi
406] cumus nó cumachta ag Conn ar na curadhuibh.
407] 14Táinic Eógan begán sochraidi beó-ghonta an
408] adaigh sin arís d'aindeóin Édaíne, & tuc amus longphuirt
409] ar muinntir Chuinn; & do thuit leis Eólang Airm-derg
410] mac ríg Laigen, a quo Corr Eólaing , &{folio 3b. II} caoga
411] dá muinntir 'maille ris. Agus do lensat in sluagh é, &
412] beiris Símha .i. Chorr-luirgnig air .i. badhb & ban-ghaisgedach
413] do muinntir Ghuill í & is amhlaidh do bí
414] a carpat roime in tsluag & sí ag maídhemh 15 madhma
415] orra & ag guin muinntire Eógain & ag seóladh an tsluaig
416] orra. Anais Eógan fria & marbhais d'urchar do shleig
417] í, & tuitis isin abaind ; & sáidhis Eógan echlasc uindsenn
418] do bí a láim na caillighi do leth-taob an átha, gur fhás
419] ann, conidh de atá Áth Uinnsenn. Agus lenaidh an
420] sluag siar Eógan, & tic-sium amus eile orra, & marbais
421] Cuirrín Cenn-sholus mac ríg Connacht & trí caogaid dá
422] muinntir 'maille ris, conidh de do len Com Cuirrín. Tic
423] Eógan an tres amus orra a Tres-chaill & marbuis mórán
424] díb ann, conidh de atá Tres-chaill. Agus tiaghaid dá
425] ech & carpat na caillighi ó Áth Uinnsenn ar Símhín go
426] h-Áth etir dá Loch, & brisit cuing carpait na caillighi &
427] an carpat féin ann, conidh de atá Belach Sen-chuingi
428] ar Garbh-abhaind etir dhá Loch.
429] 16Agus do bátar sluaig Chuinn & clanna Morna
430] ag tuarcain na Cloichi Barraighi & na cloch tuinidhi eile
431] do bí isin trácht, & gor brisedar a n-airm ogá tuargain &
432] gur mhaoladar an chuid nár brisedar díb. Agus adubairt
433] Conn riú, 'Sguiridh bar tuarcuin, a óga,' ar sé, 'uair
434] cairrgi cloch atá in bar n-agaid, & do-chuaidh Eógan
435] uaib.' Agus do anatar sluaig Chuinn ann sin dá
436] n-urrlaidhi, & do chonncadar na longa uatha ar an aigén
437] & Eógan co n-a muinntir innta; & do impó Conn & Conaire
438] & Maicniadh & tángadar go Carn mBuidhe an aidhchi
439] sin. Do roinn Conn dá chóiged Mumhan etir Conaire &
440] Maicniadh, {folio 4a}& do imthig fén roime go Temraig, &
441] do bí Ére aigi gan imresuin fri ré naí mbliadan .i. in fad
442] do bí Eógan a n-Espáin. Imthúsa fer Muman, do
443] ordaighedar a fledha & a fuirega do thabairt chucu co
444] Carn mBuidhi, & do ordaigedar a feithme & a forairedha
445] do chur re h-agaid Eógain ó tá Áth Calbh aniar go
446] Tráigh Sen-locha soir, & ó Dún na mBárc atuaidh co
447] Trácht Remar uo dhes .
448] Imthúsa Moga Nuadad, innister sunn seal eile.
449] Ráinic roime co h-Inis Greagraidhi assin ngábad sin tar
450] éis a fuair d'ulc & d'uathbás, & do bí a comaonta
451] Édaíne an adaigh sin; & do cóirghid a créchta go
452] h-onórach ag Édaín, & do bhádar naí n-oidhchi aici17
453] isin innsi nó co ndechaid a sgís & a merten díbh, &
454] do gabh Eógan lámh ar imthecht assin innsi ann sin.
455] 'Is pudar a fhad gur thriallais ,' ar Édaín, 'uair
456] mana bheitheá acht én-adaigh isin innsi si ní beitheá
457] acht én-bliadain a n-égmais Érenn ar innarbadh; & ó ataí
458] naí n-oidhchi isin innsi si beir naí mbliadna a n-égmais
459] Érenn, & rachaid tú echtra im-chian a h-Érinn co
460] h-Espáin. Agus cuirfed-sa coimghi chonaire umat,'
461] ar sí, '& do-bér imshlán a n-Érinn arís tú.' Agus adubairt
462] Derg Damsa in laídh ann:-
Derg Damsa
463] A Édaín fhinn fholt-bhuidhe,
464] mithid duínn dul ar fairgi
465] a tosach na h-ochtmaidhi
466] le cóir na gaoithi gairgi .,
468] ó Chonn 's ó thriathaib troma
469] a gleó Chloichi Barraighi
470] man beth Édaín 's a longa .
471] 18Don turus-sa théighi-si
472] a n-Espáin na slógh sreathach
473] ní fhaicfi tú in Éiri si
474] go cenn naí mbliadan mbreathach.
