from the Book of Leinster
© Unknown author
E-Text: C.E.L.T.
Fecht n-óen do Ailill & do Meidb íar ndérgud a rígleptha dóib i Crúachanráith Chonnacht, arrecaim comrád chind cherchailli eturru. 'Fírbriathar, a ingen,' bar Ailill, 'is maith ben ben
5] dagfir.' 'Maith omm', bar ind ingen, 'cid dia tá lat-su ón?' 'Is de atá lim,' bar Ailill, 'ar it ferr-su indiu indá in lá thucus-sa thú.' 'Ba maith-se remut', ar Medb. 'Is maith nach cúalammar & nach fetammar,' ar Ailill, 'acht do bith-siu ar bantincur mnáa & bidba na crích ba nessom duit oc breith do slait & do chrech i fúatach
10] úait.' 'Ní samlaid bá-sa,' ar Medb, 'acht m'athair i n-ardrígi Hérend .i. Eocho Feidlech mac Find meic Findomain meic Findeoin meic Findguill meic Rotha meic Rigéoin meic Blathachta meic Beothechta meic Enna Agnig meic Óengusa Turbig. Bátar aice sé ingena d'ingenaib: Derbriu, Ethi & Éle, Clothru, Mugain, Medb.
15] Messi ba úasliu & ba urraitiu díb. Bam-sa ferr im rath & tidnacul díb. Bam-sa ferr im chath & comrac & comlund díb. Is acum bátar cóic cét déc rígamus do maccaib deórad dar tír & a chomméit n-aill do maccaib aurrad ar medón, & dechenbor cach amuis díbside, & ochtur ri cach n-amus, mórfessiur cach amuis, sessiur cach
20] amais, & cóicfiur cach amuis, triur ri cach n-amus, & días cach amuis, amus cach amuis. Bátar ocom sain ri gnáthteglach,' ar Medb, 'conid aire dobert m'athair cúiced de chóicedaib Hérend dam .i. cóiced Crúachna. Conid de asberar Medb Chrúachna frim. T[acute ]ncas ó Find mac Rosa Rúaid ríg Lagen dom chungid-sa & ó
25] Chairpriu Nia Fer mac Rosa ríg Temrach, & táncas ó Chonchobur mac Fachtna ríg Ulad, & táncas ó Eochaid Bic. Ocus ní dechad-sa, dáig is mé ra chunnig in coibchi n-ingnaid nára chunnig ben ríam remom ar fer d'feraib Hérend .i. fer cen neóit, cen ét, cen omon. Diambad neóit in fer 'gá mbeind, níbad chomadas dún beith
30] maróen fo bíth am maith-se {MS folio 54a} im rath & tidnacul, & bad cháined
35] combad beódu a ben indá & ní cáined a mbeith combeóda acht combat beóda díb línaib. Dámbad étaid in fer 'cá mbeind, níbad chomdas béus. dáig ní raba-sa ríam can fer ar scáth araile ocum. Fuarusa dano in fer sain .i. tussu .i. Ailill mac Rosa Rúaid do Lagnib. Nírsat neóit, nírsat étaid, nírsat déaith. Tucusa cor &
40] coibchi duit amal as dech téit do mnaí .i. timthach dá fer déc d'étuch. carpat trí secht cumal, comlethet t'aigthi do dergór, comthrom do riged clí do finddruini. Cipé imress méla & mertain & meraigecht fort, ní fuil díri nó eneclann duit-siu ind acht na fil dam-sa,' ar Medb, 'dáig fer ar tincur mná atatchomnaic.' 'Ní
45] amlaid sin bá-sa,' ar Ailill, 'acht dá bráthair limm, fer díb for Temraig & fer for Lagnib .i. Find for Lagnib & Carpre for Temraig. Léicsius rígi dóib ara sinsirecht & níp ferra im rath nó thidnacul andú-sa, & ní chúala chúiced i nHérind ar bantinchur acht in cúiced sa a óenur. Tánac-sa dano, gabsus rígi sund i tunachus mo
50] máthar. dáig ar bíth Máta Murisc ingen Mágach mo máthair, & gia ferr dam-sa rígan no biad ocum andaí-siu, dáig ingen ardríg Hérend atatchomnaic.' 'Atá dano,' ar Medb, 'is lia mo maith-sea indá do maith-siu.' 'Is ingnad linni anísin,' ar Ailill, 'ar ní fil nech is lia seóit & moíne & indmassa andú-sa, & rafetar ná fail.'
55] Tucad dóib anba táriu dá sétaib co festais cia díb dámbad lia seóit & moíne & indmassa. Tucad chucu a n-éna & a ndabcha & a n-iarnlestair, a mílain & a lóthommair, & a ndrolmacha. Tucait dano cucu a fánne & a falge & a fornasca & a n-órdúse & a n-étguda, eter chorcair & gorm & dub & úaine, buide & brecc & lachtna, odor, alad
60] & riabach. Tucait a murthréta caírech d'aicthib & d'urlannaib & rédib. Ra rímit & ra hármit & ra achnít corbatar cutrumma comméti comlínmair. Acht baí raithi sainemail for caírchaib Medba & ba gabálta i cumail é & boí rethi a frecartha for caírchaib Ailella. Tucait a n-eich & a nechrada & a ngrega d'férgeltaib & scoraib.
65] Baí ech sainemail ar graig Medba & ba gabálta i cumail. Baí ech a frecartha oc Ailill. Tucait dano a murthréta mucc a fedaib & fánglentaib & díamairib. Ra rímit & ra hármit & ra hachnít. Boí torc sainemail oc Meidb & araile dano la hAilill. Tucait dano a mbótháinte bó & a n-alma & a n-immirge dóib a fedaib & fásaigib in
70] chúicid. Ra rímit & ra hármit & ra hachnít,& roptar cutrumma comméti comlínmair dóib. Acht boí tarb sainemail ar búaib Ailella & ba
75] tarb a chomméit lé fora búaib. Is and sain conacrad Mac Roth ind echlach co Meidb & conscomarc Medb de ar co fessed Mac Roth airm i mbiad tarb a samla sút i cúiciud de chúicedaib Hérend. 'Rofetar omm,' bar Mac Roth, 'airm i fail tarb as dech & is ferr dorísi i cúiciud Ulad i tríchait cét Cúalnge i tig Dáre meic Fachtnai
80] .i. Dond Cúalnge a ainm.' 'Tó duit-siu connici sain, a Meic Roth, & cunnig dam-sa for Dáre íasacht mbliadna do Dund Cúalnge, & ragaid lóg a íasachta dó i cind bliadna .i. coíca samaisci & Dond Cúalnge fadessin. Ocus ber-siu comaid aile latt, a Meic Roth: mad olc ra lucht na críchi & ind feraind in sét sainemail sin do thabairt
85] .i. Dond Cúalnge, taít-sum féin ra tharb. Ragaid comméit a feraind féin do mín Maige Aí dó & carpat trí secht cumal, & ragaid cardes mo sliasta-sa fessin.'
Lotar iar sain na echlacha dó co tech Dáre meic Fiachnai. Is é lín luid Mac Roth nónbor echlach. Ra ferad fálti iar tain fri Mac
90] Roth i tig Dáre. Deithbir sin, prímechlach uile Mac Roth. Ra iarfacht Dáre do Mac Roth cid dobretha imthecht fair & cid 'ma tánic. Innisis ind echlach inní imma tánic & innisid immarbáig eter Meidb & Ailill. 'Ocus is do chungid íasachta don Dund Cúalnge i n-agid ind Findbennaig tánac,' arse, '& atetha lóg a íasachta .i.
95] coíca samasci & Dond Cúalnge fessin, & araill aile dano béus, tair-siu féin lat tarb & fogéba comméit th'feraind féin de mín Maige Aí & carpat trí secht cumal & cardes sliasta Medba air sin anechtair.' Ba aitt la Dáre aní sin & ra mbertaig co raímdetar úammand a cholcthech faí & atrubairt: 'Dar fír ar cubais, cid an ní ra Ultaib,
100] bérthair in sét sa in cur sa do Ailill & do Meidb .i. Dond Cúalnge, i crích Connacht.' Ba maith dano la Mac Roth ra ráde Mac Fiachna.
Ra frithálit iar sain & ra hecrait aíne & urlúachra fóthib. Tucad caíne bíd dóib & ra fordáled fled forro co mbátar búadirmesca,
105] & dorécaim comrád eter dá echlaig díb. 'Fírbriathar,' ar indara echlach, 'is maith fer in taige i tám.' 'Maith omm,' bar araile, 'In fuil cid d'Ultaib nech is ferr andás?' ar ind echlach taísech béus. 'Atá omm,' bar ind echlach tánaise. 'Ferr Conchobor 'cá tá & cid immi gabtais Ulaid uile ane, níbad nár dóib.' 'Mór in
110] maith dó aní i mbiad opair cethri n-ollchóiced nHérend do brith a crích Ulad .i. Dond Cúalnge do thabairt dúnni nónbur echla[cdot ]h.'
115] andá?' ar ind echlach thaísech béus. 'Atá omm,' ar ind echlach tánaise. 'Ferr Conchobor cá tá & gid imme gabtais Ulaid uili ane, níbad nár dóib. Mór in maith dó aní i mbiad opair cethri n-ollchóiced nHérend do brith a crích Ulad do thabhairt dúnni nónbor echlach.' 'Nírb uráil limm sceith cró & fola 'sin mbel assa tic sain,
120] dáig cenco tucthá{MS folio 55a} ar áis, dobértha ar écin.'
Is and sin doruacht fer uird rainne Dáre meic Fiachnai 'sin tech & fer fo lind leis & fer fo bíud, & atchúala anra chansat, & táncatar fergga dó & turnaid a bíad & a lind dóib, & ní ebairt riu a chathim & ní ebairt a nemchathim. Dochúaid assa aithle issin tech i rrabi
125] Dáre mac Fiachnai & ra rádi: 'In tú thuc in sét suachnid út dona hechlachaib .i. Dond Cúalnge?' 'Is mé omm,' for Dáre. 'Ní raib rígi airm i tucad, ar is fír aní rádit, ar cenco tuca-su ar áis, dombéra ar écin fri sochraiti Ailella & Medba & ra móreólas Fergusa meic Róig.' 'Dothung mo deo dá n-adraim ná co mberat ar écin
130] samlaid nacha mbérat ar áis.' Fessit samlaid co matin. Atragat na echlacha co moch arnabárach & dochúatar i tech i mbaí Dáre. 'Eólas dún, a úasail, co rísem bail a tá in Dond Cúalnge.' 'Nithó omm,' ar Dáre, 'acht diambad bés dam-sa fell for echlacha nó for aes n-imthechta nó tastil sliged, ní ragad nech úaib i mbethaid.' 'Cid
135] són?' ar Mac Roth. 'Fail a mórabba,' ar Dáire. 'Ra ráidsebair cenco tucaind ar áis dobéraind ar écin ra sochraiti Ailella & Medba & ra móreólas Fergusa.' 'Aile,' ar Mac Roth, 'giped no ráditís echlacha dot lind-su & dot bíud, ní hed ba tabartha do aíg nó do aire nó d'airbire do Ailill & do Meidb.' 'Ní thibér-sa trá, a Meic Roth,
140] mo tharb din chur sa dianetur.'
Lotar na echlacha ar cúl dó samlaid & ráncatar Crúachanráith Connacht. Conscodarc Medb scéla díb. Adféta Mac Roth scéla, ná tucsat a tharb ó Dáre. 'Cid fotera són?' ar Medb. Rádis Mac Roth aní dia mbaí. 'Ní hécen féth dar fudbu de, a Meic Roth, ar
145] rafess,' ar Medb, 'ná tibértha ar áis cenco tuctha ar écin, & dobérthar ón.'
Urthatar techta ó Meidb cosna Manib arco tístaís co Crúachain, na secht Mani cona secht tríchtaib cét .i. Mane Máthremail, Mane Athremail, & Mane Condagaib Uili, Mane Míngor &
150] Mane Mórgor & Mane Conda Mó Epert. Urthatar techta aile co
155] úathib co Cormac Cond Longas mac Conchobuir & co Fergus mac Róig, & táncatar deich cét ar fichit cét a llín.
In cétna lorg cétamus forthí berrtha forro. Bruit úanidi impu. Delggi argait intib. Lénti órshnaith fria cnessaib ba tórniud do dergór. Claidib gelduirn léo co n-imdurnaib argit. 'Inn é Cormac
160] sút?' for cách. 'Nád é omm,' bar Medb.
In lorg tánaise berrtha núa léo. Bruitt forglassa uli impu. Lénti glégela {MS folio 55b} fria cnessaib. Claidib co muleltaib óir & co n-imdurnib argait léo. 'Inn é Cormac sút?' for cách. 'Nád é omm,' bar Medb.
165] In lorg dédenach berrtha lethna léo. Monga findbuide forórda forscaílti forru. Bruitt chorcra cumtaichthi impu. Delgi órdai ecorthi ós ochtaib dóib. Lénti sémi setai sítaidi co tendmedón traiged dóib. I nn-óenfecht dostorgbaitis a cossa & dofairnitis arís. 'Inn é Cormac sút?' ar cách. 'Is é ón ém,' ar Medb.
170] Ra gabsatar dúnad & longphort in n-aidchi sin corba dlúim diad & tened eter chethri áthaib Aí .i. Áth Moga & Áth mBercna, Áth Slissen & Áth Coltna, & tarrassatar ed cían cóicthigis i Crúachanráith Connacht ic ól & ic ánius & ic aíbnius combad esaiti léo a fecht & a slógad. Ocus is and sain rádis Medb fria haraid ar co ngabad a echraid di
175] co ndigsed d'acallaim a druad d'iarfaigid fessa & fástini de.