475] Co n-impóm go toghaidhi ,
476] a ben uallach, ná h-égaín ;
477] dúinn bus coimghi chonaire
478] gach a n-abrai-siu , a Édaín.
479] a Édaín.
480] Dála Mogha Nuadad, do chuirestair a longa
481] ar fairrgi & do gluais roime. Naí trátha dóib ar fairrgi
482] nó go rángadar cuan ainbthinech na h-Espáine. Is é
483] ba rí a n-iarthar na h-Espáine an tan sin .i. Éibher19 mór
484] mac Midhna ; & do bí ingen oireghda a n-aentuma ag
485] in rígh sin .i. Bera ingen Éibhir , & áirmid eólaig ar mnáib
486] áille a h-aimsire í. Agus fá muirnech mór-onórach
487] oilemain na h-ingine sin rígh na h-Espáine, uair do bhídís
488] trí caogaid ban i n-a banntrocht i n-a coimidecht,
489] & do bíodh leithed a dhá bonn d'ór cherdamail fá
490] cosuib, & ba lasamail an baile i mbídh ó eirradhuib breac-
491] dhathacha a banntrochta. Is í sin aimser {folio 4b}a
492] tarrla aire ríg na h-Espáine ar fad aontuma a inghine, &
493] do iarr Dá Drona draí chuigi, & adubairt ris a fhis
494] d'fhaghbáil dhó cá fer lé faífed a ingen . 'Ro-fhedar-sa
495] sin,' ar sé, 'uair is a h-Espáin féin do-chuaidh cenél
496] in fhir agá mbia, & ticfa sé anocht a n-Espáin ; & éirghedh
497] h'ingen-sa soir go Sruth n-Éibhir & gébaidh sí bradán
498] ball-chorcra d'éignedhuib Mara Romair ann, & tlacht
499] caom corcra uime ó eirr go a ard-ghoilbech ; & benadh
500] Bera a eirradh de, & dénadh sí lenn lán-maisech fá chomair
501] a céile don tlacht sin.'
502] 20Agus ad-bert:-
503] Anocht tig co fír ar fecht
504] mo-chen tárraid a thoidecht;
505] lethfaid a chlann tar magh Fáil
506] mar ticfa anocht a n-Espáin.
507] Éirig don trácht, a ainder,
508] con-ciuchlathar do chainccen;
509] do-géba tlacht corcra cain
510] do bhradán Mhara Romhair.
511] 21Benfa-sa don bradán bras
512] a thlacht & a innmas;
513] do-ghéna lend bus caoin dath
514] dá mbia in t-ainm Eógan Taídhlech.
515] Fuaigh sída co corrthair chais
516] bus ferr don druine dreach-mais,
517] do geim gloine lóghmuir luinn
518] ar lasad ré n-a ghualainn.
519] Amra iná gach mac in mac.
520] dá 22tiphra a Bera, do brat;
521] adéra cách thiar is tair
522] 'A Eógain co n-il-dathaib.'
523] Cúig anmanna in taídhlig taí ;
524] Eógan Mór, Mogh Nuadad naoí,
525] Eógan Fithecdha, ferr de,
526] Eócchan Fial é ar a fhéile.
527] Amra an rí tic isin tráigh
528] iarfus céili a n-Esbáin
529] glórdha iná gach tuir in torc
530] gébus a n-oirer anocht.
531] A.
532] Do-chuaid Bera roimpi co Sruth n-Éibhir an
533] oidhchi sin & fuair an t-éigna órda ann mar adubairt in
534] draí, & do ben in tlacht carcra de & do-rinne brat taídlech
535] de fá chomair Eógain. Táinic Eógan an adhaigh sin
536] co Tráig Éibhir , & fáiltighis tonn & tír roime isin Espáin
537] in adhaigh sin; & do-chuala Dá Drona draí sin & adubairt:-
538] At-chluinim fuaim
539] tuinne re tír;
541] robadh ré rígh.
542] An rí si thig
543] tar fairgi nglais
544] gébaidh dá greiss
545] Ére ré ais.
546] Eógan é féin,
547] budh móidi a buaidh,
548] do-béra réim
549] tar Éirinn fhuair .
550] Barr feda an tshlat ,
551] ós linnib lua;
552] tú bus ben dó,
553] Mogh Nuadhad nua.
554] An tráigh si thís,
556] tuicim an tráigh,
557] ad -chluinim fuaim.
530] a. c. l. u. in. im.
559] Táinig in draí a n-agaidh Eógain ann sin,
560] & do fher fáilti co michair ris, & ruc leis d'innsaigidh
561] rígh na h-Espáine; & do bí an rí co forbfhaílidh roime,
562] & do cuiredh a tighib leptha , & do fresdalad & do
563] frithóiledh co cenn trí lá & trí n-oidhchi iad. Agus
564] tucad dochum rígh na h-Espáine iad iar sin, & do
565] fhiarfaig a toisg & turus díb, & do innis Eógan mar do
566] h-innarbad a h-Érinn iad; & do fiadhaigedh go h-onórach
567] ag rígh na h-Espáine iad; & tuc coinnmedh iarthair na
568] h-Espáine dá muinntir, & do chonguib Eógan aigi féin ,
569] & do bátar re ré chian ar an ordugad sin. Agus
570] do bí Eógan ag suirge an fad sin re h-ingen rígh na
571] h-Espáine; & adubradar muinnter Eógain nach facadar
572] riam ben budh áille iná Bera , & nach gébdaís
573] mar aithméla chucu a n-innarbadh a h-Éirinn dámadh
574] ben d'Eógan hí. Et do comóradh aonach ag in rígh
575] iar sin, & tángadar sluaig na h-Espáine uile ann,
576] & do cóirged macraidh {folio 5a. I}na h-Espáine uile
577] fá Fhraoch Mílesach mac rígh na h-Espáine; & tángadar
578] a mbanntrachta & a n-ingenraidh fá Bera uasail ilghrésaigh
579] , fá ingin in aird-rígh. Agus do bhádar na
580] sluaigh ag féchain a dealbha & deilbhi Eógain, & is ed do
581] brethnighedar nach facadar riamh nech budh áille iná
582] Eógan ná ben budh comadhaise dó iná Bera, & adubradar
583] cách gur oirches dóibh aontugad ré chéile.
584] Agus tucad Dá Drona draí d'innsaigidh in rígh.
585] 'Éirigh,' ar sé, '& fiarfaig d'Eógan créad dó gan
586] mh'ingen-sa d'iarraidh' ; & fiarfaigis in draí sin d'Eógan.
587] 'Adér-sa rit-sa a adhbhar sin,' ar Eógan, 'uair nír
588] miadh lium-sa m'éra fá mnaí, & dob h-egail lim breath
589] innarbthach do breith orm; & fós,' ar sé, 'ní thucus
590] seóid ná innmhas lim a h-Érinn dá tabairt d'éigsib nó
591] d'ollamnaibh; & is inmuin lium ingen an ríg fós,' ar sé,
592] '& atá mo shúil re cairdes in rígh, & ní biadh dá n-obadh
593] a ingen do thabairt dam.' Agus táinic Dá Drona leisin
594] aithesg sin dochum an rígh. 'Is fregra fhlatha sin,' ar
595] rí na h-Espáine, '& abair-si rem ingin-si suide ar láimh
596] ndeis Eógain isin aonach, & dénadh sí feis leis anocht.'
597] Agus do-chuaid Bera go h-ésgaid isin inad sin & adubairt
598] re n-a h-inailt dul ar chenn in lenna do-rinne sí d'Eógan,
599] & tucad dá innsaigid í, & do gabh uime ar uachtar a édidh
600] í go roibhe a taídhlech & a taitnem ar fad an aonaigh
601] uile, conidh de ro len {folio 5a. II}Eógan Taídhlech de.
602] Luighid an dias sin an adaig sin lé chéile, &
603] fá maith sén & soladh na lánamna sin. Urmór naí
604] mbliadan dóib go h-aíbinn isin Espáin, go ruc sí triar
605] do chlainn chaímh-dealbha dó innte .i. dá ingin &
606] mac. Oilill ainm an mic, Caímhell & Sgothniamh
607] anmanna na n-ingen, amail as-bert:-
608] Bera ingen Éibhir uill
609] máthair Oilella Óluim,
610] 's máthair na deisi déine
611] Caímille & Sgothnéime 23.
612] 24Acht atá ní chena, táinic Oilill féin a
613] n-inad eile i n-a aghaidh sin, ar guba Saidbi , uair adubairt
614] gur a nDún Eochair Máigi rucad é, ut dixit :-
615] Dá dtugthaí mo roga dam
616] do dúintib tenna in talman,
618] is mo roga Dún Eochair .
619] Is ann rugad mo chlann chain,
621] is é ar n-urradhas gach fhir
622] 's ar mbunadas Dún Eochair .
623] Acht én-ní, ro gab inmaille & eimeltus Eógan
624] fá beith a n-égmais Érenn, & do gab láim ar Espáin
625] d'fhágbáil. Agus do-chuala rí na h-Espáine co n-a
626] uaislib sin, & do gab ag tabairt chomairli25 dá chliamain,
627] & is ed ad-bert fris: 'Beir-si uaisle na h-Espáine,'
628] bar sé, 'd'innsaigid na h-Éirenn, &26 tesgaid & gerraid
629] Ére dá h-áit, & tabhraidh27 téda & rotha & réfedha
630] uimpe28, & tabraid a29 lenmuin bar long í & suidigidh30
631] láim re h-uillind na h-Espáine í, ó nach31 fédair-si anadh
632] againde i n-a fégmuis .' Nír gab Eógan chuigi co
633] maith an t-urfhuigell sin & nír binn leis é. Ó
634] 't-chonnairc32 Éibher sin adubairt arís ; 'Más ed,
635] beir-si mo33 mac-sa let go34 h-Éirinn,' ar sé, '.i. Fraoch
636] {folio 5b. I} Mílesach mac Éibhir , & fiche céd cath-armach
637] do míledhuib na h-Espáine i n-a fharradh, & gach aon
638] bus áil let-sa do luath-mharbad dóib, marbad uile gan
639] fhuirech iad.' Ro thaitin in t-urfhuigell sin re h-Eógan
640] & risna h-Érennchaib uile, & ba maith leó a menma de.