A ránic Medb airm i mbaí a druí, ra iarfacht fiss & fástini de. 'Sochaide scaras fria chóemu & fria chairdiu sund indiu,' ar Medb, '& fria chrích & fria ferand, fria athair & fria máthair, & meni thíset uli i n-imslanti, forom-sa combenfat a n-osnaid & a mmallachtain.
180] Araí sin ní théit immach & ní anand i fus as diliu lind oldámmit fadessin. Ocus finta-ssu dún in tecam fo ná tecam.' Ocus ra ráid in druí: 'Cipé tic nó ná tic, ticfa-su fessin.'
Impáis in t-ara in carpat & dotháet Medb for cúlu. Co n-accai ní rap ingnad lé .i. in n-áenmnaí for fertais in charpait 'na farrad ina
185] dochum. Is amlaid boí ind ingen ic figi chorrthairi & claideb findruini ina láim deiss cona secht n-aslib do dergór ina déssaib. Bratt balla breccúani impi. Bretnas torrach trénchend 'sin brutt ósa brunni. Gnúis chorcra chrúmaínech lé. Rosc glass gáirectach lé. Béoil derga thanaide. Dét níamda némanda. Andar let
190] batar frossa findnémand erctais ina cend. Cosmail do núapartaing a beóil. Binnidir téta mendchrot acá seinm a llámaib sírsúad bindfogur a gotha & a caínurlabra. Gilidir snechta sniged fri óenaidchi taídlech a cniss & a colla secha timthach sechtair. Traigthi seta sithgela, ingni corcra córi crundgéra lé. Folt findbudi
195] fata forórda furri. Teóra trillsi dá fult imma cend. Trilis aile combenad foscad fria colptha.
Forrécacha Medb furri. 'Ocus cid dogní-siu and sain innossa, a ingen?' for Medb. 'Ic tairdeilb {MS folio 56a}do lessa-su do lítha. Ic teclaim & ic tinól cethri n-ollchóiced nHérend lat-su i crích nUlad ar cend
200] Tána Bó Cúalnge.' 'Cid 'má ndenai-siu dam-sa sain?' ar Medb. 'Fail a mórabba dam. Banchumal dit muntir atamchomnaic.' 'Cóich dom muntir-sea tussu?' ar Medb. 'Ni handsa ém. Feidelm banfáid a Síd Chrúachna atamchomnaic-se.' 'Maith and sin,'
'Atá Conchobor 'na chess noínden i nEmain ém,' ar Medb. 'Ráncatar m'echlacha-sa connice. Ní fail ní itágammar-ne la Ultu. Acht abbair a fír, a Feidelm.'
a Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?
205] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.
'Atá Cuscraid Mend Macha mac Conchobuir i nInis Cuscraid ina chess. Ráncatar m'echlacha connice. Ní fail ní itágammar-ne la Ultu. Acht abbair-siu fír, a Feidelm.'
Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?
210] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.
'Atá Eogan mac Durthacht ic Ráith Airthir 'na chess. Ráncatar m'echlacha connice. Ní fuil ní itágammar-ne la Ultu. Acht abbair-siu fír rind, a Feidelm.'
Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?
215] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.
'Atá Celtchair mac Cuthechair ina dún 'na chess. Ráncatar m'echlacha connice. Ní fuil ní itágammar-ne la Ultu. Act abbair fír, a Feidelm.'
Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?
220] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.
Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?
225] Atchíu forderg forro, atchíu rúad.
Ocus ro gab ic tairngiri & remfástine Con Culaind d'feraib Hérend. & doringni laíd:
230] Feidelm banfáid, cia facci ar slúag?
Atchíu forderg forro, atchíu rúad.
Tairngire & remfástini & cendphairt in sceóil & fotha a fagbála & a dénma, & comrád chind cherchaille doringni Ailill & Medb i Crúachain connice sain.
- Atchíu fer find firfes chless
235] co lín chret ima cháemcnes,
lond láith i n-airthiur a chind,
óenach búada ina thilchind.
- Fail secht ngemma láth ngaile
ar lár a dá imcaisne,
240] fail fuidrech fora rinne,
fail leind deirg drolaig imme.
- Ro fail gnúis is grátam dó,
dober mod do banchuireo,
gilla óc is delbdu dath
245] tadbait delb drecoin don chath.
- Cosmail a find sa gaile
fri Coin Culaind Murthemne,
nocon fetar cóich in Cú
Culaind asa Murthemniu,
250] acht rafetar-sa trá imne
bid forderg in slúag-sa de.
- Cethri claidbíni cless n-án
ra fail cechtar a dá lám,
condricfa a n-imbirt for slúag,
255] is sain gním ris téit cech n-aí úad.
- A gae bulgae mar domber
cenmothá a chlaideb 's a sleg,
fer i furchrus bruitt deirg,
dobeir a choiss for cach leirg.
260] A dá sleig dar fonnad nglé,
ard ás gail in ríastarde,
cruth domarfáit air co se
derb limm no chlóemchlaífed gnée.
- Ro gab tascugud don chath,
265] meni faichlither bid brath,
don chomlund is é farsaig,
Cú Chulaind mac Sualtaim.
- Slaidfid for slúaga slána,
concurfe far tiugára,
270] faicébthai leis óg for cend;
ní cheil in banfaíd Feidelm.
- Silfid crú a cnessaib curad,
bud fata bas chianchuman;
{MS folio 56b}beit cuirp cerbtha, caínfit mná,
275] ó Choin na Cerdda atchíu-sa
A
Sligi na Tána in so & tossach in tslúagid anmand na sliged
280] dochúatar cethri ollchóiced Hérend i crích Ulad .i. I Mag Cruinn, for Tóm Móna, for Turloch Teóra Crích, for Cúl Sílinni, for Dubfid, for Badbna, for Coltain, for Sinaind, for Glúine Gabur, for Mag Trega, for Tethba túascirt, for Tethba in descirt, for Cúil, for Ochain, for Uata fothúaid, for Tiarthechta
285] sair, for Ord, for Slaiss, for Inndeóin, for Carn, for Mide, for Ortrach,
290] Licci, for Áth nGabla, for Ardachad, for Feoraind, for Findabair, for Assi, for Airne, for Aurthuile, for Druim Salaind, for Druim Cáin, for Druim Caímthechta, for Druim mac nDega, for Eódond mBec, for Eódond Mór, for Méide in Togmaill, for Méide ind Eóin, for Baile, for Aile, for Dall Scena, for Ball Scena, for Ros Mór. for
295] Scúaip, for Timscúaib, for Cend Ferna, for Ammag. for Fid Mór i Crannaig Cúalngi, for Druirn Caín i Sligid Midlúachra.
Cétna uidi dochúatar na slóig co faítar in n-aidchi sin for Cúil Siblinni & focress a phupall do Ailill mac Rosa in n-aidchi sin. Pupall Fergusa meic Róich dia láim deiss. Cormac Cond Longas
300] mac Conchobuir fora lám-ide. Íth mac Étgaíth fora lám-ide. Fiachu mac Fir Aba fora lám-ide. Gobnend mac Lurgnig fora lám-ide. Suidigud pupaill Ailella dia láim deiss arin tsluagud in sin & trícha cét fer nUlad dia láim deiss in sin, & ba aire dobered trícha cét fer nUlad dia láim deiss combad facsiti in cocur & in comrád
305] & na hairigthi bíd lenna dóib-sium. Medb Chrúachan immorro do chlí Ailella. Findabair fora lám-ide. Flidais Foltcháin ben-side Ailella Find arna feis la Fergus ar Táin Bó Cúalnge & is sí no bered in sechtmad n-aidchi ingalad d'feraib Hérend forin tslúagad do lacht eter ríg & rígain & rígdomna & filid & foglaimthid. Medb ba
310] dédenach dona slúagaib in lá sain ic iarfaigid fessa &, fástini {MS folio 57a} & eólais ar co fessed cia lasbad lesc & lasbad laind in slúagad do thecht. Ní arlacair Medb ara turnta a carpat nó ara scorthea a eich co rálad cor di 'sin dúnad.
And sain ra díchurit eich Medba & ra turnait a carpait & dessid
315] ar láim Ailella meic Mágach. Ocus confóchta Ailill scéla di Meidb ar co fessed Medb cia lasmad laind nó nemlaind nó lasmad lesc in slúagad. 'Hespach do neoch a thríall acht dond óenfialluch,' ar Medb. 'Cia maith fogníat in tan moltair sech cách?' ar Ailill. 'Fail dlug molta forro,' ar Medb. 'Tráth ro gab cách dúnad & longphort do dénam, ro scáich dóib-sium botha & bélscaláin do
320] dénam. Tráth ro scáich ra cách botha & bélscaláin, ro scáich dóib-siurn urgnam bíd & lenna. Tráth tarnaic do chách urgnom bid & lenna, scáich dóib-sium praind tomailt. Tráth ro scáich praind & tomailt do chách, bátar-som 'na cotlud andsaide. Feib
325] ra deligetar a ndáer & a mogaid de dóeraib & mogadaib fer nHérend, deligfit a ndeglaích & a ndegóic do deglaíchaib & de degócaib fer nHérend in chur sa forin tslúagud.' 'Ferrde linni sain,' bar Ailill, 'dáig is lind imthiagat & is erund conbágat.' 'Níba lind ragait & níba erund conbágfat.' 'Anat i fus didiu,' bar Ailill. 'Ní anfat,'
330] bar Medb. 'Cid dogénat didiu,' bar Findabair, 'meni digset ammach & nád anat i fos?' 'Bás & aided & airlech is accobor lem-sa dóib,' bar Medb. 'Mairg atber ón omm,' bar Ailill, 'ar abba dúnad & longphort do gabáil dóib co hellom & co héscaid.' 'Dar fír ar cubais,' ar Fergus, 'ní dingnea bás dóib-siút acht intí dogéna bás dam-sa.' 'Ní rim-sa
335] is ráite duit-sin sain, a Ferguis,' ar Medb, 'dáig itó-sa lín do gona & t'airlig co tríchait cét Galían immut, dáig atát na secht Mani cona secht tríchtaib cét & meic Mágach cona tríchait cét & Ailill cona tríchait cét & atú-sa com thegluch 'no. Atám and sain lín do gona-su & t'airlig cot tríchait cét Galáan immut.' 'Ní comadas a
340] rád frim-sa sain,' ar Fergus. 'Dáig atát lim-sa sund na secht n-airríg do Mumnechaib cona secht tríchtaib cét. Failet sund trícha cét a n-as dech di ócaib Ulad. Fail sund a n-as dech dagóc fer nHérend, trícha cét Galían. Messi dano as chor & as glinni & trebairi friu ó tháncatar ó críchaib dílsib fadesin, & lim congébat
345] sind ló bága sa. Atá ní,' ar Fergus, 'níbat ecra ind fir sin-is inund ón & ní deceltar dam. Díscaílfet-sa úaim in tríchait cét Galian út fo firu Hérend conná bia cóiciur díb i n-óenbale.' 'Fó lim-sa ón,' ar Medb, 'case chruth i mbet acht nád bet 'sin chaír chomraic i tát ammáin.' Is and sain ra díscaíl Fergus in tríchait cét sain fo
350] feraib Hérend nád boí cóiciur díb i n-óenbaile.
{MS folio 57b}Lotar na slóig iar sodain i cend séta & imthechta. Fa dolig dóib frithairle in tslúaig romóir lotar forsin fecht frisna iltúathaib & frisna ilmaicnib & frisna ilmílib dosbertatar leo co 'mmanactís & co 'mmafessaitis combad chách cona cháemaib & cona chairdib
355] & cona chomdúalas forin tslúagud. Atbertatar dano ba samlaid bad chóir a thecht. Atbertatar dano béus cinnas bad chomdas in slúagad do thecht. Atbertatar dano ba samlaid bad chóir a thecht: cach drong imma ríg, cach réim imma muirech & cach buiden imma tuísech, cach rí cach rígdomnad'feraib Hérend ina
360] thulaig fo leith. Ro ráidset béus cia bad chóir do eólus rempu eterna dá chúiced, & atbertsat combad é Fergus, ar bíth ba slúagad bága dó in slúagad, dáig is é boí secht mblíadna i rrígu Ulad & iar marbad mac nUsnig fora faísam & fora chommairgi, tánic estib, '& atá secht mblíadna déc fri Ultu ammuig ar longais & bidbanas.'
365] Is aire sin bad chomadas a dul ria cách do eólas. Luid iarum assa aithli sin Fergus ria cách do eólas, & tánic ell condailbi im Ultaib dó & dobretha cor n-imruill fothúaid & fodess dona slúagaib & urthatar techta úad co rrobthaib do Ultaib & ro gab ic fostud & ic imfuiriuch in tslúaig. Rathaigis Medb aní sin & benais Medb
370] béim n-aisce fair &ro chan in laíd:
'Nád bíu-sa resna slúagaib níbas íriu,' bar Fergus, 'acht iarra-su nech n-aill ríam remán rempo.' Dessid Fergus riasna slúagaib araí.
Medb
- A Ferguis, ca rádem de?
Cinnas conaire amse?
Fordul fodess is fothúaid
berma dar cech n-ailethúaith.
Fergus
375] A Medb cid not medra-su?
Ní cosmail fri brath in so.
Is for Ultu, a ben trá,
in tír darsa tiagu-sa.
Medb
- Ardattágadar co ngail
380] Ailill án cona slúagaib.
Ní tharddais menmain- comal nglé
fri imthús na conaire.
Fergus
- Ní for amlesaib in tslúaig
biurt-sa cach fordul ar n-úair,
385] dús in n-imgabaind iar tain
Coin Culaind mac Sualtaim.