641] Ro h-ullmaiged trá lón & longa leth ar leth dona laochaib
642] sin & do Bera co n-a banntracht, uair nír fhaom Eógan
643] a fágbáil isin Espáin. Agus ro áirim Eógan go roibe
644] naí mbliadna ar in echtra sin; & ro thinóiledar a muinnter
645] uile go h-Eógan & go h-Éibher ann sin.
646] Is and sin ro éirigh in sluagh neimnech
647] náimdemail sin dochum na cuan & na caladh, co h-airm
648] a rabadar a n-ethair urlama ar a cenn; & do chuiredar
649] amach a piasta uathmhara ingantacha ur-gránna, & a
650] mbárca luatha leabar-dhaingne, & a longa duba daithimdha
651] duaibsecha, & a sgúdada slemna seis-cherta socair-
652] thréna, & a laídenga fuaighthi fír-ghasta, as a lepthaib
653] lethna láin-míne, do rochtuin ó oirer na h-Espáine go
654] h-Érinn. Gur suidiged ar gach luing luaith-imthechtaig
655] acu sretha réidhe ro-gasta do rámhuib lán-míne lebar
656] choimseacha, & do-rinnedar imram cert cob saidh
657] cubaid comaontadach léidmech láim-thric luath réimdhian
658] an-athlam oiris-beg a n-aighthib tonn & sruth &
659] saobh-anfad; gurbo mer-ard uaibrech uaill-menmnach
660] fregartha tenna tul-borba treathan-misgnecha na tonn
661] ag accallaimh na sgút na sgiam-thosach. Gurbo
662] léibenda sreath-gela sruth-{folio 5b. II}borba na dobar-linnti
663] diana dímsacha ag dáil & ag díbragud na n-iasg slis-geal
664] slemain-tiug a mesg na rian-tonn ro-díghaind rith-
665] chubrach dona ruadh-bilgaduib, go ro sguabait ó
666] chluthraib crích & ó fhosgaduib iath & ó chaímréidhib
667] caladh. Co nach facadar an chuidechta sin
668] ní don chruinne co comlán acht madh tonna arda uallcha
669] ainbthineacha na h-aibéisi, & in cuan garb gáirechtach
670] ar corraigi ré rethaib rith-mera na ro-gaíthi 'gá rochtuin,
671] & ruibnedha recht-móra na remar-idhland 'gá righi tar
672] crislaigib comfhairsinga na cisél, & in muir borb baeglach
673] barr-chethach ag bethugad a bríghe le luath-imram
674] na long. Go tarrla in muir co corrach crith-lista ciachbraenach
675] re h-imrasguil na ngaoth & na ngarb-thonn,
676] tar láim-fhedmannuib na foirenn fir-nertmar ag
677] crithnugad na long tar an ler.
678] Is ann sin táinic síth na ndúl & na n-aird-rennach
679] dóib & fuaradar gaoth co des & go dírech i n-a ndegaid; &
680] do éirghedar na foirne feramla risna fedmannuib, & do
681] chengladar na téda righne remar-daingne dona ruadborduib
682] co cubaid comaontadhach gan righi gan ro-thennadh;
683] & do gabatar na foirne lonna láin-ésgaidhe
684] um na lebar-théduib co h-aithnidh inntlechtach dia
685] tacmac gan díchell gan dermad ó tá eibil go h-achtam .
686] Agus do chuadar na longa a cenn imthechta co
687] léidmeach ó na láim-fhedmannuib tar fudomnaib fliuchdoimne
688] na fairgi, & tar colbaduib corracha na cnoc-bóchna,
689] & tar sléibhtib siblacha na sen-fhairgi, & tar cladhuib
690] troma tuirseacha na trethan, & tar cisélaibh comdorcha
691] {folio 6a. I} cith-braenacha na calad, & tar tonnuib sotla slis-
692] tiuga na srothann, & tar radarcuib fuachda fraech-niata
693] na fairrgi; go tarla in muir i n-a nuall mer-uallach ag at
694] & ag éirghe le ferg na fuar-ghaíthi 'gá forrach ; gur thuigsedar
695] go h-éimheach na h-aird-rennaig ferg & fuasaíd na fairgi
696] ar bhfhás & ar forbairt, ó rángadar gadána gudhamnacha
697] na gaíthi dá gresacht.
698] Mairg ámh tarla etir an dá thenn sin gan tesargain
699] .i. muir & mor-ghaoth tarrsna re taobuib trén-long & re
700] cnarruib comdhaingne & re sgúduib sgothamla; gurbo
701] léibenn gránna geránach ar aillib & ar im-doimnib an
702] aigéin a gainemh & a grian35-turrscur ó íchtar go
703] h-uachtar. Co nár fháguib in ghaoth aca clár gan
704] crithnugad ná tairrnge gan tégadh ná falann gan fásgad
705] ná reng gan ro-brised ná leabaid gan luath-thaomad ná
706] crann gan crathadh ná slat gan sním ná seól36 gan tshaobad
707] ná laoch gan leónadh ná óg gan egla ná mílid gan merten ;
708] acht maithi & mór-choimsig, luinn & luamairedha na
709] laechraide, ag tegar & ag timsugad a téd & a táclad a
710] comaired do beth an muir ag caithem a muirne & a mongar
711] risin mór-ghaíth. Gidh trá acht ó da shéidestair in gaoth
712] a gail & nach fuair fáilti ná onóir ón fhairgi, do imthig
713] roimpe co baoth barr-udmall co h-aiti uachtaraigh
714] a h-anta.
715] Acht atá ní chena, fá sgíth an muir dá mongar
716] & do sguiredar na saob-thonna dá sibal, gurbo léibenn
717] cobsaid an cuan ar ciúnachad; go táinic menma i n-a
718] maithib & sonarti i n-a slóg & lámach i n-a laochaib &
719] cédfaid i n-a curaduib. Gur sheóladar rompa fán réim
720] sin go h-Inis {folio 6a. II}ngrian-phortaig nGreagraide ,
721] risi n-abar an t-Oilén Mór; gur gabadar a cuan cluthar-mín
722] Celga , risi n-abar Tráigh Celgaidh aniu i ndeiscert Innsi
723] Gregraide .i. Greagraide do Thuathaib Dé Danann do
724] bí isin innsi sin .i. athair Édaíne, & cumachtaig maithe.
725] Agus is uadha ro h-ainmniged in inis , & ro fháguib a
726] ingen innti .i. Édaín, & macámh ar mnáib Tuath Dé Danann
727] in Édaín sin, & lennán d'Eógan í. Agus táinic dá i-nnsaige
728] & do fher fáilti riú, & do innis sgéla Érenn d'Eógan, & do
729] innis dó Conaire & Maicniadh, dá ríg Muman , & maithe
730] Muman uile do beith a n-én -tigh a Carn Buide. Agus
731] ba binn le h-Eógan na scéla sin, & do an co mór aici ar in
732] fairgi, uair is a curach do chuaid Édaín i n-a agaid.
742] Is dúsccad ratha do rígh
743] in sén dá tángais a tír,
744] & méraid co br&áth mbinn
745] dá roinn ard-fhlatha ar Éirinn.
746] Nimhedh is Maicniadh don muigh,
747] mac Mogha Lámha is Lugaid ,
748] atáid a gCarn Buidhe bil,
748] in ríghraid uile a n-aon-tig.
750] Éirig a dtír, dén calma,
751] fágaiph do longa falmha;
752] do-gébha a n-aon-tigh uile
753] rígraidh Muman mór-glaine.
754] Ná marbh acht gab a ngialla,
755] ní fhuil comairle is cialla;
756] do-gébha, a fhlaith, líth co n-aíph,
757] gach ní bus maith le h-Édaín.
758] M. S.
759] Agus is ed adubairt, 'Maith in solad ar a táncais
760] a n-Éirinn a tír, a Eógain ,' ar Édain, 'uair naí mbliadna
761] gus iniu ataí a n-égmais Érenn, & atáid do náimde
762] ag caithem do chríchi in comfhad sin; & éirig anocht,'
763] ar sí, 'dá n-innsaigid, & buaidérad-sa a foraireda
764] co nach fagid robad nó rathugad romad.'38 Is
765] ann sin do-chuaid Eógan fá thír a n-oilén Édaíne ,
766] & tucadar a formnada re feórainn na fír-innsi co
767] h-ath-scíthech; & tuc Édaín tosach a fleidi dá féchain
768] dona flaithib, & do bí co h-onórach dá fuath & dá fír-misgais
769] .i. ingen ríg na h-Espáine.
770] Tugad Magar mac ríg gairb-deiscirt Érenn co
771] h-Eógan & adubairt fris dul co Carn mBuide mar a rabadar
772] maithi Muman um Chonaire & um Maicniad; '& innis
773] dóib-side39 co tánac-sa a n-Érinn don dula sa, &
774] sloinn a fuil d'allmarchaib am fhochair; & is ferr
775] linn umla d'fhagáil uatha san ar áis iná ar éigin.' Agus
776] ráinic roime co bruidin Chairn Buidi, & do bátar an
777] dá ríg sin & maithi Muman uile a n-én-tig óla & siad mesgda
778] medar-chaín & do shloinn a thechtairecht, & ní thucsad
779] fregra fair, acht ad-bertadar fris fromad na fleidi mar
780] chách. {folio 6b. I}Agus ní h-edh sin do rinne Magar,
781] acht ráinic roime d'acallaimh Eógain & do innis scéla dó.
782] Agus do fergaiged Eógan de sin, & adubairt re n-a muinnter
783] éirghi do dhénam. 'Ní h-amhlaidh sin do-géntar,' ar
784] ingen ríg na h-Espáine, 'acht ragaid in draí úd dá
785] n-agallaimh' ; & is aire sin do h-anadh aca.