Medb
- Écóir duit amles ar slúaig,
a Ferguis meic Rosa Rúaid,
mór de maith fuarais i fus
390] ar do longais, a Fergus.
Bátar cethri ollchóicid Hérend bar Cúil Sílinni in n-aidchi sin. Tánic gérmenma géribrach Con Culaind do Fergus & ra ráid ra firu
395] Hérend fatchius do dénam. Dáig dasficfad in leom letarthach & in bráth bidbad & in bidba sochaide & in cend costuda & in cirriud mórslúaig & in lám tidnaicthi & in chaindel adanta .i. Cú Chulaind mac
A haithle na laíde sin: Táncatar cethri ollchóiceda Hérend dar Móin Coltna sair in lá sain & da 'marallsatar dóib ocht fichtiu oss n-allaid. Sernsat & immsit na slóig impu & ros gonsat conná bátar élódaig díb. Acht atá ni, garbat díscaíltig trícha cét Galían. cóic
400] Fó dúib fatchius & fót
co n-ilur arm & óc.
ticfa intí 'tágammar de,
mórglonnach mór Murthemne.
- Condalb sain, condelg nága,
405] duit-siu, a meic Róig rodána.{MS folio 58a}Óic & airm limm for laind
do frithálim Con Culaind.
- Ro chatir, a Medb don Maig,
óic is airm don immargail,
410] for cind marcaig Léith Mache
cach aidche is cach óenlathe.
- Atát acum sund for leith
curaid ri cath is ri creich,
trícha cét di chodnaib gíall
415] do láthaib gaile Galían.
- Na curaid a Crúachain chain,
na láeich a Lúachair lendglain,
cethri chóicid Gáedel ngel
dingébait dím in óenfer.
420] Buidnech Bairrche & Banna
consrengfa crú dar cranna,
concicher ar múr is ar ngrian
in trícha sin fer Galían.
- I n-athlaime na fandle,
425] i llúais na gaíthe gairbe,
is amlaid bís mo Chú cháem chain
oc imguin ós análaib.
- A Ferguis doroichet raind,
roiched úait do Choin Chulaind,
430] rab é a thúachail beith 'na thost,
atetha a Crúachain crúadchosc.
- Bid ferda firfitir fuidb
i n-airiur ingine Buidb,
Cú na Cerda, crithrib cró,
435] snigfid fairne ferga fó.
440] aige in amáin ba hé cuit fer nHérend díb. Rodasfuc in t-óentrícha cét uli na hocht fichtiu oss.
Is hé in lá cétna tánic Cú Chulaind mac Sualtaim & Sualtach sídech a athair co ngeltatar a n-eich geilt immon corrthe ic Ard Chuillend. Congeltat eich Sualtaim fri coirthi atúaid fér co húir.
445] Fogeltat eich Con Culaind fri corthi aness fér co húir & connici na lecga lomma. 'Maith a phopa Sualtaim,' ar Cú Chulaind, 'gérmenma in tslóig form-sa, & urtha-su dún co rrobtha do Ultaib arnád bet ar maigib rédib co ndigset i fedaib & fásaigib & fánglentaib in chúicid ar imgabáil fer nHérend.' 'Ocus tussu, a daltáin, cid
450] amgéna dano?' 'Am écen-sa tocht i n-herus inalta Feidilmthi Noíchruthaige fodess co Temraig ram glinni fodessin co matin.' 'Mairgg théit ón ám,' ar Sualtaim, '& Ulaid do lécud fo chossaib a nnámat & a n-echtrand ar thecht i comdáil n-óenmná.' 'Amm écen-sa trá techt, dáig meni digius, gúigfitir dála fer & fírfaitir briathra
455] ban.'
Urtha Sualtaim co robthaib do Ultaib. Luid Cú Chulaind fón fid & tópacht and cétbunni darach d'óenbéim bun barr & ro sníastar ar óenchois & ar óenláim & óensúil & doringni id de. Ocus tuc ainm n-oguim na mennuc inn eda & tuc in n-id im cháel in chorthe ic
460] Ard Chuillend. Scibis in n-id co ránic remur in chorthe. Luid Cú Chulaind 'na bandáil asa aithle sin.
Imthúsa fer nHérend imráter sund iar tain. Táncatar-saide connici in corthe ic Árd Cullend. Ocus gabsat oc fégad in chúicid aneóil úadib, cúicid Ulad. Ocus dias de muntir Medba no bíd
465] rempo do grés i tossuch cach dúnaid & cach slúagaid, cach átha & cacha aband {MS folio 58b}& cacha bernad. 'S aire dognítis-sium sain arná tísad díamrugud dia timthaigib na rígmac i n-eturturtugud ná i n-imchumung slúag ná sochaide .i. dá mac Nera meic Nuatair meic Tacáin .i. dá mac rechtairi na Crúachna, Err & Innell. Fráech
470] & Fochnam anmand a n-arad.
Táncatar mathi Hérend connici in corthi & gabsat oc fégad na ingelta ro geltsat na eich immon corthi & gabsat oc fégad ind idi barbarda forácaib in rígnia immun corthi. Ocus gebid Ailill in n-id inna láim & tuc i lláim Fergusa & airlégais Fergus in n-ainm n-oguim
475] baí 'na menuc ind eda & innisis Fergus d'feraib Hérend inní ro chan in t-ainm oguim baí sin menuc. Ocus is amlaid ro gab icá innisin & doringni laíd:
- Id in so, cid sluinnes dún?
In t-id cid imma tá a rún?
480] Is cá lín ra lád co se,
inn úathad nó in sochaide?
- Mad dia tístai secha innocht
can anad aice i llongphort,
dabarró in Cú cirres cach n-om;
485] táir foraib a sárugod.
- Co tabair irchóit don tslúag
mad dia mberthai uide úad;
finnaid, a druíde, and sain
cid imma ndernad in t-id.
490] Crefnas curad cur ro lá,
lánaircess fri ecrata.
Costud ruirech, fer co ndáil,
ras cuir oenfer dá óenláim.
- Furópair fír ra feirg fúair
495] Con na Cerdda 'sin Chráebrúaid.
Iss naidm níad, ní nasc fir mir,
is é ainm fil isinn id.
- Do chur chesta, cétaib drend,
for cethri cóiceda Hérend,
500] nocon fetar-sa acht mad sin
cid imma ndernad in t-id.
Id.
Aithli na laíde sin: 'Atbiur-sa mo bréthir frib,' ar Fergus, 'mad dia sárgid in n-id sin & in rígnía doringni can aidchi ndúnaid & longphuirt sund ná co nderna fer úaib id a mac samla sút ar óenchois
505] & óensúil & & óenláim feib doringni-sium, cid airchind bes-sum fó thalmain nó i tig fó dúnud conáirgife guin & fuligud dúib ria tráth
510] Ní sáráagum itir in n-id se,' bar Ailill, '& ní sáríagum in rígnía danringni, acht ragma i mmunigin ind feda móir se tess co matin. Gebthar dúnad & longphort acund and.' Lotar na slóig iarum & baslechtat rempu in fid dia claidbib riana carptib. Conid Slechta comainm ind inaid sin beacute;us airm i táat Partraigi Beca ra Cenannas
515] na Ríg aniardess amne bar Cúil Sibrilli.
Ferais tromsnechta dóib in n-aidchi sin & baí dá met co roiched co formnaib fer & co slessaib ech & co fertsib carpat combatar clárenig uile cóiceda Hérend din tsnechtu. Acht níra sádit sosta nó botha nó pupla in n-aidchi sin. Ní dernad {MS folio 59}urgnam bíd nó
520] lenna. Ní dernad praind nó tomaltus. Ní fitir nech d'feraib Hérend in cara fa náma ba nessam dó co solustráth éirge arnabárach. Is comtig conná fúaratar fir Hérend aidchi ndúnaid nó longphuirt bad mó dód nó doccair dóib indá inn aidchi seo bar Cúil Sibrilli. Táncatar cethri ollchóiceda Hérend co moch arnabárach la turcbáil
525] ngréne dar taitnem in tsnechtai & lotar rempo assin chrích i n-araile.
Imthúsa Con Culaind immorro, ní érrach-saide mochthrád etir co tormalt feiss & díthait, co foilc & co fothraic in lá sain. Rádis fria araid ar co ragbad in n-echrad & ar co n-indled in carpat. Gebis in
530] t-ara in n-echraid & indlis in carpat, & luid Cú Chulaind ina charpat & táncatar for slichtlorg in tslúaig. Fúaratar lorgfuilliucht fer nHérend seccu assin chrích i n-araile. 'Amae, a phopa Láeig,' ar Cú Chulaind, 'ní ma lodmar dar mbandáil arráir. Iss ed is lugu condric ó neoch bís i cocrích égim nó iachtad nó urfócra nó a rád cia
535] thic sin sligid ní tharnic úan do rád. Lodatar fir Hérend sechund i crích nUlad.' 'Forairngert-sa duit-siu, a Chú Chulaind, sain' ar Láag, 'cia dochúadais it bandáil co ragad méla a mac samla fort.' 'Meith a Láeig, eirgg dún for slichtlurg in tslúaig & tabair airdmes forro, & finta dún cá lín dochúatar sechund fir Hérend.' Tánic
540] Láeg i slicht in tslúaig & baluid dia lethagid in luirg & tánic dia lettaíb & luid dara ési. 'Mesc fri árim fort, a mo phopa Laíg,' ar Cú Chulaind. 'Is mesc écin,' for Láeg. 'Tair isin carpat didiu & dóber-sa ardmes forro.' Tánic in t-ara 'sin carpat. Luid Cú Chulaind i slichtlurg in tslúaig & dobretha airdmes forro, & tánic
545] dia lettáeb & luid dar' éisi. 'Is mesc fri árim fort, a Chúcúc,' bar
550] ndénma, búaid snáma, búaid marcachais, búaid fidchilli & branduib, búaid catha, búaid comraic, búaid comluind, búaid farcsena, búaid n-urlabra, búaid comairle, búaid foraim, búaid mbánaig, búaid crichi a crích comaithig.
'Maith a mo phopa Laíg, innill dún in carpat & saig brot dún arin
555] n-echraid. Cuindscle dún in carpat & tabair do chlár clé frisna slúagaib dús in tairsimmís tossach nó deired nó medón dona slúagaib, dáig níbam béo meni thaeth cara nó náma limm d'feraib Hérend innocht.' 'S and saigthis in t-ara brot forin n-echraid. Dobretha a chlár clé frisna slúagaib co tarlaic i Taurloch Caille Móre fri
560] Cnogba na rRíg atúaid frisi ráter Áth nGabla. Luid Cú Chulaind fón fid and sain & tarmlaing asa charput & tópacht gabail cethri mbend bun barr dóenbéim. Ros fúacha & ros fallsce & dobreth ainm n-oguim 'na táeb, & dobretha rót n-urchair di a iarthur a charpait do ind a óenláime co ndechaid dá trían i talmain connach
565] boí acht óentrían úasa. Is and sin tarthatar in dá gilla chétna .i. dá mac Nera meic Uatair meic Tacáin é icond auropair sin & ba tetarrachtain dóib cia díb no bérad a chétguine fair & no benfad a chend de ar tús. Impádar Cú Chulaind friu & tópacht a cethri cinnu díb colléic & tuc cend cech fir díb ara beind do bennaib na
570] gabla. Ocus léicis Cú Chulaind eocho in fiallaig sin i n-agid fer nHérend i frithdruing na sliged cétna & a n-ésse airslaicthi & a méide forderga & cuirp na curad ic tindsaitin a fola sell sís for crettaib na carpat. Dáig níbá miad nó níba maiss leiss echrad nó fuidb nó airm do brith óna corpaib no marbad. Atchondcatar na slúaig
575] dano eich ind fiallaig bátar ríam remán rempu & na cuirp i n-écmais a cend & cuirp na curad ic tindsaitin a fola sell sís for crettaib na carpat. Anais tossach in tslúaig fria deired & focuirethar i n-artbe, cumma & i n-armgrith uile.
Doroacht Medb & Fergus & na Mane & Meic Mágach. Dáig ar bíth
580] is amlaid no imthiged Medb & noí carpait fóthi a óenur. Dá charpat rempe díb & dá charpat 'na diaid & dá charpat cechtar a dá táeb & carpat eturru ar medón cadessin. Is aire fogníd Medb sin arná rístais fótbaige a crúib greg nó uanfad a glomraib srían nó dendgur mórslúaig nó mórbuiden arná tísad díamrugud don mind óir na
585] rígna. 'Cid in so?' for Medb. 'Ní handsa,' ar cách.{MS folio 60} 'Eich ind
590] Cond Longes mac Conchobuir do lécud úadib dá fiss cid baí sind áth, ar bíth ciano betis Ulaid and, ni gonfaitis mac a rríg dílis fodessin. Tánic assa aithli Cormac Cond Longes mac Conchobuir & bá sed a lín tánic deich cét ar fichit chét fer n-armach dia fis cid baí issind áth, & á ránic, ní facca ní acht in ngabail ar lár ind átha
595] co cethri cennaib furri ic tinnsaitin a fola sell sís fri creitt na gabla i sruthair na haband & glethe na dá n-ech & fuilliucht ind óencharptig & slicht inn óenlaích assind áth sair sechtair.
Táncatar mathi Hérend connici in n-áth & gabsat oc fégad na gabla uili. Ba machtad & ba ingnad leó cia ro chuir in
600] coscur. 'Cá ainm ind átha sa acaib-si gustráthsa, a Ferguis?' ar Ailill. 'Áth nGrena' bar Fergus, '& bid Áth nGabla a ainm co bráth din gabuil se ifechtsa,' ar Fergus, & ra ráid in laíd:
- Áth nGrena, claímchlaífid ainm
605] do gním Chon rúanaid rogairb.