786] Ro éirigh Derg Damsa draí Eógain, & ráinic
787] roime i n-a ruathar co carraig Cairn Buidi mar a rabatar
788] an rígraidh sin ag éstecht re muirn & re medhair na míled
789] sin; & do shloind a aithesg & a uirighell, & nír creidedh
790] én-fhocal uadha. Ro labair-sium co fergach fuasaídech
791] friú, do labair Maicniadh mac Luighdhech a cinn athaid
792] ris, & do fhiarfaig scéla co céillidi de. Agus do innis an
793] draí Eógan go n-a allmarchaib do thecht a tír a n-&Érinn,
794] & adubairt riú-san giallad dó dá ndeóin & braighdi do
795] beith acu i n-a oirchill, nó co ndingnadh a eitech risna
796] sluagaib sin. Adubradar-san comadh maith leó Eógan
797] co n-a allmarchaib d'fhagáil re n-a oirlech. 'Do-gén-sa
798] imthecht más ed,' ar in t-éiges, '& ná bídh ingena Cuinn
799] in bar coirm-thig ar ar cinn-ne.'
800] 40Agus is-pert
in laoí:-
Derg Damsa 801] Laphrad nech isin Charn chain,
802] a laocha atá 'sa rígh-thigh
, 803] taphraid freagra nach fáth fann 804]
ar Eógan Taídhlech taoiph-sheng
. Derg Damsa 809] Sáruid ben Chonaire Chaímh
, 810] ingen Chuinn
an chrotha caoin ,
811] éirgedh
uaiph, ná bíodh astoigh, 812] ná derntar fuirre
fingoil. Maicniadh 813] Calma Conaire na n-ech, 814] &
Macniadh mac Luigdech ,
815] & Dáire na trí cath, 816] & Maine
mac Durrthacht
. Derg Damsa 817] Fraoch Mílesach
mac Éibhir
818] rígh
Espáine, do éirig; 819] is fer co
mbrígh & co mblaid,
820] ar nach gcuirenn sníom slaphraid.
821] L.N.
822] Ráinic Derg Damsa d'accallaimh Eógain iar sin,
823] & do innis ráiti na ríghraidi sin uile i n-a fhiadhnaise.
824] Do éirigh Eógan co n-a allmarchaib ann sin gan fuirech
825] & do gluaisedar rompa i n-a cipe chomdaingen chatha
826] co Carn mBuide, & tángatar a timchell an tighi a rabadar
827] maithi Muman, & nír léig aon-duine bethad as díb nó
828] gur giallsat d'aon-chomairle uile d'Eógan. Agus tucsat
829] a maithi uile a lámha a láimh Eógain .i. Conaire &
830] Maicniadh mac Luigdech & Flann mac Fiachrach rí
831] oirthir Muman, & tucsat uile braigde & eidire d'Eógan;
832] & do bátar a fledha & a fuirega & iad féin ar ordugad Eógain
833] an adaigh sin. Agus do éirgedar co menmnach ar n-a
834] márach, & táncadar a n-oirechtas um an aird-rígh, um
835] Eógan, & do bátar uile ó aithech co ríg igá riarugad.
836] Goiris Eógan Maghar mac rígh gairb-deiscirt
837] Érenn dá agallaim, & adubairt ris, 'Éirigh uaim, a Magair'
838] ar sé , 'd'agallaim ríg Laigen .i. Fiachaid Baicedha mac
839] Chathaír Móir, {folio 6b. II}& innis dó mo thecht-sa a n-Érinn,
840] & innis dó fós gurub é Conn Céd-chathach do marbh a
841] athair a cath Maighi h-Ágha , acht gé atá a fhis aigi féin;
842] & is é fós tuc forthórmach anma air 41féin isin
843] chath chédna, co nderna bacach baclámhach de,
844] unde Fiachaid Baicedha . Agus éirghed sé linne a
845] n-agaid a námhad, & cuimniged sé a fhalta co coitchenn
846] do Chonn, & tabrad sochraidi Laigen leis chucainne'
847] 42Agus ad-bert:-
848] A Maghair, éirigh bu dhes
849] co crích Laighen na laoch-les ;
850] ráidli re Fiachaid , foram nglé,
851] táinic sunn mo shochraide
852] Mór in tsochraide fil ann,
853] Fraoch Míleasach, laoch nach gann ,
855] do shluag adbal Easpáini.
856] Millfidh Cruacha, gníomh gan geiss,
857] & Emhain gan éisleis ;
858] an ríghe benfaid do Chonn,
859] dá bhfinna cách a chomlonn.
860] Tuitfid Conall lonn dá láim ,
861] dagh-mac Aongusa imláin ;
862] mar do-rinnis gním tré goil
863] innis go fír, a Maghair.
864] A Magair.
865] Ro imthig Magar leisin toisg sin. Tucad Derg
866] Damsa draí d'acallaim Eógain iar sin, & adubairt, 'Éirigh-si
867] dam-sa,' ar sé, 'co Bresal mac Briúin & co h-Eochaid
868] Cobha, co dá ríg Ulad, & innis dóib gurub é Feidlimid
869] Rechtmar do marbh a n-aithri, & Conn féin dá cur-san
870] fá dhaír-chís dúr-fhoghnamha, & do sgar Temair riú.'