Fail sund gabuil cethri mbend
do cheist for feraib Hérend.
- Fail ar dá mbeind, mana n-áig,
cend Fráech & cend Fochnáim.
610] Fail araile ar dá mbeind
cend Eirre & cend Innill.
- Gá ogum sút ina táeb,
finnaid, a druíde co n-áeb,
is cia dorat inti sain,
615] gía lín ros cland i talmain?
- In gabul út co ngráin guiss
atchí-siu sund, a Ferguis,
ros tesc óenfer, as mo chin,
de builli chrichid chlaidib.
620] Ros fúach is ras fuc fria aiss,
gid ed ní hengnam imthaiss,
is dassarlaic sís ar sain
dá gait d'fir úaib-si as talmain.
- Áth nGrena a ainm mad co se,
625] méraid ra cách a chumne.
Bid Áth nGabla a ainm co bráth
din gabail atchí sind áth.
A.
Aithli na laídi: 'Machdath & ingnad lim-sa, a Ferguis,' bar Ailill, 'cia no thescfad in ngabail & bífed in cethrur buí remioind i traiti se.' '
630] Ba córu machtad & ingantas dontí ro tesc in ngabail atchí dóenbéim bun barr, ros fuach & ros faillsce & tarlaic rofut n-urchair di a íarthur a charpait d'ind a óenláime co ndechaid dara dá trían i talmain connach fil acht a óentrían úasom & nach class cona chlaideb rempe acht is tria glaslec clochi conindsmad & conid geiss d'feraib Hérend
635] techt do lár ind átha sa ná co tuca nech díb hí anís do ind a óenláime feib dosfarlaic-sium sís ó chianaib.' 'Is dár slúagaib duit-siu, a Ferguis,' ar Medb, '& tabair in ngabail dún do lár ind átha.' 'Domroched carpat,' ar Fergus, & dobretha carpat do Fergus, & dobretha Fergus frosse forsin ngabail & doringni minbrúan {MS folio 61a} & minscomart
640] din charput. 'Domroiched carpat,' ar Fergus. Dobretha carpat do Fergus & dobretha Fergus feirtche forsin ngabail & doringni briscbruan & minscomartach din charput. 'Domroched carpat,' ar Fergus. Ocus dobretha Fergus nertad forsin ngabail & doringni briscbruan & minscomartach din charput. Airm i mbátar na secht carpait
645] déc do charptib Connacht, doringni Fergus díb uile briscbruan & minscomartach, & ní chaemnaic in ngabail do gait do lár ind átha. 'Ale léic ass, a Ferguis,' ar Medb, 'na bris dúin cairptiu ar túath ní as siriu, dáig ar bíth meni bethe arin tslúagud sa a chur sa doraismis Ultu co n-airnelaib braiti & bóthánti lind. Rafetamar-ni aní dia
650] ndénai-siu sain d'fostud & d'immfuiriuch in tslúaig co n-érsat Ulaid assa cess & co tucat cath dún, cath na Tána.' 'Domroiched crim carpat,' ar Fergus. Ocus dobretha a charpat fadessin do Fergus & dobretha Fergus tepe forsin ngabail, & níro gnuisistar & níro gésistar roth nó fonnud nó fertas d'fertsib in charpait. Cia
655] baí dia chalmacht & dia churatacht dosfarlaic intí dosfarlaic sís, baí dia nertmaire & dá óclachas dasfucastar in cathmílid & in chliathbern chét & in t-ord essorgni & in bráthlec bidbad & in cend costuda & in bidba sochaide & in cirriud mórslúaig & in chaindel adantai & in toísech mórchatha. Dosfuc anís do ind a óenláime co
660] ránic aidlend a gúaland & dobretha in ngabail i lláim Ailella. Ocus tincais Ailill furri .i. nos fégand. 'Crichiditi lim-sa in gabul,' ar Ailill, 'dáig is óentescad atchíu-sa bun barr furri.' 'Crichiditi omm,' bar Fergus. Ocus ro gab Fergus ara admolad & dobretha laíd furri:
665] Atá sund in gabul glúair
coa rabi Cú Chulaind chrúaid,
'ga farcgaib ar ulc ri nech
cethri cinnu comaithech.
- Is derb ní theichfed úadi
670] ria n-óenfer calma crúadi,
giaras fácaib Cú gan chess,
arthá crú 'ma chaladchness.
- Mairg ragas in slúagad sair
ar cend Duind Chúailgne chrúadaig.
675] Betit curaid arna raind
fa neim claidib Con Culaind.
- Níba hascid a tharb trén
'moa mbia comrac arm ngér,
ar tocrád chloicgne cach cind,
680] gol cacha aicmi i nHérind.
- Nuchum thá ní rádim de
im dála meicc Deictire,
concechlafat fir is mná
din gabuil sea mar atá.
A.
685] Aithli na laídi sin: 'Sáditer sosta & pupaill lind,' ar Ailill, '&déntar urgnam bíd & lenna lind & cantar ceóil & airfiti lind & déntar praind & tomaltus. Dáig is comtig ara fagbaitis fir Hérend ríam nó iarum aidchi ndúnaid nó longphuirt mad mó dód nó doccair dóib andás ind aidchi se arraír.' Ra sádit a sosta & ra suidigit a
690] pupla. Darónad urgnam {MS folio 61b} bíd & lenna leó & ra canait ceóil & airfiti leó & darónad praind & tomaltus. Ocus ra iarfacht Ailill do Fergus: 'Is machtad & iss ingantus lim cia ticfad cucaind co hor críchi &
695] ar Fergus, 'dáig líach a écnach 'na écmais. Ni fil ní nád gellfad dar cend a enig. Dáig dámbad ésin tísad and, ticfaitis slúaig & sochaide & forgla fer nHérend filet maróen ris, & giada betis fora chind i n-óenbaile & n-óendáil & i n-óentochim & i n-óenlongphurt & i n-óentulaig fir Hérend & Alban, Bretain & Saxain, cath dobérad
700] dóib, reme no maissed & ní fair no raínfithé.' 'Ceist didiu, cia bad dóig diar tíachtain? Dóig innar tísed Cúscraid Mend Machae mac Conchobuir ó Inis Cuscraid?' 'Nír dóig,' ar Fergus mac ind ardríg. 'Ní fil ni nád gellfad dar cend a enig, dáig dámbad é no thiasad and, ticfaitis meic ríg & rígthuísech failet maróen riss ic reicc a
705] n-amsa, & gana betís ara chind i n-óenbaile & i n-óendáil & i n-óentochim & i n-óenlongphurt & i n-óentulaig fir Hérend & fir Alban, Bretain & Saxain, cath dobérad dóib, reime no maidsed & ní fair no raínfide.' 'Ceist didiu inar tísad Eogan mac Durthacht rí Fernmaige?' 'Nár dóig omm, ár diambud ésin tísad and, ticfaitis
710] fosta fer Fernmaige leiss, & cath dobérad ut ante.' 'Ceist didiu, cia bad dóig dar tíchtain? Dóig arnar tísad Celtchair mac Uthechair?' 'Nár dóig omm. Líach a écnach 'na écmais. Bráthlecc bidbad in chóicid & cend a costuda uili & comla chatha Ulad, & gana betís fora chind i n-óenbaile ut ante & fir Hérend uile ó iarthur
715] co airthiur, ó desciurt co túascert, cath dobérad dóib, reme no maidsed & ní fair no raínfide.'
'Ceist didiu, cia bad dóig diar tíachtain?' 'Inge ém meni thísed in gilla bec, mo dalta-sa & dalta Conchobuir, Cú Chulaind na Cerdda atberar friss.' 'Ia ómm ale,' bar Ailill. 'Atchúala lib in mac
720] mbec sain fecht n-aill i Crúachain. Ced ón cinnas a áesa-sum in meic bic sin innossa?' 'Ní hí a áes is dulgium dó etir,' ar Fergus, 'dáig ba ferda a gníma in meic sin inbaid ba só andás in inbaid inan fail.' 'Ced ón,' ar Medb, 'in fail cid d'Ultaib innossa comlonnaid a áesa is duilgium andásum?' 'Ní airgem and fáel bad
725] fuilchuiriu nó láth bad luinniu nó comlannaid a áesa raseised co trian nó go cethramad {MS folio 62a} comluind Con Culaind. Ní airge and,' ar Fergus, 'caur a chomluind nó ord essorgni nó bráth for borrbuidni nó combág urgaile basad inraicciu andá Cú Chulaind. Ní airge and conmessed a áes & a ás & a forbairt & a ánius & a urfúath & a
730] urlabra, a chrúas & a chless & a gasced, a forom & a ammus & a ammsigi, a brath & a búadri & a búadirsi, & a déini & a dechrad & a tharpige & a díanchoscur co cliss nónbair ar cach find úasu mar
735] ármthir leis & ní géba fri féta in serrite óc amulchach atberthe.' 'Ní focclam-ne ón,' ar Fergus, 'dáig ba ferda a gníma in meicc sin inbaid bad sóó andás inbaid inad fail.'
Dáig alta in mac sin i tig a athar & a máthar icon Airgdig i
740] mMaig Muirthemne, & adféta dó scéla na maccáem i nEmain. Dáig is amlaid domeil Conchobor in rígi óro gab rígi in rí .i. mar atraig fó chétóir cesta & cangni in chóicid d'ordugud; in lá do raind i trí asa athli: cétna trian de fó chétóir ic fégad na maccáem ic imbirt chless cluchi & immánae, in trian tánaise dond
745] ló ic imbirt brandub & fidchell, & in trian dédenach ic tochathim bíd & lenna conda geib cotlud for cách. Áes cíuil & airfitid dia thálgud fri sodain. Cia 'táim ane ar longais riam reme, dabiur bréthir, (ar Fergus), ná fuil i nHérind nó i nAlbain óclach mac samla Conchobuir.
Ocus adféta don mac sin scéla na maccáem & na maccraide i
750] nEmain, &rádis in mac bec ria máthair ar co ndigsed dá chluchi do chluchemaig na Emna. 'Romoch duit-siu sain, a meic bic,' ar a máthair, 'co ndeoch ánruth do ánrothaib Ulad lett nó choímthecht écin do chaímthechtaib Conchobuir do chor th' faesma & t'imdegla forin maccraid.' 'Cían lim-sa di sodain, a máthair,' ar in mac
755] bec, '& ni bíu-sa ocá idnaide, acht tecoisc-siu dam-sa cia airm i tá Emain.' 'Is cían úait,' ar a máthair, 'airm indas fil. Slíab Fúait etrut & Emain.' 'Dobér-sa ardmesfurri amne,' ar ésium.
Luid in mac remi & gebid a adbena ániusa. Gebid a chammán créduma & a liathróit n-argdide, & gebid a chlettíni díburgthi, &
760] gebid a bunsaig mbaísi mbunloscthi, & fogab ic athgardigud a sliged díb. Dobered béim {MS folio 62b} din chammán dá liathróit co mbered band fota úad. No theilged dano a chammán arís d'athbéim cona berad níba lugu andá in cétband. No thelged a chlettín & no sneded a bunsaig & no bered rith baíse 'na ndíaid. No gebed dano
765] a chammán & no geibed a liathróit & no geibed a chlettíne & ní roiched bun a bunsaige lár tráth congebed a barr etarla etarbúas.
Luid reme co forodmag na hEmna airm i mbátar in maccrad. Trí coícait maccáem im Follomain mac Conchobuir icá clessaib for
770] & ecrais cid in liathróit i ndíb cossaib úadib & nís arlaic sech ard a glúne súas & nís arlaic secha adbrond sís & ris eturturthig & ros comdlúthaig i ndíb cossaib & ní rocht nech díb bir nó bulle nó béim nó fargum furri. Ocus rosfuc dar brúach mbáire úadib.
Nad fégat uili i n-óenfecht amaide. Ba machtad & ba ingantus
775] leó. 'Maith a maccu,' ar Follomain mac Conchobuir, 'nobar benaid uili fóe sút & táet a bás lim dáig is geiss dúib maccáem do thíchtain infar cluchi can chur a faísma foraib, & nobar benaid uile fóe i nn-óenfecht, ar rofetammar is do maccaib ánroth Ulad sút & ná dernat bés tuidecht infar cluchi can chur a faísma foraib nó a
780] commairge.'
Is and sin ros bensat uile fóe i n-óenfecht. Tarlaicset a trí coíctu cammán ar ammus a chendmullaig in meicc. Turcbaid-sium a óenluirg n-ániusa & díchuris na trí coícait lorg. Tarlacait dano na trí coícait liathróiti ar ammus in meic bic. Turcbaid-sium
785] a dóti & a rigthi & a dernanna & díchuris na trí coíctu líathróiti. Tarlacit dó na trí coícait bunsach baísi bunloscthi. Turcbais in mac a scéthíni slissen & díchuris na trí coícait bunsach. Is and sain imsaí-sium fóthib-sium. Scarais coíca rígmac im thalmain díb fóe. Luid cóiciur díb, (ar Fergus) etrum-sa is Chonchobor 'sin
790] magin i mbámmar ic imbirt fidchilli .i. na Cendcháeme, for forodmaig na hEmna. Luid in mac bec 'na ndíaid dia nn-imdibe. Gebid Conchobor a rígláma in meic bic. 'Ale atchíu ní fóil amberai-siu, a meic bic, in maccrad.' 'Fail a mórdamnae dam-sa,' ar in mac bec. 'Ní fúarusa fíad n-oíged ga thánac a tírib imciana ican
795] maccraid iar torachtain.' 'Ced són, cia tussu?' for Conchobor. 'Sétanta bec missi mac Sualtaim, mac-sa Dechtiri do derbsethar-su, & ní lat-su fo dóig lim-sa mo chrád d'fagbáil samlaid.' 'Ced ón, a meic bic,' for Conchobor, 'nád fetar armirt fil don macraid conid geiss dóib mac dar tír cuccu can chur a faísma forro?' 'Ní fetar,'
800] bar in mac bec. 'Dia fessaind, combeind 'na fatchius.' 'Maith a maccu,' bar Conchobor, 'geibid foraib faísam in meic bic.' 'Ataimem omm,' bar siat.
Luid in mac bec {MS folio 63a} for faísam na maccraidi. 'S and sain scaílset láma de-sium, & amsoí fóthu arís. Scarais coíca rígmac i talmain
805] díb fóe. Fa dóig la n-athrechaib is bás dobretha dóib. Níba sed ón acht uathbás bretha impaib do thulbémmennaib & múadbémmennaib & fotalbémmennaib móra. 'Aile,' for Conchobor, 'cid ataí dóibsin béus?' 'Dothongu-sa mo dee dia n-adraim co ndigset-som uili ar m'fóesam-sa & ar m'imdegail feib dochúadusa ara fáesam-sun & ara
810] n-imdegail, conná gét-sa láma díb conas tarddur uile fo thalmain.' 'Maith a meic bic, geib-siu fort fáesam na maccraide.' 'Ataimim omm,' ar in mac bec. And sain dochúatar in maccrad fora fáesam & fora imdegail.
Mac bec doringni in gním sain, (ar Fergus) i cind chóic mblíadan
815] iarna brith coro scart maccu na curad & na cathmíled ar dorus a llis & a ndúnaid fadessin, nocorb éicen machta nó ingantus de ciano thísed co hor cocríchi, gana thescad gabail cethri mbend, gana marbad fer nó dís nó triur nó cethrur in am indat slána .xvii. mbliadna de for Táin Bó Cúalnge.
820] Is and sin atubairt Cormac Cond Longas mac Conchobuir: 'Doringni in mac bec sin gním tánaise sín bliadain ar cind doridisi.' 'Ciaso gním?' bar Ailill. 'Culand cerd buí i crích Ulad. Ro urg-nastar fleid do Chonchobur & dochúaid dá thochuriud co Emain. Rádis friss ara tísed úathad leis meni thucad fíraígid leiss ár nach
825] crích nó ferand baí aice acht a uird & a indeóna & a duirn & a thendchore. Atbert Conchobor co ticfad úathad a dóchum.'
Tánic Culand connice a dún reme do frestul & frithálim lenna & bíd. Dessid Conchobor i nEmain corbo amm scaílti co tánic deired dond ló. Gebid in rí a fiallgud n-imétrom n-imthechta
830] immi & luid do chelebrad don maccraid. Luid Conchobor arin faidchi co n-acca ní ba ingnad leiss: trí coícait mac 'sindara chind dind faithchi & óenmac barin chind aile di. Dobered in t-óenmac búaid mbáire & immána óna trí coíctaib maccáem. Tráth ba cluchi puill dóib - cluichi puill fogníthi for faithchi na Emna -
835] ocus tráth ba leó-som díburgun & ba lesium imdegail, congeibed na trí coícait liathróit fri poll immuich & ní roiched ní secha 'sin poll. Tráth ba leó-som imdegail & ba leisium díburgun, no chuired na trí coícait liathróit 'sin poll can imroll. Tráth fo imtharrung n-étaig dóib, no benad-som a trí choícait ndecheit díb & ní chumgaitis uili a
840] delg do béim assa brut-som nammá. Tráth ba imtrascrad dóib, concured-som na trí coícait cétna i talmain foí & ní roichtis-sium uili immi-sium lín a urgabála. Arrópart Conchobor ic forcsin in meic bic. 'Amae a ócu,' bar{MS folio 63b} Conchobor, 'mo chin tír asa tánic in mac bec atchíd dá mbetis na gníma óclachais aice feib atát na
845] macgníma.' 'Ní comdas a rád,' ar Fergus. 'Feib atré in mac bec atrésat a gníma óclachais leis.' 'Congarar in mac bec dún co ndig lind do ól na fledi dia tíagam.' Conágart in mac bec do
850] mac bec. 'Ced són?' bar Conchobor. 'Ar ní dóethanaig in maccrad do chlessaib cluchi nó ániusa, & ní rag-sa úadib corbat doíthanaig cluchi.' 'Is cían dúni beith acot irnaidi ri sin, a meic bic nicon & bíam itir.' 'Táit-si round,' ar in mac bec, 'ocus rag-sa far ndiaid.' 'Nídat eólach etir, a meic bic,' bar Conchobor. '
855] Gébat-sa slichtlorg in tslúaig & na n-ech & na carpat.'
Ocus tánic Conchobor iar sin co tech Culaind cerdda. Ro fritháiled in rí, & ro fíadaiged ar grádaib & dánaib & dligedaib & úaslecht & caínbésaib. Ro hecrait aíne & úrlúachair fóthu. Gabsat for ól & for aíbnius. Ro iarfacht Culand do Chonchobur: 'Maith
860] a rí, inra dális nech innocht it díaid don dún sa?' 'Níra dálius omm,' bar Conchobor, dáig níba cuman dó in mac bec dálastar 'na díaid. 'Cid són?' bar Conchobor. 'Árchú maith fil ocum. Á fúaslaicthir a chonarach dé, ní laimthanoch tasciud do óentríchait chét fris do fir chúardda nó imthechta, & ní aichne
865] nech acht missi fodessin. Feidm cét and do nirt.' And sin atbert Conchobor: 'Oslaicther dún dond árchoin coro imdegla in tríchait cét.' Ra fúaslaiced dind árchoin a chonarach & fochuir lúathchúaird in tríchait cét, & tánic connice in forud i mbíd ic comét na cathrach & baí and sain & a chend ara mácaib. Ocus ba borb
870] barbarda bruthmar bachlachda múcna matnamail cách baí and sain.
Imthúsa na maccraide bátar i nEmain corbo amm scaílti dóib. Luid cách díb da thig a athar & a máthar, a mumme & a aite. Luid dano in mac bec i slichtlurg na slúag co ránic tech Culaind cerda.
875] Gabais icc athgarddigud na sliged reme dá adbenaib ániusa. Ó ránic cofaidche in dúnaid i mbaí Culand & Conchobor, focheird a adbena uile riam acht a liathróit nammá. Rathaigid in t-árchú in mac mbec ocus glomais fair co clos fosnaib túathaib uili gloimm inn árchon. Ocus ní raind fri fes ba háil dó acht a slucud i n-óenfecht
880] dar compur{MS folio 64a} a chléib & dar farsiung a brágat & dar loing a ochta. Ocus ní baí lasin mac cóir n-imdegla reme acht focheird róut n-urchair din liathróit conas tarla dar gincráes a brágat dond árchoin co ruc a mboí di fobaig inathair and dar' iarcomlai, & gebis i ndíb cossaib é & tuc béim de immun corthe co tarla 'na gabtib
885] rointi im thalmain. Atchúala Conchobor gloimm inn árchon. 'Amae a ócu,' bar Conchobor, 'ní ma táncamar d'ól na fledi se.' 'Cid són?' bar cách. 'In gilla bec ra dál im díaid, mac mo sethar,
890] na cathrach, dochúaid cách 'na irchomair dar sondaib in dúnaid immach. Cid ellom condránic cách, lúaithium conarnic Fergus & gebis in mac mbec do lár thalman fri aidleind a gúaland & dobretha i fiadnaisi Conchobuir. Ocus tánic Culand immach & atchondairc a árchoin 'na gabtib rointi. Ba béim cride fri cliab leis. Dochúaid
895] innund isin dún asa aithle. 'Mo chen do thíchtu, a meic bic' bar Culand, 'ar bíth do máthar & t'áthar, & ní mo chen do thíchtu fort féin.' 'Cid taí-siu don mac?' ar Conchobor. 'Ní ma tánac-su dam-sa do chostud mo lenna & do chathim mo bíd, dáig is maith immudu ifechtsa mo maith-se & is bethu immuig mo bethu.
900] Maith in fer muntiri rucais úaim. Concométad éite & alma & indili dam.' 'Nádbad lond-so etir, a mo phopa Culand,' ar in mac bec, 'dáig bérat-sa a fírbreth sin.' 'Cá breth no bértha-su fair, a meic?' for Conchobor. 'Má tá culén do síl in chon út i nHérind. ailébthair lim-sa gorop inengnama mar a athair. Bam cú-sa
905] imdegla a almai & a indili & a feraind in n-ed sain.' 'Maith rucais do breth, a meic bic,' for Conchobor. 'Nís bérmais ém,' ar Cathbath, 'ní bad ferr. Cid arnach Cú Chulaind bias fort-su de suidiu?' 'Nithó,' bar in mac bec. 'Ferr lim mo ainm fodéin, Sétanta mac Sualtaim.' 'Nád ráid-siu sin, a meic bic,' ar
910] Cathbath, 'dáig concechlabat fir Hérend & Alban in n-ainm sin & bat lána beóil fer nHérend & Alban din anmum sin.' 'Fó limm didiu cid sed bess form,' ar in mac bec. Conid de sódain ro lil in t-ainm aurdairc fair .i. Cú Chulaind, ó ro marb in coin boí ic Culaind cherd.
915] Mac bec doringni in gním sin, {MS folio 64b} (ar Cormac Cond Longas mac Conchobuir), i cind sé mbliadan arna brith, ro marb in n-árchoin ná laimtís slúaig nó sochaide tascud i n-óentríchait cét fris, nírb écen machtad nó ingantus de gana thísed co hor cocríchi, giano thescad gabail cethri mbend, gana marbad fer nó dís nó triur nó chethrur
920] in am inat slána .xvii. mbliadna de for Táin Bó Cúalnge.
'Doringni in mac bec in tres gním isin bliadain ar cind dorís,' ar Fiachu mac Fir Aba. 'Gá gním doringni?' bar Ailill.
Cathbad druí buí oc tabairt tecaisc? dá daltaib fri hEmain anairtúaith & ocht ndalta do áes in dána druídechta 'na farrad. Iarfacht fer
925] díb dia aiti ciaso sén & solud buí forin ló i mbátar, in ba maith
930] maith duit, a rí féne,' bar in mac bec. - Aithesc dano cungeda neich ó neoch in t-athesc sain. - 'Cid connaige, a meic bic?' ar Conchobor. 'Airm do gabáil,' ar in mac bec. 'Cia dotrecoisc, a meic bic?' bar Conchobor. 'Cathbad druí,' ar in mac bec. 'Nít mérad-su .i. nít mairnfed sain, a meic bic,' ar Conchobor. Tobert
935] Conchobor dá sleig & claideb & scíath dó. Bocgais & bertnaigis in mac bec na harmu co nderna minbruan & minscomairt díb. Tuc Conchobor dá sleig aile dó & scíath & claideb. Bocgais & bertnaigis, crothais & certaigis co nderna minbruan & minscomairt díb. Airm i mbátar na cethri airm déc bátar ic Conchobur i nEmain ie frithálim na
940] maccáem & na maccraide - ciped mac díb no gabad gasced combad Conchobor doberad trelam fúaparta dó, búaid n-engnama leis assa aithle [dash ] cid trá acht doringni in mac bec sin minbruan & minscomairt díb uili.
'Ní maith ám and na airm se, a mo phopa Conchobuir,' ar in
945] mac bec. 'Ní thic mo dingbáil-se di sodain.' Tuc Conchobor a dá sleig fodessin & a sciath & a chlaideb dó. Bocgais & bertnaigis, crothais & certaigis conarnic a fográin aice fria n-irlaind, & níras robris na harmu & ros fulgetar dó. 'Maithi na hairm se omm,' bar in mac bec. 'Is é so mo chomadas. Mo chin in rí asa gasced &
950] trelam so. Mo chin tír asa tánic.' 'S and sin tánic Cathbad druí 'sin pupull & atbert: 'Airm conagab sút?' ar Cathbad. ''S ed écin omm,' bar Conchobor. 'Ní do mac do máthar bad áil dam a ngabáil 'sind ló sa,' ar Cathbad. 'Cid són? Nach tussu darrecoisc?' ar Conchobor. 'Nád mé omm,' bar Cathbad. 'Cid lat, a siriti
955] síabairthi,' ar Conchobor, 'in bréc dobertais immund?'{MS folio 65a} 'Ná badat lond-su immorro, a mmo phopa Conchobuir,' ar in mac bec, 'dáig ar bíth is ésium domrecuisc-se araí ár iarfoacht a dalta dó ciaso sén baí forin ló & atbert-som mac bec no gébad gasced and, bad án & bad urdairc, bad duthain dimbúan immorro.' 'Fír
960] dam-sa ón,' bar Cathbad. 'Bat án-su & bat urdairc, bat duthain & dimbúan.' 'Amra bríg canco rabur acht óenlá & óenadaig ar bith acht co marat m'airscéla & m'imthechta dimm ési.' 'Maith a meic bic, airg i carpat ar iss ed na cétna dait.'