871] Agus ráinic in draí d'acallaim Ulad iar sin. Agus do
872] thinóil Mog Nuadad dá chóiged Muman co roibe naí
873] catha a n-én-inadh; & do thinóiledar Laigin co léir, &
874] táncadar co h-Áth Lethan ar Berbha; & táncatar Ulaid
875] co Finn-charn na Foraire ar Sliab Fuaid, d'athchur &
876] d'innarbad Chuinn. Ní h-edh amáin acht do impótar
877] fir Érenn uile air cenmothá Connachta namá. Ro h-innised
878] do Chonn na coimthinóil sin ar n-éirghi i n-a
879] agaid, & do aithin gur innarbthach é féin. Ro fhágaib
880] Temair co n-a turscar & ráinic roime co brónach bith-imshnímach
881] co Cruachain, & táinic Conall Cruachna &
882] Connachtaigh i n-a comdáil ann sin, & táinic Goll mac
883] Morna co n-a fhianaibh ann. Do h-innised do Mog Nuadad
884] Conn d'fhágbáil Temrach co n-a tuathaib ar a
885] theichedh-sum. 'Is fír sin,' ar Mog Nuadad, 'inad
886] bunaidh ríg Érenn Temair; & mar do len-san misi fiarlaíd
887] dá chóiged Muman lenfad-sa eiséin a cóiged Connacht'
888] Ro gluais Eógan & a naí catha cóirighthi co
889] rángadar go Magh Dhá Dhos a ndeiscert Delbhna, & do
890] thaobadar coiméd Muman re Laignechuib, & ráncatar
891] co sen-Áth Mór ar n-a márach {folio 7a. I}risi n-abar Áth
892] Luain meic Lugair mic Luigdech; & do bátar an adaigh
893] sin ar ur in átha. Agus do-riachtatar ar n-a márach
894] tar Duib & tar Droibél, & do gabatar ag Loch Ló uili in
895] adhaigh sin; & táncatar a Tochar Caorach Meadba ar
896] n-a márach, & a Magh n-Aoi mic Allgubha an druadh.
897] Agus dob áil le h-Eógan gan anad ann sin, acht Cruacha
898] do chreachad & Mag n-Aoi dh'argain, nó co tuc Conaire
899] & Maicniadh imfhastódh air mar athchuinchidh do
900] chongbáil a caradraid & a clemhnasa re Conn, nó co
901] cuirdís techtairecht um chert nó um chomroinn chríchi
902] chuigi; agus adubairt Eógan nach tibrad comroind dÉrinn
903] uadha. 'Ní gnáth cath gan comaid, a Eógain' ar iad-san,
904] '& taircther leth Érenn uait-si do Chonn,' ar
905] siad, '& bídh an leth ro chosnais féin d'Érenn agad-sa.'
906] Tucad Derg Damsa draí co Mog Nuadad & adubrad ris
907] dul do thaircsin na comronna sin do Chonn
908] Imthúsa Cuinn, do bí féin & Conall & Goll co n-a
909] fhianuib an lá sin ar brú Thobair Thuillsci; & fuaratar
910] fis na sochraide sin do thecht i n-a tír, & do chuiredar
911] fesa dá fhis cáit a rabatar, & ad-chonncatar-séin uatha
912] iad, & fuaratar fis a n-aister & a n-uided & a cogair & a
913] comairle ó Maicniadh & ó Chonaire. Agus táncatar na
914] forchoimédaidhi ar tinnenas co h-airm a roibe Conn &
915] Conall, &43 do innisedar scéla deimne an tshluaigh dóib
916] .i. nach gébdaís gan leth n-&Érenn co h-uilidhi nó gan
917] cathugadh. Ó 't-chualaid Conn an comrád sin do
918] chromm a chenn & do chagain crann a chraísighi ó
919] h-urlainn co a h-innsma, gurab é a cró cruaidh-neimhnech
920] ro gab ré geil-dédaibh. Agus do éirigh co h-ogla ann sin
921] ar fód fo leith, & Conall & Goll & becán do maithib a
922] muinntire; & do fhiarfaig Conn díbh cá frestal do-bérdaís
923] ar Mog Nuadad co n-a allmarchaib, & co ndechaid Éire
924] gan amhuras uatha, {folio 7a. II}& gur impótar Laigin & Ulaid
925] orra, & mana derndaís féin calma don dula sin comadh
926] ath-rígha uile iad
927] 44Agus id-bert
an laoidh:-
Conn 928] Comhairle dhúinn, a Chonaill ! 929]
Tugadh aird-mhéala oruinn; 930] rug Eógan
mér-sheang, flaith Fáil, 931] leath Éirionn as ar
n-urláimh . 932] Déna an ní do-ghníre cách, 933] congaibh do
sgiath ar do sgáth 934] tablair, a thuir nach tor lag,
935] cath ar moigh do Mhogh Nuadhat.