Dotháet i carpat, & in cétna carpat i tánic béus dano bocgais &
965] bertnaigis imme co nderna minbruan & minscomairt de. Luid issin carpat tánaise co nderna minbruan & minscomairt de fón cumma cétna. Doringni minbruar don tres carput béus. Airm i mbátar na seeht carpait déc bátar oc frithálim na maccraide & na maccáem ic Conchobur i nEmain, doringni in mac bec minbruan & minscomairt
970] díb uile & níro fulngetar dó. 'Nít maithe and na carpait so, a phopa Chonchobuir,' ar in mac bec. 'Ní tháet mo dingbáil-se díb-so.' 'Cia airm i tá Ibar mac Riangabra?' ar Conchobor. 'Sund ém,' ar Ibar. 'Geib lat mo dá ech féin dó sút & inill mo charpat.' Gebid iarum in t-ara in n-echraid & indliss in carpat.
975] Luid in mac bec 'sin carpat iarum. Bocais in carpat imme & ro fulngestar dó & níro briss. 'Maith in carpat sa omm,' ar in mac bec, '& iss ed and so mo charpat comadas.'
'Maith a meic bic,' bar Ibar, 'léic na eocho ara férgeilt ifechtsa.' 'Romoch sin béus, a Ibair,' ar in mac bec. 'Tair round timchull
980] na Emna indiu. Indiu mo chétlá-sa do gabáil arm, corob búaid engnama dam.' Táncatar fo thrí timchull na Emna. 'Léic na eocho ar férgeilt ifechtsa, a meic bic,' ar Ibar. 'Romoch sin béus, a Ibair,' ar in mac bec. 'Tair round ar co mbennachat in maccrad dam-sa, indiu mo chétlá do gabáil arm.' Lotar rempu
985] don magin i mbátar in maccrad. 'Airm congab sút?' ar cách. ''S ed écin són.' 'Rob do búaid & cétguine & choscur sin, acht ba romoch lind congabais armu fo bíth do deligthi ruind ocna clessaib cluchi.' 'Ní scér-sa frib-si etir, acht do seón congabsa armu indiu.' 'Léic, a meic bic, na eocho ar férgeilt ifechtsa,' ar Ibar. 'Romoch
990] sin béus, a Ibair,' bar in mac bec. 'Ocus in tsligi mór sa imthéit sechond, gia leth imthéit?' ar in mac bec. 'Cid taí-siu di?' ar Ibar. 'Aile it fer saignéch-su atchíu, a meic bic,' bar Ibar. 'Maith lim, a maccáin, prímsligeda in chóicid d'iarfaigid. Cia airet imthéit?' 'Téit co Áth na Foraire i Sléib Fúait,' ar Ibar. 'Cid
995] 'ma n-apar Áth na Foraire fris in fetar-su?' 'Rafetar-sa omm,' bar Ibar. 'Dagláech de Ultaib bís ic foraire & ic forcomét and arná tíset óic nó echtranna i nUltu do fúacra comraic forru, corop é in láech sin conairr comrac dar cend in chóicid uli. Dá ndig dano áes dána fo dímaig a Ultaib{MS folio 65b} & assin chóiciud, corop é conairr
1000] séta & maíne dar cend aenig in chóicid dóib. Dá tí dano áes dána 'sin crích, corop é in fer sin bas chommairge dóib co rrosset colbo Conchobuir, corop siat a dúana-sain & a dréchta gabtair ar tús i nEmain ar ríchtain.' 'In fetar-su cia fil icond áth sain indiu?' 'Rofetar omm,' bar Ibar. 'Conall Cernach curata
1005] comramach mac Amargin, rí láech Hérend,' bar Íbar. 'Tó rouind duit-siu, a maccáin, ar co rísem in n-áth.' Lotar rempu co dreich inn átha i mbaí Conail. 'Airm congab sut?' ar Conall. ''S ed écin,' bar Ibar. 'Rop da búaid & choscur & cétguine sin,' ar Conall, 'acht bad romoch lind ra gabais armu, dáig ar bíth nít ingníma-su
1010] béus dámbad chommairgi ricfad a less intí ticfad sund, ar badat slánchommairgi-siu bar Ultaib uli n-óg & atréstaís maithi in chóicid rit báig.' 'Cid dogní and sin, a phopa Chonaill?' ar in mac bec. 'Foraire & forcomét in chóicid sund, a meic bic,' bar Conall. 'Eirgg-siu dot tig ifechtsa, a phopa Conaill,' ar in mac
1015] bec, '& no léicfe dam-sa foraire & forcomét in chóicid do dénam sund.' 'Nithó, a meic bic,' ar Conall. 'Nídat túalaing comrac ri degláech co se.' 'Ragat-sa sechum fodes didiu,' ar in mac bec, 'co Fertais Locha Echtrand colléic dús in fagbaind mo láma do fuligud for carait nó námait indiu.' 'Rag-sa a meic bic,' ar
1020] Conall, 'dot imdegail arná tiasair th'óenur 'sin cocrích!' 'Nithó,' ar in mac bec. 'Rachat omm,' bar Conall, 'dáig benfait Ulaid form do lécud th'óenur 'sin cocrích.'
Gabtair a eich do Chonall & ro indled a charpat & dochúaid d'imdegail in meic bic. Ó rasiacht Conall ard fri aird fris, demin
1025] leis giano thachrad écht dó, ná lécfad Conall dó a dénam. Gebid lámchloich do lár thalman dárbo lán a glacc. Focheird róut n-urchoir úad ar ammus cungi carpait Conaill coro bris cuing in charpait ar dó co torchair Conall tríit go talmain co ndechaid a máel asa gúalaind. 'Cid and so, a meic?' ar Conall. 'Messi
1030] tarlaic dia fis dús in díriuch m'urchor nó cinnas díbargim etir nó amm adbar gascedaig atamchomnaic.' 'Neim ar th'urchur & neim fort féin. Cid do chend fácba lat námtiu ifesta, nicon tías dot imdegail níba siriu.' ''S ed sin conattecht-sa foraib,' ar ésium, 'dáig is geis dúib infar nUltaib techt dar éclind infar
1035] carptib.' Tánic Conall fothúaid arís co Áth na Foraire ar cúlu.
Imthúsa in meic bic dochúaid-se fodes co Fertais Locha Echtrand. Baí and co tánic deired dond ló. 'Dá lammais a rád frit, a meic bic.' ar Ibar, 'ropa mithig lind techt co hEmain{MS folio 66a} ifechtsa, dáig ro gabad dáil & raind & fodail i nEmain á chíanaib & fail inad urdalta
1040] lat-su and di cach lóu rodicfa bith eter dá choiss Conchobuir, & ní fail lim-sa acht bith eter echlachu & oblóire tigi Conchobuir. Mithig lim-sa techt do imscrípgail friu.' 'Geib lat dún ind echrad didiu.' Gebid in t-ara in n-echraid & luid in mac issin carpat. 'Aile a Ibair, gá tulach and in tulach sa thúas innossa?' ar in mac bec. 'Sliab
1045] Moduirn sin innossa,' ar Ibar. 'Ocus gia findcharn sút i mmullaig in tslébe?' 'Findcharn dano Slébe Moduirn,' ar Ibar. 'Aile is aíbind in carn út,' ar in mac bec. 'Óebind omm' bar Ibar. 'Tair roind, a maccáin, co rrísam in carn út.' 'Aile at fer saignesach-su lista atchíu,' for Ibar, 'acht is é seo mo chétfeht-sa lat-su. Bud é mo fecht
1050] dédenach co brunni mbrátha mad dá ríus Emain óenfecht.' Lotar co mullach na taulcha araí. 'Maith and, a Ibair,' ar in mac bec, 'tecoisc-siu dam-sa Ulaid ar cach leth dáig ním eólach-sa i crích mo phopa Conchobuir etir.' Tecoscis in gilla dó Ulaid ar cach leth úad. Tecoiscis dó cnuicc & céti & tulcha in chóicid ar cach
1055] leth. Tecoscis dó maigi & dúne & dindgnai in chóicid. 'Maith and sin, a Ibair,' ar in mac bec, 'gia mag and in cúlach cernach ochrach glennach sa ruind aness?' 'Mag mBreg,' bar Ibar. 'Tecoisc-siu dam-sa déntai dindgnai in maige sin.' Tecuscais in gilla dó Temair & Taltiu, Cleittech & Cnogba & Brug Meic inn Óóc
1060] & Dún mac Nechtain Scéne. 'Aile nach siat na meic Nechtain sin maídes nach mó fail 'na mbethaidd'Ultaib andá a torchair leó-som díb?' 'Siat ómm,' bar in gilla. 'Tair romuind co dún mac Nechtain,' ar in gilla bec. 'Mairg atbir ón omm!' bar Ibar. 'Is fis dún conid mór in bert baísi a rád. Gibé dig,' bar Ibar, 'níba
1065] missi.' 'Ragaid do beo nó do marb,' ar in mac bec. 'Is mo beo ragas fades,' ar Ibar, '& mo marb fócebthar icon dún rofetar .i. oc dún mac Nechtain.'
Lotar rempo connice in dún & tarmlaing in mac assin charput forind faithche. Amlaid boí faithchi in dúnaid & corthi furri & id
1070] iarnaidi 'na thimchiull & id niachais éside & ainm n-oguim 'na menoc. Ocus is é ainm boí and: Gipé tísed in faidche, diamba gascedach, geis fair ar thecht dind faidchi cen chomrac n-óenfir do fúacra. Airlégais in mac bec in n-ainm & tuc a dá rigid 'mun coirthi, mar boí in coirthi cona id. Tarlaic sin linnid co toracht tond taris.
1075] 'Andar lind,' ar Ibar, 'ní ferr sin ná a bith i fail i rraba, & rofetamar fogéba forin faidchi se aní 'coa taí iarair don chur sa .i. airdena báis & éca & aideda.' 'Maith a Ibair, córaig fortcha in charpait & a fortgemni dam{MS folio 66b} coro thurthaind cotlud bicán.' 'Mairg atbeir ón ám,' ar in gilla, 'dáig is crích bidbad so & ní faidchi airurais.'
1080] Córaigis in gilla fortcha in charpait & a fortgemne. Taurthais in gilla bec cotlud forind faidche.
And sain tánic mac do maccaib Nechtain forin faidchi .i. Fóill mac Nechtain, 'Ná scuir na eochu itir, a gillai,' ar Fóill. 'Ní
1085] 'Cóichi na eich sin etir?' for Fóill.' Dá ech Conchobuir,' ar in gilla, 'na dá chendbricc.' ''S í sin aichni dobiur-sa forru. Ocus cid tuc na eocho sund co hor cocríchi?' 'Máethmaccáem congab armu lind,' ar in gilla. 'Tánic co hor cocríchi do thasselbad a delba.' 'Nírop do búaid nó choscur ón,' ar Fóill. 'Dia fessaind
1090] combad ingníma, is a marb ricfad fathúaid arís co hEmain & níbad a béo.' 'Ní ingníma omm,' bar Ibar, 'ní comadas gid a rád ris etir. Isin tsechtmad bliadain arna breith don fail.' Conúargaib in mac bec a gnúis ó thalmain & tuc a láim dara gnúis & doringni rothmol corcarda de ó mulluch co talmain. 'Isam ingníma omm,'
1095] ar in mac bec. 'Docho lim ná 'ráda duit nídat ingníma.' 'Bid docho duit acht condrísem forsind áth, acht eirg-siu ar cend t'arm dáig atchíu is midlachda tánac, ar ní gonaim aradu nó echlacha nó aes cen armu.' Bidcais in fer sain ar cend a airm. 'Cóir duit arechus dúin fris sút, a meic bic,' ar Ibar. 'Ced ón écin?' ar in
1100] mac bec. 'Fóill mac Nechtain in fer atchí. Ní ngabat renna nó airm nó faebair itir.' 'Ní rum-sa is chóir duit-siu sain do rád, a Ibair,' ar in mac bec. 'Dobér-sa mo láim fón deil ciiss dó .i. fón n-ubull n-athlegtha n-íarnaide, & tecéma i llaind a scéith & i llaind a étain & béraid comthrom inn ubaill dá inchind tria chúladaig co
1105] ndingne retherderg de fria chend anechtair combat léiri lésbaire aeóir triana chend.' Tánic immach Fóill mac Nechtain. Tuc-som a láim fón deil cliss dó & focheird róut n-urchair úad co tarla i llaind a scéith & i llaind a étain & berid comthrom inn ubaill dá inchind tria chúladaig co nderna retherderg de fria chend anechtair
1110] comba léir lésbaire aeóir triana chend, & tópacht-som a chend dia méde.
Tánic in mac tánaise immach arin faidchi, Túachall mac Nechtain. 'Aile atchíu commaídfide lat sain,' ar Túachall. 'Ní maídim limm chétus óenláech do marbad.' 'Ní maídfe-su ón afechtsa dáig
1115] dofaíthaisiu limm-sa.' 'Tó duit-siu ar cend t'arm dáig is midlachda tánac.' Bidgais in fer sain ar cend a arm. 'Cóir duit arechus dúin risiút, a meic bic,' bar Ibar. 'Cid són?' ar in mec bec. 'Túachail mac Nechtain in fer atchí. Meni arrais din chétbulli nó din chéturchur nó din chéttadall ní arrais etir chaidche a
1120] amansi & a airgigi non imrend im rennaib na n-arm.' 'Ní rim-sa is rátti sin, a Ibair,' ar in mac bec. 'Dobér-sa mo láim fón manaís murnig Conchobuir, fón cruísig neme. Tecéma 'sin sciath
1125] Níba teg legis nó othrais úaim-se dó co bruinne mbrátha.' Tánic Túachall mac Nechtain immach arin faidchi & focheird in mac bec a láim fón manaís Conchobuir dó & dorecgmaing 'sin scíath ósa broind & brúis trí asna isin taíb ba siriu úad ar tregdad a chridi 'na chlíab. Benaid-sium a chend de riasiu sessed dochum talman.