936] Ro-n-tréigsiot Ulaidh na n-ech
937] & Laighin na luath-chreach,
938] co nach bfuilmíd re fáth ngluinn
939] acht misi & tusa, a Chonaill.
940] In anfam re tineól tenn,
941] a mhic Mórna na mór-lend ,
942] go bfionnaid cách ar n-aidhbhle ?
943] Fionnam créud do chomairle.
944] Comhairle
945] 45'Dénaim-ne riú-san,' ar Conall, 'mar dhaníimaíd
946] re cách .i. a ndíchur a cert chatha.' Is í comairli
947] ar ar h-anadh acu ann sin, Magh n-Aí d'fhágbáil &
948] d'fholmugad co h-athlamh, & a mbanntracht & a mbótháinti
949] do chur a ndíthrebaib & a n-an-daingnib dá
950] ndíden, & gluasacht dóibh féin co foighidech in bec-shluag
951] do bátar láim re mór-shluag Moga Nuadad co nem-
952] chainntech. Co rángatar co Coill nGarbh-ruis , & do
953] bátar ag gabáil longphuirt. Agus dobo chesachtach
954] Conn ar a coimthinól, & do aithin dá muinntir tene
955] gacha trír & gacha deisi do dénam ar fud46 na fidbaidhi,
956] gomadh aidhbsighide le n-a n-escairdib iad. Agus tucad
957] a maithi fán teinid ar a roibe Conn. 'Cinnas atá an
958] choill anocht?' ar Conn. 'Atá tré doiger derg-lasrach
959] donn-ruaide,' ar iad san. 'Aidéraidh in t-ainm dí co
960] bráth,' ar in draí .i. Coill Ruadh
961] Is ann sin ráinic Derg Damsa draí d'innsaige
962] Chuinn leis na comadhaibh ó chianaibh .i. leth Érenn
963] do Chonn, & nír labair Conn én-ghuth i n-a agaid.
964] Adubairt Conall re Conn freagra do thabairt ar in ollam.
965] Tucad a chomairlig co Conn ann sin .i. Conall & Goll
966] & fir na Cruachna & máil Muighi h-Ái; & maithi na Midhi.
967] & brugaid Breagh .i. fir Aithe & fir Odhba, fir Chnodhba
968] & fir Omna, fir Gabra & fir Chleitigh, fir Thaillten & Thailend,
969] fir Arach & fir Fhrémann , fir Mhálann & fir Bethra,
970] fir Theabtha & fir Thulach, Luaighne Temrach & clanna
971] Fomair . Fada dóib a comairli ann sin, & is aire do ansad,
972] leth Érenn do gabáil ó Mog Nuadad, co léigedh sé a
973] allmaraigh uadha, & iad-san do éirghi dó i n-a degaid sin;
974] {folio 7b. I} & dob í sin comairli Chonaire & Maicniadh do
975] Chonn. Agus do chomairlighedar cinnas do roinnfide
976] Éire eturra. 'Do-fhetar-sa a roind chóir,' ar Conall
977] Cruachna, 'ó Áth Cliath Medhraige co h-Áth Cliath
978] Duiblinni.' Agus do bás ag cengal na comronna sin an
979] adaigh sin eturra. Agus do bí egla anbáil roime a chéile
980] ar na cathaib, conid Glaisi Imomuin ainm na glaisi boí
981] eturra. Agus do éirghedar leth ar leth co moch ar n-a
982] márach, & do chenglatar a comroind & a sídh, & do
983] thógaibsed cladh comronna díb línaib ón Áth Cliath co
984] chéile .i. Eisgir Riata .i. sídha .i. ro shídhaigh an tóraind
985] sin Ére uile. Agus ro impó Mog Nuadad co n-a sluagaib
986] a Mumhain arís co menmnach móir-chédfadach
987] Agus tucad Finn mac Cumaill dá indsaigid &
988] sé a cinn a naí mbliadan, uair is a mbliadain innarbtha
989] Eógain rucad Finn, ut dixit:-
990] Is ann rucad Finn, co mblaid
991] bliadain innarbtha Eógain;
992] a cinn naí mbliadan iar sin
993] do bí an rí 'n-a rígh-fhéinidh
994] Tuc Mog Nuadad ríg-fhéinnidhecht a leithe féin d'Érinn
995] d'Fhinn ar n-a fhuráil d'Fhiachaid Bhaicedha mac
996] Cathaír Móir.
997] 47Agus do bí Ére ar in roind sin cóig bliadna
998] dég, amail as-bert in file:-
999] Cóig bliadhna dég adeir mé
1000] Eógan is Conn a coim-ré,
1001] gur thuit Eógan nár ér fer,
1002] an leóman fá gér gaisged. .
1003] Is í sin an sechtmad roind do-rinnedh ar Érinn .i. roind
1004] chlainni Parrthalóin & roind chlainni Cermada & roind
1005] dá mac Miled & roind Chermna Fhinn & roind chlainni
1006] h-Iugaine & roind na cóigedhach & roind Moga Nuadad
1007] & Chuinn
1008] Ro h-innised tr&aa