1130] And sin tánic immach sósar na clainde forsin faidche .i. Faindle mac Nechtain. 'Is báeth in lucht condránic frit and sin,' ar Fandle. 'Cid ón?' ar in mac bec. 'Tair sechut sís arin lind bail ná ró do choss lár.' Bidgais Fandle reme forin lind. 'Cóir duit arechus dúin risiút, a meic bic,' bar Ibar. 'Cid ón écin?' ar in mac bec. 'Fandle
1135] mac Nechtain in fer atchí. Is de dia tá in t-ainm fair, mar fandaill nó mar íaraind imthéit muir. Ní chumgat snámaigi in talman ní dó.' 'Ní rim-sa is chóir sin do rád, a Ibair,' ar in mac bec. ''S aichnid duit-siu ind aband fil ocuind i nEmain, Kalland. Tráth nos immet in maccrad do chlessaib cluchi furri úair nach foísam
1140] in lind, berim-se maccáem cechtar mo dá dernand tarsi and sin & maccáem cechtar mo dá gúaland, & ní fliuchaim fadesin gid mo adbrunnu fóthu.' Condránic dóib forind lind & furmid in mac bec a rigthi tharis co tarla in muir aird fri aird fris & dobretha tathulbéim do chlaidiub Conchobuir dó & tópacht a chend dá médiu. Ocus
1145] léicis in colaind lasin sruth & dobretha a cend leis.
Lotar isin dún iar tain & ra airgset in cathraig & ra loiscset connárbdar airdiu a déntai andát a immélaig. Ocus imsóiset rempu i Slíab Fúait & dobrethsat trí cind mac Nechtain leó.
Confaccatar in n-alma do aigib alta rempu. 'Cóchit na innili
1150] imda imdíscire, a Ibair', ar in mac bec. 'Pettai sút nó inn aigi chena?' 'Aige chena omm,' bar Ibar. 'Almai d'aigib alta sain bít i ndiamraib Sléibi Fúait.' 'Saig brot dún forsin n-echraid dús ar co nn-ársimmís ní díb.' Saigis in t-ara brot forin n-echraid. Ní chaemnactar eich roremra ind ríg in damrad do chomaitecht.
1155] Luid in mac bec assin charput & gebis dá n-ag lúatha látiri díb. Cenglais d'fertsib & dfithisib & d'iallaib in charpait.
Lotar rempu co forodmag na hEmna co 'mafaccatar in n-elta do gésib gela seccu. 'Cóichi and na eóin sin, a Ibair?' ar in mac bec.
1160] Ibar, 'Elta do gésib sin tecait di chlochaib & carrgib & ailénaib in mara móir immuich do geilt for maigib & rédib Hérend.' 'Cia bad irdarcu a mbeó sút do rochtain Emna nó a mmarb, a Ibair?' ar in mac bec. 'Airdarcu a mbeó' omm, bar Ibar, 'dáig ní cách conairg na eóin beóa do gabáil.' And sain dobretha in mac ceird
1165] mbic forru. Fostaid ocht n-eóno díb. Ocus dobretha ceird máir iar sain & fastaid sé eóin déc díb. Cenglais do fertsib & d'fithisib & iallaib & d'folomnaib & tétaib in charpait. 'Tuc lat na eónu, a Ibair,' ar in mac bec. 'Tú-sa i ndulig,' ar Ibar. 'Cid són écin?' ar in mac bec. 'Fail a mórabba dam. Dianom glúasiur itir assin
1170] magin i tú, nom thescfat roith iarnaide in charpait re feramla & fertsigi & fortressi céimmi inna hechraide. Dánam luur itir dano, nom thollfat & nom thregtaifet benna na n-aigi.' 'Aile nít fírlaech- su béus, a Ibair,' ar in mac bec, 'dáig in fégad fégfat-sa forna echaib, ní ragat assa certimthecht. In tincud tincfat forsna haigib,
1175] cromfait a cinnu ar m'ecla & ar m'úamain, & fó duit-siu gid dia mbendaib no chingthe.'
Lotar rempo co ráncatar Emain. Is and sin rathaigis in Leborcham íat. Ingen-saide Aí & Adairce. 'Óencharptech sund,' for Leborcham, '& is úathmar thic. Cind a bidbad fordergga 'sin
1180] charput aice. Eoin áille óengela ic imuarad aice 'sin charput. Aige altamla anríata i cengul & chrapull & chuibrech & charcair aice. Ocus meni frithálter innocht é, dosfaíthsat óic Ulad leis.' 'Roda-fetammar in carptech sin,' ar Conchobor, 'in gilla bec, mac mo sethar, dochóid co hor cocríche, ro derg a láma, & ní doíthanach
1185] comraic, & meni frithálter dano, dofaíthsat óic Emna uili leis.' Ocus ba sed in chomairle ra cruthaiged leó in bantrocht da lécud immach do saigid in meic .i. trí coícait ban .i. deich mnáa & secht fichit díscir derglomnocht i n-óenfecht uili & a mbantóesech rempo, Scandlach, do thócbáil a nnochta & a nnáre dó. Táncatar immach
1190] in banmaccrad uile & túargbatar a nnochta & a nnáre uile dó. Foilgid in mac a gnúis forru & dobretha a dreich frisin carpat arná acced nochta nó náre na mban. And sain ro irgabad in mac bec isin charput. Tucad i trí dabchaib úaruscib é do díbdud a ferge. Ocus in chétna dabach i tucad in mac bec, ro díscaíl dá cláraib &
1195] dá circlaib amal chnómaidm imbi. In dabach tánaise configfed durnu di. In tres dabach fer fos foilnged & fer ní foilnged etir.
And sain tíagait fergga in meic for cúlu & conácbad a thimthach immi. Táncatar a delba dó{MS folio 68a} & doringni rothmól corcra de ó mulluch co talmain. Secht meóir cechtar a dá choss & secht meóir
1200] cechtar a dá lám, & secht meic imlessan cechtar a dá rígrosc iarum & secht ngemma de ruthin ruisc fo leith cech mac imlesan díb. Cethri tibri cechtar a dá grúad: tibri gorm, tibri corcra, tibri úane, tibri buide. Coíca urla fégbuide ón chlúais go 'cheile dó amal chír mbethi nó amal bretnasa bánóir fri taul ngréne. Máel glé find fair
1205] mar bó ataslilad. Brat úanide imme, delg n-argait indi. Léni órsnáith immi. Ocus ra sudiged in mac eter dá choiss Conchobuir & ro gab in rí ic slíachtad a maíle.
Mac bec doringni na gníma sin i cind a secht mbliadan arna breith, barroscart na curaid & na cathmílid ris torcratar dá trian
1210] fer nUlad & ná fúaratar a dígail forro ná co n-érracht in gein sin chucu, nocorb éicen machtad nó ingantus de giano thísed co hor críche, gana marbad fer nó dís nó triur nó chethrur in aim inat slána secht mbliadna déc de for Táin Bó Cúalnge.
Conid innisin do macgnímaib Con Culaind sin for Táin Bó Cúalnge,
1215] ocus remthús in sceóil & na sliged & imthechta in tslúaig a Crúachain connici sin.
In scél fodessin is ní and fodechtsa.Táncatar cethri ollchóicid Hérend arnabárach dar Cruind .i. Sliab sair. Luid Cú Chulaind ríam remáin rempu conarnaic fri
1220] araid Órláim meic Ailella & Medba ro baí oc Tamlachtain Órláib fri Dísert Lochad atúaid. Buí ic buing na fertas carpait culind issin fid. 'Amae, a Láeig,' ar Cú Chulaind, 'is tarpech in mod do Ultaib más iat benas in fid fón samlaid se ar cind fer nHérend, & airis-siu sund bic co fessur-sa cia benas in fid fón samlaid se.'
1225] Luid Cú Chulaind iarum conarnaic frisin n-araid. 'Cid dogní-siu sund, a gillai?' ar Cú Chulaind. 'Itú-sa ém,' ar in gilla, 'oc boing na fertas carpait culind sund dáig ar bíth ro mebtatar ar carpait inné ic taffund na hailiti urdairce út .i. Con Culaind, & ar bíth t'óclachais-siu, a óclaích, congain lim-sa nacham thair in Cú
1230] Chulaind urdairc sin.' 'Roga duit, a gillai,' ar Cú Chulaind, 'a n-imtheclamad nó a n-imscothad nechtar de.' 'Dogén a n-imtheclamad dáig is assu.' Forrópart Cú Chulaind fora n-imscothad,& nos tairnged tria ladraib a choss & a lám i n-agid a fíar & a fadb co
1235] conná tairised cuil forru tráth nos léiced úad. And sin nod fégand dano in gilla. 'Dar lim ám ale, ní h'opair chóir dombiurt-sa fort-su itir. Cóich thussu itir?' bar in gilla. 'Is missi in Cú Chulaind airdairc atbertais-siu imbuarach.' 'Ro mairc-se ón ém,' ar in gilla, 'darochar deside co bruinni mbrátha.'{MS folio 68b} 'Nád bia etir, a gillai,'
1240] ar Cú Chulaind, 'ar ní gonaim aradu nó echlachu nó áes gan armu. Is cia airm i tá do thigerna-su chena ale?' 'Aracút tall forin fertai,' ar in gilla. 'Dó duit-siu connice & urtha co robud dó & ar dogné fatchius, dáig dia condrísam, dofáeth lem-sa.' Luid iar sain in t-ara do saigid a thigerna, & cid lúath condránic in gilla,
1245] lúathiu conarnic Cú Chulaind & tópacht a chend de Órláb, & turcbais & tasbénais do feraib Hérend in cend.
'S and sin táncatar trí meic Árach barsin n-áth ic Ard Chiannacht i n-herus Con Culaind, Lon & Úalu & Díliu. MasLir & MasLaig & MasLethair anmand a n-arad. Is aire condeochatar sin i comdáil
1250] Con Culaind dáig ba immarcraid gním leó doringni in lathe reme forro .i. dá mac Nera meic Nuatair meic Thacáin do marbad ic Áth Gabla, Órláb mac Ailella & Medba do guin dano & a chend do thaisselbad d'feraib Hérend. Coro gontais-sium Coin Culaind fón samlaid sin & go ructaís a chend leó i taisselbad. Lotar fón fid &
1255] ro bensat trí fidslatta findchuill i llámaib a n-arad condrístais a sessiur i n-óenfecht gliaid fri Coin Culaind. Impádar Cú Chulaind friu & benais a sé cinnu díb. Torchratar meic Árach samlaid la Coin Culaind.
Tánic dano Lethan fora áth for Níth i crích Conailli Murthemne do chomruc fri Coin Culaind. Barrópart forsin n-áth. Áth Carpait
1260] a chomainm inn átha áit mal connairnechtatar dáig conmebdatar a carpait ic imthrutt isinn áth. Is and sin focera Mulchi forsin taulaig eter na dá n-áth. Conid de dá tá Gúalu Mulchi dano béus. Is and sin dano condránic Cú Chulaind & Lethan & dofuit Lethan fri Coin Culaind & tópacht a chend dia méde forsin áth & nad
1265] n-ácaib leis .i. fácbais a chend la cholaind. Conid de atá in t-ainm forsinn áth ó sain .i. Áth Lethan i crích Conailli Murthemne.
And sain táncatar crutti Caínbili ó Ess Rúaid dá n-airfitiud. Indar leó-som rapo da thascélad forro ó Ultaib & rucsat in tslúaig tafond dírecra i fat forro co ndechatar i ndelbaib oss n-alta
1270] úadib icna corthib ic Lííc Móir, ar giarsa Chruitti Caínbili atberthea friu, batir fir co mórfiss & go mórfástine & druídecht iat.
And sain bágais Cú Chulaind port i faicfed Meidb dobérad chloich furri & níbad chían ó lethchind. Fír dó-som. Port indas facca Meidb, focheird chloich assa thabaill furri coros ort in petta
1275] n-eóin buí fora gúalaind fri áth aniar. Luid Medb dar áth sair & dobretha cloich assa thabaill furri béus goro ort in petta togmalláin baí fora gúalaind fri áth anair. Conid Méide in Togmaill & Méde ind Eóin a n-anmand na n-inad sin béus, conid Áth Srethe comainm ind átha dara sredestar Cú Chulaind in cloich assa thabaill.
1280] Táncatar cethri ollchóiceda Hérend arnabárach. Gabsat ar argain Maigi Breg & Maigi Murthemne. Ocus tánic gérmenma géribrach{MS folio 69a} Con Culaind dá aiti, do Fergus. Ocus atrubairt fri firu Hérend faitchius in n-aidchi sin dáig ar bíth dosficfad Cú Chulaind, & a formolad i fus doridisi amal ra scríbsam remaind, & dorigni laíd:
Aithle na laíde sin: Is hé in lá cétna tánic in Dond Cúalnge co crích Margín & coíca samseisci immi de samascib, & foclassa búrach dó - is inund són & focheird úir dá lúib taris. Is é in lá cétna
1285] Damb ró Cú Chulaind Cúalnge
ria curadaib Cráebrúade.
Beti fir i fuilib de
d'argain Maige Murthemne.
- Dochúaid-sium turus ba sía
1290] go ránic slébi Armenia.
Ralá ág dara aiste,
ra chuir ár na Cíchloiste.
- Ba handsu dó meic Nechtain
do chur assa prímlepthaib,
1295] cú na cerda -ba mod n-áig -
do marbad cona óenláim
- Nochom thá ní rádim de
im dála meic Deichtere,
is sí mo chobais, ní gó,
1300] co corrossid dob anró.
1305] Temair Chúalnge ic brith robuid don Dund Chúalnge ria feraib Hérend, & ro gab acá acallaim & is ed asbert: 'Maith, a thrúaig a Duind Chúalnge,' ar in Mórrigu, 'déni fatchius dáig ar bíth dotroset fir Hérend & not bérat dochum longphoirt meni déna faitchius.' Ocus ro gab ic breith robuid dó samlaid & dosbert na
1310] briathra sa ar aird:
'Nach fitir dub dusáim. dal na inderb. esnad fiacht. fiacht. fiacht nad cheil. cuardait námait do thuaithbregaib binde ar tánaib tathaib rún. rafiastar dúib danis murthonna fer forglas forláib lilasta áeb agesta in mag meldait. slúaig scothníam buidb
1315] bógeimnech febdair fiach fir nairm rád n-inguir crúas Cúalnge có icat do bás mórmaicne féc muintir ar n-éc muntire do námait écaib.'
Tánic iarum Dond Cúalnge. Urtha reme go Glend na Samaisce i Sléib Chulind & coíca samaisce leis dia samascib.
1320] Aill do búadaib Duind Chúalnge and so .i. coíca samaisce no daired cach laí. Bertís láegu riasin tráth arnabárach & do neoch ná bered lóegu díb, no scaíltis imma lóegu, dáig ní fulngitis compert Duind Chúalnge accu. Ba do búadaib Duind Chúalnge coíca do maccáemaib no bítis ic clessaib cluchi cacha nóna ara cháemdruim
1325] Ba do búadaib Duind Chúalnge cét láech no dítned ar thess & ar uacht ba foscud & ba imdegail. Ba do búadaib Duind Chúalnge ná laimed bánanach nó bocánach nó genit glinni tascud d'óentríchait chét friss. Ba do búadaib Duind Chúalnge crandord dogníd cacha nóni ic tiachtain ar ammus a liss & a léis & a machaid, ba leór ceóil &
1330] airfiti dond fir i túasciurd & i ndesciurd & in n-etermedón tríchait: chét Cúalnge uili in crandord dogníd cacha nóna ic tiachtain dó ar ammus a liss & a léis & a machaid.
Conid ní de búadaib Duind Chúalnge in sin.
Dollotar na slúaig iarum im ailib & im airtraigib críchi Conaille
1335] Murthemne arnabárach, & rádis Medb ara tarta amdabach do scíathaib ósa cind nachas díburged Cú Chulaind de chnoccaib nó chétib nó thulcaib. Ocus trá ní roacht Cú Chulaind guin nó ath-forgab for feraib Hérend im chríchaib im ailib im artraigib Conaille Murthemne in lá sain.
1340] Co foítar cethri ollchóiceda Hérend i rRéde Loche i Cúalnge & co ragbatar dúnad & longphort and in n-aidchi sin. Rádis Medb fria cáeminailt comaitechta dá muntir techt ar cend usci oóil & innalta dochum na haba di. Loche comainm na hingene, & dotháet iarum Loche & coíca ban impi & mind n-óir na rígna ósa cind. Ocus foceird Cú
1345] Chulaind{MS folio 69b} cloich assa thabaill furri co rróebriss in mind n-óir í trí & coro marb in n-ingin inna réid. Conid de atá Réde Loche i Cúalngiu. Ba dóig trá la Coin Culaind i n-écmais a fessa & a eólusa ba hí Medb boí and.
Lotar na slúaig arnabárach go ráncatar Glaiss Cruind & barrróbratar
1350] in nGlassi & forfémdetar a techt. Ocus Clúain Carpat comainm in chétinaid áit mal connarnectar. Is de dia tá Clúain Carpat forsin dú sin ar bíth cét carpat ruc in Glassi díb co muir. Rádis Medb fria muntir ar co ndigsed láech díb do fromad na haba. Ocus atraacht óenláech prósta mór di muntir Medba, hÚalu a chomainm,
1355] & gebis nertlía cloche fria ais & dotháet-aide dia fromad na Glassi & focheird in Glaiss for cúlu é, marb cen anmain, a lía fora druim. Rádis Medb ar co tucthá anís & ara claitte a fert & ara túargabtha a lía. Conid de atá Lía Úaland i crích Cúalnge.
Lilis Cú Chulaind co mór dena slúagaib in lá sain ic iarair comraic
1360] & comluind forru & marbais cét láech díb im Róen & im Roí, im dá senchaid na Tána.
Rádis Medb fria muntir ara tíastais i comruc & i comlund fri Coin Culaind. 'Níba messi,' & 'níba mé,' ar cách assa magin. 'Ní dlegar cimmid dom muntir. Giano dlestea, ní mé no ragad i n-agid Con
1365] Culaind dáig ní réid comrac ris.'
Táncatar na slúaig fri táeb na Glassi dáig fosrémdetar a techt go ráncatar airm i táet in Glassi assin tslíab, & dámbad áil dóib, bacóistís eter in Glassi & in slíab acht ní arlacair Medb, acht in slíab do chlaidi & do letrad rempi combad ail & combad athis for
1370] Ultaib, & conid Bernais Tána Bó Cúalnge ainm in inaid ó sain dáig taris rucad in táin iar tain.
Gabsat cethri ollchóiceda Hérend dúnad & longphort in n-aidchi sin ic Bélut Aileáin. Bélat Aileáin a ainm connici sain, Glend TáiI immorro a ainm ó sain ara mét ra thálsat na halma & na immirgi
1375] a loim & a lacht and do feraib Hérend. Ocus Líasa Líac ainm aile dó, ar is de atá in t-ainm fair ar is and ro sáidset fir Hérend léss & machad dia n-almaib & dia n-immirgib.
Táncatar cethri ollchóiceda Hérend co ráncatar inní co Sechair. Sechair a ainm na aband co sin. Glass Gatlaig a ainm ó sain. Is
1380] de dano atá in t-ainm furri úair ba i ngataib & róoib tucsat fir Hérend a n-alma & a n-immirgi tarsi & léicset na slúaig uile a ngait & a róe lasin nglais iar tíachtain tarsi. Is as sain ainm Glassi Gatlaig.
Táncatar cethri ollchóiceda Hérend co ragbatar dúnad & longphort i nDruim Én i crích Conaille Murthemne in n-aidchi sin & gabais
1385] Cú Chulaind acond Ferta i lLergga 'na fírfocus in n-aidchi sin. Ocus cutlaigis & bertaigis & crothais Cú Chulaind a armu in n-aidchi sin co n-ebailt cét láech din tslúag ar gráin & ar ecla & ar úamun Con Culaind. Rádis Medb fri Fiachu mac Fir Aba di Ultaib ar co ndigsed d'acallaim Con Culaind do brith choma dó. 'Ciarso choma
1390] no bértha dó?' for Fiachu mac Fir Aba. 'Ní handsa.' ar Medb. 'Imdéntar leis do neoch ro milled d'Ultaib coro ícthar friss feib as dech atbérat fir Hérend. Feiss i Crúachain do grés dó, fín, & mid do dáil{MS folio 70a} fair & tíchtain im géilsine-se & i ngélsine Ailella dáig is sochru dó andás beith i ngélsine ind ócthigerna icá tá.'-Conid sí
1395] bríathar is mó gén & tarcassul ro ráided for Táin Bó Cúalnge .i. ócthigern do dénam din chúicedach is dech buí i nHérind .i. di Chonchobur.
Tánic iarum Fiachu mac Fir Aba do acallaim Con Culaind. Ferais Cú Chulaind fáilti fris. 'Tarissi limm.' 'Tairisi duit-siu
1400] ón.' 'Dot acallaim tánac ó Meidb.' 'Cid dobertais latt?' 'Imdéntar latt anro milled d'Ultaib coro ícthar frit feib as dech atbérat fir Hérend. Feiss i Crúachain dait, fín & mid do dáil fort, & tíchtain i ngélsine Ailella & Medba dáig is sochru dait andás bith i ngélsine ind ócthigerna icá taí.' 'Nithó omm,' ar Cú Chulaind. '
1405] Ní recfaind-se bráthair mo máthar bar ríg n-aile.' 'Ocus ar co tís co moch imbárach i n-erus Medba & Fergusa co Glend Fochaíne.'
Luid iarum Cú Chulaind co moch arnabárach co Glend Fochaíne. Dotháet dano Medb & Fergus 'na chomdáil. Ocus tincais Medb ar Coin Culaind & cessis a menma fair in lá sain dáig ar bíth ní mó ná
1410] mod maccaím lée atacaemnaic. 'Inn é sút in Cú Chulaind airdairc atberi-siu, a Ferguis?' ar Medb. Ocus ra gab Medb ar acallaim Fergusa & dorigni laíd:
- Más é ucain in Cú cain
itirid-si infar nUltaib,
1415] ní thabair a thraig fri tend
ná dingaib d'feraib Hérend.
- Cid óc in Cú sin atchí
imriada Mag Murthemni,
ní tabhair fri talmain traig
1420] ná dingba ar galaib óenfir.
- Berar coma úan don láech,
mad dia tí taris is báeth,
leth a bó dó is leth a ban
& clóechládh sé a gasced.
1425] Fó lim gana chlóthar úaib
in Cú din Murthemni múaid,
ní hecal ria ngním ngarb nglé
rafetar más éside.
M.
'Acaltar úait Cú Chulaind, a Ferguis,' ar Medb. 'Nithó,' ar
1430] Fergus, 'acht acall-su fessin é,' for Fergus, 'dáig ní cían etruib immun glend sund, im Glend Fochaíne.' Ocus forfópart Medb for acallaim Con Culaind & dorigni laíd:
- A Chú Chulaind cardda raind,
dingaib dín do chrantabaill,
1435] ron báid-ne do gleó garb glé
ror briss is ror búaidre.
- A Medb do Múr mac Mágach,
nídam drochláech dimbágach,
noco tréciub duit frim ré
1440] immáin Tána Bó Cúalnge.
- Mad dia ngabtha-su úanni,
a Chú chomramach Cúalngi,
leth do bó & leth do ban
rot biad dáig is ecengal.
1445] Dáig is mi re recht rubad
ársid imdegla Ulad,
noco géb co tartar dam
cach bó blicht, cach ben Gáedel.
- Is romór a nad-maíde
1450] ar cur áir ar ndegdaíne,
formna ar n-ech is formna ar sét
araí óenfir d'imchomét.
- A ingen Echach Find Fáil,
nídam maith-se oc immarbáig,
1455] acht cidam láech-sa-líth nglé-
att úaitte mo chomairle.
- Ní athis duit na 'tbere,
a meic drongaig Dechtere,
is robladach duit-siu in raind,
1460] a Chú chomramach Culaind.
A.
Aithle na laíde sin: Níra gab Cú Chulaind nach comai conaittecht fair. Ra díscaílset immon nglend fón samlaid sin & balotar ass tria chomfeirg di leith for leth.
Gabsat cethri ollchóiceda Hérend dúnad & longphort trí lá & trí
1465] aidche ic Druim Én i Conaille Murthemne. Acht níro sádit sosta nó pupla & ní dernad praind nó tomaltus leó & níra canait ceóil ná arfiti leó na trí aidchi sin, & no marbad Cú Chulaind cét láech cach n-aidchi díb co solustráth n-érgi arnabárach. {MS folio 70b}'Níbat búana ar slúaig fón samlaid seo,' ar Medb, 'dia mmarbad Cú Chulaind cét
1470] láech cach n-aidche úan. Cid ná berar coma do & nach acaltar úaind é?' 'Ciarso choma sain?' ar Ailill. 'Berar 'n-as blicht dond alaid dó & 'n-as dáer na braiti & cosced a chranntabaill d'feraib Hérend & léiced écin cotlud dona slúagaib.' 'Cia ragas frisin coma sin?' ar Ailill. 'Cia,' bar Medb, 'acht Mac Roth ind echlach.' 'Ní
1475] rag omm,' bar Mac Roth, 'dáig nírsa eólach etir & ní fetar gia airm inda fil Cú Chulaind.' 'Iarfaig do Fergus,' ar Medb, 'is dóig a fiss lais.' 'Ní fetar-sa ém,' ar Fergus, 'acht óen ba dóig lem a bith eter Fochaín & muir ic lécud gaíthe & gréne fóe ar nemchotlud na aidchi arráir ic slaide & ic áirdbe in tslúaig a óenur.' Fír dó-som sain.
1480] Ferais tromsnechta in n-aidchi sin corbo chlárfind nó corbo clárenech uili cóiceda Hérend don tsnechtu. Ocus focheird Cú Chulaind de na secht cneslénti fichet cíardai clárda bítis fo thétaib & rifetaib fria chnes arnacha ndechrad a chond céille tráth doficfad a lúth láthair. Ocus legais in snechta trícha traiged ar cach leth
1485] úad ra méit brotha in míled & ra tessaidecht cuirp Con Culaind, &
'Óenláech cucaind, a Chúcúcáin,' for Láeg 'Cinnas láech?' ar Cú Chulaind. 'Gilla dond drechlethan álaind. Bratt dond
1490] derscaigthech immi, bruthgae umaidi 'na brut. Tarbléni trebraid fria chness. Dá bernbróic etera dá choiss is talmain. Mátadlorg findchuill issindara láim. Claideb lethfáebair co n-eltaib dét 'sind láim anaill dó.' 'Aile a gillai,' ar Cú Chulaind, 'comartha n-echlaige sin. Cia d'echlachaib Hérend sin do imlúad athisc & irlabra frim-sa.'
1495] Doroacht Mac Roth iarum co ránic airm i mbáe Láeg. 'Ciarsat comainm céli-siu, a gillai?' ar Mac Roth. 'Am chéli-se ind óclaíg út túas,' ar in gilla. Tánic Mac Roth cosin magin i mbaí Cú Chulaind. 'Cia